Crainn agus Fásra ar Mhaoin Iarnróid
Bainistiú Crann agus Fásra
Tá os cionn 4,000Km de theorainn le bainistiú ag Iarnród Éireann agus na mílte crann ag fás in aice leis an iarnród. Is í an tosaíocht atá againn ná iarnród sábháilte a oibriú do na líon mór úsáideoirí idirchathracha agus comaitéara a bhíonn ag brath ar ár seirbhísí ar bhonn laethúil. Leis seo bíonn gá le crainn agus fásra a ghearradh siar feadh theorainn an iarnróid toisc go bhféadfaidís comharthaí a chr faoi cheilt agus cur le greamaitheacht íseal iarnróid. Déanaimid ár ndícheall comhairle a thabhairt do chónaitheoirí áitiúla, ar dócha go mbeidh tionchar aige orthu, sula ndéanfar na hoibreacha sin mura bhfuil gá leis an obair ar chúiseanna sábháilteachta oibriúcháin práinneacha.
Iarratais ó Chónaitheoirí maidir le Gearradh Fásra/Crann
Chun úsáid éifeachtúil acmhainní a chumasú, bainistíonn Iarnród Éireann rialú ar fhásra ar bhonn tosaíochta thar fhaid réamh-chinnte de theorainn iarnróid. Níl sé indéanta freagra a thabhairt ar an líon mór iarratasóirí tí aonair maidir le rialú fásra. De ghnáth ní dhéanfar rialú fásra maidir le saincheisteanna mar seo a leanas: airde crann, scáthú solais nó fáiltiú teilifíse. Mar sin féin, má mheastar i measúnú gairmiúil go bhfuil fásra ina riosca sábháilteachta don iarnród nó do thríú páirtí, glacfar céimeanna réasúnacha chun an riosca a mhaolú.
Is féidir le húinéirí réadmhaoine atá in aice leis an iarnród aon fhásra nó brainsí atá ag dul thar a gcuid maoine a ghearradh siar. Nuair is cosúil go mbeidh tionchar ag aon bhaint fásra den sórt sin ar an iarnród, ba cheart d'úinéir na maoine teagmháil a dhéanamh linn roimh an obair ag community.liaison@irishrail.ie