Iarnród Éireann Comhlánaigh an fhoirm seo agus seol í chun amanna agus ticéid traenach a aimsiú
Ceann Scríbe
Ó
Type
Úsáid na saigheadeochracha ar an méarchlár chun dul tríd an gcineál grúpa
Dáta
Roghnaigh dáta imeachta
Roghnaigh dáta fillte
Am
Paisinéirí

Paisinéirí

Roghanna

cathaoir rothaí deilbhín Úsáideoirí cathaoireach rothaí

Roghnaigh dialóg na n‐úsáideoirí cathaoireach rothaí
Úsáideoirí cathaoireach rothaí

Roghnaigh an Paisinéir/na Paisinéirí a bhfuil an spás cathaoireach rothaí ag teastáil uathu. Nuair atá rogha déanta, ní thaispeántar le cur in áirithint ach seirbhísí ar a bhfuil spásanna do chathaoir(eacha) rothaí, bunaithe ar do rogha Míniú ar Thicéid mír.

passenger-seat icon Dialóg maidir le hÁirithintí Suíocháin Amháin

Dialóg maidir le hÁirithintí Suíocháin Amháin
Áirithintí Suíocháin Amháin

Is rogha é seo do chustaiméirí a bhfuil Pas Saorthaistil, gnáth-thicéad/thicéid b(h)ailí, ticéad séasúrach/ticéid shéasúracha, ticéad/ticéid Coigilteora Cánach nó InterRail acu áit a chur in áirithe ar thraein sa ghnáthghrád. Ba cheart do chustaiméirí a bhfuil gnáth-thicéad bailí acu ach ar mian leo uasghrádú go ticéad sa Chéad Ghrád an rogha seo a úsáid freisin. Le haghaidh tuilleadh eolais téigh chuig an rannán Míniú ar Thicéid mír.

Please select the passenger(s) who require this ticket type

Próiseas Comhairliúcháin Phoiblí Líne DART+ an Iarthair

Tá rannpháirtíocht an phobail ina príomhghné de sheachadadh mórthionscadal bonneagair ar nós DART + Líne Mhaigh Nuad. Tá trí phríomhdheis ann aiseolas a thabhairt ar phróiseas faofa na forbartha scéime agus an Ordaithe Iarnróid mar atá mínithe thíos: 

  • Comhairliúchán Poiblí Uimh.1 An Rogha is Dealraithí a Roghnófar (R3 2020 - An Chéim Reatha) 
  • Comhairliúchán Poiblí Uimh.2 An Rogha Is Fearr (R4 2020)  
  • Tréimhse Comhairliúcháin Reachtúil mar chuid den phróiseas iarratais ar Ordú Iarnróid (R2 2021) 

Tarraingítear aird orthu seo i bhfoirm ghrafach thíos: 

Grafaic lena dtaispeántar rannpháirtíocht an phobail sa phróiseas roghnaithe, dearaidh agus Ordú Iarnróid 

Click link on image for an accessible version of the graph

Glacfar le haiseolas ón bpobal le linn gach céim den fhorbairt dearaidh agus is féidir é a chur isteach trí shuíomh gréasáin an tionscadail, seoladh ríomhphoist, líne fóin nó trí chomhfhreagras i scríbhinn. Le haghaidh tuilleadh sonraí féach an chuid 'Conas páirt a ghlacadh'. 

Tugann Iarnród Éireann cuireadh don phobal páirt a ghlacadh sa phróiseas dearaidh agus tá fáilte roimh gach aiseolas

COVID-19  

Mar gheall ar an bpaindéim Covid-19 cuireadh srian orainn imeachtaí faisnéise poiblí a reáchtáil nó cruinnithe duine le duine a dhéanamh. Táimid ag tabhairt faoi Chomhairliúchán Poiblí digiteach ar an Rogha Is Dealraithí a Roghnófar, ach de réir mar a éascaíonn srianta tá súil againn go mbeimid in ann bualadh le grúpaí pobail agus comhlachtaí áitiúla go pearsanta roimh imeacht faisnéise poiblí (seó bóthair) chun an Rogha is Fearr a chur i láthair san Fhómhar in 2020

Priontáil