Iarnród Éireann Comhlánaigh an fhoirm seo agus seol í chun amanna agus ticéid traenach a aimsiú
Ceann Scríbe
Ó
Type
Úsáid na saigheadeochracha ar an méarchlár chun dul tríd an gcineál grúpa
Dáta
Roghnaigh dáta imeachta
Roghnaigh dáta fillte
Am
Paisinéirí

Paisinéirí

Roghanna

cathaoir rothaí deilbhín Úsáideoirí cathaoireach rothaí

Roghnaigh dialóg na n‐úsáideoirí cathaoireach rothaí
Úsáideoirí cathaoireach rothaí

Roghnaigh an Paisinéir/na Paisinéirí a bhfuil an spás cathaoireach rothaí ag teastáil uathu. Nuair atá rogha déanta, ní thaispeántar le cur in áirithint ach seirbhísí ar a bhfuil spásanna do chathaoir(eacha) rothaí, bunaithe ar do rogha Míniú ar Thicéid mír.

passenger-seat icon Dialóg maidir le hÁirithintí Suíocháin Amháin

Dialóg maidir le hÁirithintí Suíocháin Amháin
Áirithintí Suíocháin Amháin

Is rogha é seo do chustaiméirí a bhfuil Pas Saorthaistil, gnáth-thicéad/thicéid b(h)ailí, ticéad séasúrach/ticéid shéasúracha, ticéad/ticéid Coigilteora Cánach nó InterRail acu áit a chur in áirithe ar thraein sa ghnáthghrád. Ba cheart do chustaiméirí a bhfuil gnáth-thicéad bailí acu ach ar mian leo uasghrádú go ticéad sa Chéad Ghrád an rogha seo a úsáid freisin. Le haghaidh tuilleadh eolais téigh chuig an rannán Míniú ar Thicéid mír.

Please select the passenger(s) who require this ticket type

Beidh Feabhsuithe Móra mar thoradh ar The Big Lift

14 Meán Fómhair 2020

In 2020, déanfar áiseanna ardaitheora a athnuachan nó a uasghrádú ag 12 stáisiún mar chuid d’infheistíocht luach €3.3 mhilliún

In Iarnród Éireann táimid ag infheistiú inár stáisiúin trí uasghrádú The Big Lift. As seo go ceann bliana, beidh athruithe móra á ndéanamh againn trínár n‐ardaitheoirí a ionadú agus a uasghrádú.

Beidh feabhsuithe móra do dhaoine ag a bhfuil fadhbanna soghluaisteachta mar thoradh ar The Big Lift. B’fhéidir go mbeidh orainn cur isteach ar sheirbhísí áirithe anois, ach beidh rochtain bhreise iontaofa ar stáisiúin do gach duine amach anseo mar thoradh ar an obair seo.

Beidh na hardaitheoirí nuashonraithe in 12 stáisiún ar fud chathair agus chontae Bhaile Átha Cliath faoi dheireadh na bliana. Ach tá athruithe móra beartaithe againn, tá 52 stáisiún ar fud an ghréasáin iarnróid a bhfuil sé beartaithe infheistíocht shuntasach a dhéanamh iontu idir seo agus 2024.

The Big Lift

Fad is atá an obair uasghrádaithe ar bun againn, déanfar socruithe chun freastal ar chustaiméirí ag a bhfuil fadhbanna soghluaisteachta lena chinntiú go mbeidh rochtain ar stáisiúin ar fáil ar bhonn leanúnach.

Tá dátaí, suíomhanna agus mionsonraí inrochtaineachta do gach stáisiún Big Lift 2020 le fáil thíos:

Stáisiún Tús na hOibre Críoch na hOibre Socruithe inrochtaineachta i rith na noibreacha:

Mullach Íde

31 Lúnasa

2 Deireadh Fómhair

Tá na traenacha do chustaiméirí óna dteastaíonn rochtain le cur i dtreo ardán 1

Domhnach Bat

2 Meán Fómhair

6 Deireadh Fómhair

Rochtain rampa ar an dá ardán

Ráth Eanaigh

7 Meán Fómhair

9 Deireadh Fómhair

Rochtain rampa ar an dá ardán

Dún Laoghaire

23 Meán Fómhair

25 Samhain

Rochtain ar an ardán ó dheas. Ó thuaidh – úsáid Stáisiún Chuas an Ghainimh, agus aistriú bóthair chuig Dún Laoghaire.

Na Sceirí

23 Meán Fómhair

26 Samhain

Tá na traenacha do chustaiméirí óna dteastaíonn rochtain le cur i dtreo ardán 1

Baile Brigín

23 Meán Fómhair

27 Samhain

Rochtain chuig an ardán Ó thuaidh. Ó dheas: téigh ar bord/tuirling ag Na
Sceirí. Soláthrófar aistriú bóthair idir Na Sceirí agus Baile Brigín.

An Ros agus Lusca

28 Meán Fómhair

30 Deireadh Fómhair

Rochtain rampa ar an dá ardán

Cnoc an tSalainn agus Baile na Manach

30 Meán Fómhair

3 Samhain

Rochtain chuig an ardán Ó thuaidh. Ó dheas: úsáid Stáisiún Dhún Laoghaire.

Cois Bá

5 Deireadh Fómhair

6 Samhain

Úsáid Gabhal Chill Fhionntain nó Bhinn Éadair. Maidir leis na paisinéirí atá ag tuirlingt ag Gabhal Bhinn Éadair, cuir aistriú bóthair ar fáil ó Ghabhal Bhinn Éadair chomh fada le Cois Bá.

Sráid na Teamhrach

26 Deireadh Fómhair

26 Samhain

Úsáid Stáisiún an Phiarsaigh nó Stáisiún Uí Chonghaile

Bóthar Chluain Tarbh

28 Deireadh Fómhair

1 Nollaig

Ba cheart do na paisinéirí tuirlingt ag Stáisiún Uí Chonghaile. Aistriú bóthair idir Stáisiún Uí Chonghaile agus Bóthar
Chluain Tarbh.

Cluain Saileach

9 Samhain

11 Nollaig

Rochtain rampa ar an dá ardán. Cúnamh ar fáil idir ardáin

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait faoi conas cúnamh a eagrú duit féin tabhair cuairt ar ár  leathanaigh faisnéise inrochtaineachta.

Priontáil