Réamháirithint éigeantach chun taisteal ar sheirbhísí iarnróid Idirchathrach go dtí go bhfógrófar a mhalairt
11 Bealtaine 2021
D’fhonn a chinntiú gur féidir cloí le bearta acmhainne COVID-19, ní mór do gach custaiméir Idirchathrach a dticéid a chur in áirithe roimh ré go dtí go bhfógrófar a mhalairt
Molann Iarnród Éireann do chustaiméirí, chun a chinntiú go dtaistealaíonn tú ar an seirbhís a theastaíonn uait, gur cheart do chustaiméirí a dtaisteal idirchathrach a chur in áirithe roimh ré. Áirítear leis seo sealbhóirí pasanna saorthaistil agus ticéid bhailí atá ann cheana.
Ciallaíonn Bearta COVID-19 an Rialtais atá i bhfeidhm i láthair na huaire go bhfuil an acmhainn teoranta go 100% ar gach seirbhís ar bord iarnróid.
Cabhróidh réamháirithint na dticéad don tseirbhís Idirchathrach lena chinntiú go mbeidh an acmhainn atá ar fáil á bainistiú go héifeachtach, agus go mbeidh timpeallacht taistil atá sábháilte agus sláintíoch á cur ar fáil do chustaiméirí. Féach ar an treoir thíos maidir leis na seirbhísí a nglactar leo mar sheirbhísí Idirchathrach.
Is féidir taisteal Idirchathrach a chur in áirithe roimh ré trí úsáid a bhaint as ár bpleanálaí turas, agus tarraingítear aird custaiméirí ar an méid seo a leanas:
- Ná taistil ach mura bhfuil an turas atá le déanamh agat riachtanach, agus seachain buaicuaireanta agus amanna níos gnóthaí más féidir
-
Cuirtear in iúl do chustaiméirí gur féidir suíocháin shannta ar bord na dtraenacha a chur in áirithe ón 11 Deireadh Fómhair 2021
- Tá cumhdaigh aghaidhe éigeantach ar iompar poiblí agus i stáisiúin
Athruithe ar na Téarmaí agus Coinníollacha
Le haghaidh gach áirithint a dhéantar ón 9 Nollaig 2020 ar aghaidh tá ár dTéarmaí agus Coinníollíocha Ar Líne nuashonraithe againn chun deis a thabhairt do chustaiméirí a dticéid a leasú nó a chealú roimh a dturas:
- Ticéad Táille Íseal - Tá do thicéad bailí ar an tseirbhís atá roghnaithe agat. Ceadaítear leasuithe nó cealuithe ar líne suas go dtí 48 uair roimh an turas amach, faoi réir táille 50% móide an difríocht idir na táillí. Ní féidir leasuithe a dhéanamh i ndáil le ticéid atá priontáilte cheana féin.
- Ticéad Leathsholúbtha - Tá do thicéad bailí ar an tseirbhís atá roghnaithe agat. Ceadaítear leasuithe nó cealuithe ar líne suas go dtí 24 uair roimh an turas amach, faoi réir táille 20% móide an difríocht idir na táillí. Ní féidir leasuithe a dhéanamh i ndáil le ticéid atá priontáilte cheana féin.
- Ticéad Leathsholúbtha agus den Chéad Ghrád - Níl do thicéad bailí ach amháin ar an tseirbhís atá roghnaithe agat. Ceadaítear leasuithe nó cealuithe a dhéanamh saor in aisce ar líne suas go dtí 60 nóiméad roimh an turas amach. Ní féidir leasuithe a dhéanamh i ndáil le ticéid atá priontáilte cheana féin.
- Má chuireann tú ticéid shingile in áirithe beidh cead agat do thuras a athrú má athraíonn do chuid pleananna!
- Cosnaíonn ticéid shingile leath an méid airgid a chosnaíonn ticéad fillte, rud a chiallaíonn gur féidir dhá thicéad shingile a chur in áirithint gan níos mó airgid a íoc!
- Chomh maith leis sin, is féidir le sealbhóirí ticéad (e.g ticéid fillte oscailte, ticéid séasúir, pas saorthaistil na Roinne Coimirce Sóisialaí) a n-áirithintí Idirchathrach a chur in áirithe roimh ré i rith na ndátaí seo saor in aisce ar sheirbhísí Iarnród Éireann leis an rogha 'Pas Saorthaistil nó sealbhóirí ticéad bailí' ar an bPleanálaí Turas.
- Tabhair faoi deara maidir le turais a bhfuil aistrithe Luas idir Stáisiún Heuston, Baile Átha Cliath agus Stáisiún Uí Chonghaile, Baile Átha Cliath, i gceist leo, go mbeidh an ghnáth-tháille Luas le híoc. Moltar do chustaiméirí gach cuid dá dturas a chur in áirithe ina n-aonar.
- Táimid ag leanúint le bearta feabhsaithe glantacháin agus sláintithe a chur i bhfeidhm ar thraenacha agus i stáisiúin, agus tá béim ar leith á leagan ar thadhallphointí custaiméirí. Cliceáil anseo le haghaidh sonraí iomlána maidir le taisteal ar an traein i rith COVID-19.
- Tá na seirbhísí lónadóireachta fós ar fionraí ar bord na seirbhísí Idirchathrach, agus tá cosc ar alcól ar gach traein
- Cad iad na seirbhísí a bhfuilimid ag spreagadh réamh-áirithint ina leith? Spreagaimid réamh-áirithint ar Gach Seirbhís Idirchathrach, lena n-áirítear ó stadanna idirmheánacha ar na seirbhísí seo, is é sin:
- Seirbhísí idir Stáisiún Heuston, Baile Átha Cliath agus Corcaigh, Trá Lí, Luimneach, Gaillimh, Cathair na Mart, Port Láirge, lena n-áirítear bordáil ag seirbhísí idirmheánacha
- Seirbhísí idir Stáisiún Uí Chonghaile agus Béal Feirste, Sligeach agus Eorafort Ros Láir, lena n-áirítear bordáil ag seirbhísí idirmhéanacha
- Seirbhísí idir Corcaigh agus Trá Lí, idir Luimneach agus Gaillimh, idir Luimneach agus Baile Uí Bhróithe (trí An tAonach), agus idir Luimneach agus Port Láirge, lena n-áirítear bordáil ag seirbhísí idirmheánacha
- Customers are advised that Ticket Collection Machines or Ticket Vending machines at stations are set to 'ticket collection' only and it will not be possible to buy tickets at the following stations: Ardrahan, Athenry, Craughwell, Gort, Oranmore, Woodlawn, Attymon, Ballinasloe, Clara, Ballina, Foxford, Castlebar, Claremorris, Ballyhaunis, Castlerea, Roscommon. It is mandatory to pre-book your journey online and only pre-booked tickets can be collected.
-
Cad iad na seirbhísí nach dteastaíonn réamh-áirithint ina leith?Seirbhísí a bhfuil a dtúsphointe laistigh de limistéir taistil Chomaitéireachta, lena n-áirítear:
- Seirbhísí DART
- Seirbhís Chomaitéireachta an Tuaiscirt (Dún Dealgan/Droichead Átha go Baile Átha Cliath), Seirbhís Chomaitéireachta an Iarthair (Maigh Nuad/M3 Bealach na Páirce go Baile Átha Cliath), Seirbhís Chomaitéireachta an Iardheiscirt (Port Laoise/Cill Dara go Baile Átha Cliath)
- Corcaigh go Mainistir na Corann, Corcaigh go An Cóbh, Corcaigh go Mala
- An bhfuil tú ag taisteal le rothar?
- Ní mór do chustaiméirí rothar a chur san áireamh dá n-áirithint ar líne más mian leo taisteal le rothar. Is féidir é seo a dhéanamh tríd an leathanach ‘Nithe Breise’. Ní féidir a dhearbhú go mbeidh spás ar bord do rothar mura bhfuil airithint déanta dó ar líne
Is mian le Iarnród Éireann buíochas a ghabháil lena chustaiméirí as a dticéid do sheirbhís Idirchathrach a chur in áirithe roimh ré, agus as a gcomhoibriú leanúnach agus as bearta atá i bhfeidhm i rith COVID-19 a chomhlíonadh.
An Chéad Alt Eile
26 Bealtaine 2021