Páirceáil ag Stáisiúin Iarnród Éireann
Ag Páirceáil inár Stáisiúin Traenach
Tá áiseanna páirceála carranna ag os cionn 80 faoin gcéad de stáisiúin traenach Iarnród Éireann | Irish Rail. D'fhéadfadh roinnt carrchlóis a bheith saor in aisce, tá cuid acu á mbainistiú ag an gcomhairle áitiúil, ach is carrchlóis faoi bhainistíocht APCOA cuid mhór dár gcarrchlóis.
Is féidir leat áiseanna páirceála a sheiceáil roimh thaisteal ag ár rannóg Eolas faoin Stáisiún, trí do stáisiún roghnaithe a ionchur agus trí scrollú síos chuig Naisc Páirceála agus Iompair.
Bainfear Meaisíní Íoc agus Taispeáin APCOA de charrchlóis Iarnród Éireann | Irish Rail sna seachtainí amach romhainn. Tá 4 shlí ann ag custaiméirí atá ag páirceáil ag carrchlóis stáisiúin bainistithe APCOA chun íoc as páirceáil:
- Is é an Aip APCOA Connect an bealach is simplí le híoc. Chun an aip APCOA Connect a íoslódáil tabhair cuairt ar an Apple Store le haghaidh iPhone nó Google Play Store le haghaidh Android
- Is féidir páirceáil a cheannach trí shuíomh gréasáin APCOA Connect
- Scan an cód QR atá ar phóstaeir sa charrchlós. Tabharfaidh sé seo chuig leathanach íocaíochta tú do do stáisiún
- Ceannaigh páirceáil ó Mheaisíní Díola Ticéad i stáisiúin
Ba cheart do chustaiméirí a roghnaíonn íoc as páirceáil ag TVManna a chinntiú chun uimhir chlárúcháin cheart na feithicle a ionchur chuig an TVM. Ní bheidh ort filleadh ar do charr chun an ticéad páirceála a thaispeáint mar cuirfear ionchur uimhir chláraithe na feithicle don TVM leis an gcóras APCOA.
Tá na rátaí páirceála seo a leanas i bhfeidhm agus páirceáil á ceannach ag carrchlóis Iarnróid Éireann atá á mbainistiú ag APCOA (gan an carrchlós ag Stáisiún Pháircbhealach Bhóthar na hUaimhe atá faoi úinéireacht phríobháideach san áireamh).
Stáisiún | In aghaidh na huaire | Laethúil (24 uair) | Seachtainiúil | Míosúil | Bliantúil |
---|---|---|---|---|---|
Carrchlóis faoi bhainistíocht APCOA | N/A | €3.50* | €9* | €30* | €360* |
Corcaigh, Stáisiún Uí Chonghaile |
€3* | €8.50* | €30* | €112* | €1,344* |
Stáisiún Cheannt, Gaillimh | N/A | €6.50* | N/A | N/A | N/A |
Stáisiún Cholbaird, Luimneach | N/A | €3.50* | N/A | N/A | N/A |
* Tá muirir SMS ar ráta caighdeánach i bhfeidhm. |
Stáisiún | In aghaidh na huaire | Laethúil (24 uair) | Seachtainiúil | Míosúil |
---|---|---|---|---|
Gach suíomh* | N/A | €4.50 | €11 | €30 |
Corcaigh, Stáisiún Uí Chonghaile agus Stáisiún Heuston |
€3 | €9.50 | €30 | €112 |
Stáisiún Cheannt, Gaillimh | N/A | €6.50 | N/A | N/A |
Stáisiún Cholbaird, Luimneach | N/A | €4.50 | N/A | N/A |
Páirceáil do chustaiméirí faoi mhíchumas ag Stáisiúin Traenach
Féadfaidh sealbhóirí Cead Páirceála do Dhaoine faoi Mhíchumas páirceáil sna bánna páirceála inrochtana ainmnithe saor in aisce - ní mór an cead seo a thaispeáint go soiléir laistigh den fheithicil.
-
An féidir liom m’áit páirceála a athrú go Stáisiún Iarnród Éireann eile?
-
An féidir liom níos mó ná carr amháin a chur le mo Chuntas APCOA?
-
An féidir liom carr eile a pháirceáil seachas an ceann a chláraigh mé agus mé ag déanamh m’áirithint APCOA le haghaidh carrchlós Iarnród Éireann?
-
An féidir liom mo charr a pháirceáil thar oíche i gcarrchlós Iarnród Éireann?
-
An féidir liom mo charr leictreach a pháirceáil saor in aisce ag stáisiún Iarnród Éireann?
-
An bhfuil CBL san áireamh sna táillí páirceála ag carrchlóis Iarnród Éireann?
-
An gá dom clárú le APCOA Connect nó an gcuirfear mo chuid sonraí ó Parkbytext ar aghaidh?
-
Cén dáta a bheidh APCOA Connect ar fáil i stáisiúin Iarnród Éireann?
-
An bhfuil táillí áirithinte i gceist agus mé ag cur páirceála in áirithint ag carrchlós Iarnród Éireann?
-
Conas ar féidir liom íocaíocht a dhéanamh agus mé ag cur páirceála in áirithint roimh ré ag carrchlós Iarnród Éireann?
-
Leis an athrú chuig APCOA, céard a tharlaíonn le m'idirbhearta reatha Parkbytext?
-
Cá háit ar féidir an aip APCOA Connect a íoslódáil?
-
Conas ar féidir liom gearán a dhéanamh maidir le clampáil éagothrom a rinneadh ar réadmhaoin Iarnród Éireann?
-
Conas ar féidir liom mo pháirceáil le hIarnród Éireann a chur in áirithint ar líne le APCOA?
-
Conas ar féidir liom teacht ar mo chód aimsithe páirceála Iarnród Éireann?
-
Conas atá a fhios agam go gur glacadh le m’áirithint páirceála Iarnród Éireann le APCOA?
-
Cé chomh fada roimh mo dháta/m’am taistil a bhféadfaidh mé páirceáil a chur in áirithint roimh ré ag stáisiúin Iarnród Éireann?
-
Cheannaigh mé pas páirceála bliantúil Taxsaver ach níl sé le feiceáil ar APCOA Connect?
-
Clampáladh m’fheithicil ag carrchlós Iarnród Éireann, cad a dhéanfaidh mé anois?
-
An bhfuil m’íocaíocht ar APCOA Connect sábháilte?
-
Cad iad na táillí páirceála chun páirceáil ag carrchlóis Iarnród Éireann?
-
Is mian liom gearán a dhéanamh faoi charrchlós ag stáisiún Iarnróid Éireann, cé leis a dhéanfaidh mé teagmháil?
-
Ba mhaith liom fadhb a thuairisciú maidir le híoc as páirceáil charranna ag stáisiún Iarnróid Éireann?
-
Níl mo chód suímh pháirceála Iarnróid Éireann ag obair?