Iarnród Éireann Comhlánaigh an fhoirm seo agus seol í chun amanna agus ticéid traenach a aimsiú
Ceann Scríbe
Ó
Type
Úsáid na saigheadeochracha ar an méarchlár chun dul tríd an gcineál grúpa
Dáta
Roghnaigh dáta imeachta
Roghnaigh dáta fillte
Am
Paisinéirí

Paisinéirí

Roghanna

cathaoir rothaí deilbhín Úsáideoirí cathaoireach rothaí

Roghnaigh dialóg na n‐úsáideoirí cathaoireach rothaí
Úsáideoirí cathaoireach rothaí

Roghnaigh an Paisinéir/na Paisinéirí a bhfuil an spás cathaoireach rothaí ag teastáil uathu. Nuair atá rogha déanta, ní thaispeántar le cur in áirithint ach seirbhísí ar a bhfuil spásanna do chathaoir(eacha) rothaí, bunaithe ar do rogha Míniú ar Thicéid mír.

passenger-seat icon Dialóg maidir le hÁirithintí Suíocháin Amháin

Dialóg maidir le hÁirithintí Suíocháin Amháin
Áirithintí Suíocháin Amháin

Is rogha é seo do chustaiméirí a bhfuil Pas Saorthaistil, gnáth-thicéad/thicéid b(h)ailí, ticéad séasúrach/ticéid shéasúracha, ticéad/ticéid Coigilteora Cánach nó InterRail acu áit a chur in áirithe ar thraein sa ghnáthghrád. Ba cheart do chustaiméirí a bhfuil gnáth-thicéad bailí acu ach ar mian leo uasghrádú go ticéad sa Chéad Ghrád an rogha seo a úsáid freisin. Le haghaidh tuilleadh eolais téigh chuig an rannán Míniú ar Thicéid mír.

Please select the passenger(s) who require this ticket type

Réamháirithint éigeantach chun taisteal ar sheirbhísí iarnróid Idirchathrach go dtí go bhfógrófar a mhalairt

07 Nollaig 2020

D’fhonn a chinntiú gur féidir cloí le bearta acmhainne COVID-19, ní mór do gach custaiméir Idirchathrach a dticéid a chur in áirithe roimh ré go dtí go bhfógrófar a mhalairt

Meabhraíonn Iarnród Éireann do chustaiméirí go mbeidh sé éigeantach ticéid don tseirbhís Idirchathrach a chur in áirithe roimh ré, le haghaidh gach dáta go dtí go bhfógrófar a mhalairt.

Ciallaíonn Bearta COVID-19 an Rialtais atá i bhfeidhm i láthair na huaire go bhfuil an acmhainn teoranta go 25% ar gach seirbhís ar bord iarnróid.

Cabhróidh réamháirithint na dticéad don tseirbhís Idirchathrach lena chinntiú go mbeidh an acmhainn atá ar fáil á bainistiú go héifeachtach, agus go mbeidh timpeallacht taistil atá sábháilte agus sláintíoch á cur ar fáil do chustaiméirí. Féach ar an treoir thíos maidir leis na seirbhísí a nglactar leo mar sheirbhísí Idirchathrach.

Is féidir taisteal Idirchathrach a chur in áirithe roimh ré trí úsáid a bhaint as ár bpleanálaí turas, agus tarraingítear aird custaiméirí ar an méid seo a leanas:

  • Ná taistil ach mura bhfuil an turas atá le déanamh agat riachtanach, agus seachain buaicuaireanta agus amanna níos gnóthaí más féidir
  • Ní bheidh na suíocháin sannta, agus iarrtar ar chustaiméirí gan suí i suíocháin atá ainmnithe mar shuíocháin theoranta, lena chinntiú gur féidir aird a thabhairt ar scaradh sóisialta
  • Tá cumhdaigh aghaidhe éigeantach ar iompar poiblí agus i stáisiúin

Athruithe ar na Téarmaí agus Coinníollacha

Le haghaidh gach áirithint a dhéantar ón 9 Nollaig ar aghaidh tá ár dTéarmaí agus Coinníollíocha Ar Líne nuashonraithe againn chun deis a thabhairt do chustaiméirí a dticéid a leasú nó a chealú roimh a dturas: 

  • Ticéad Táille Íseal - Tá do thicéad bailí ar an tseirbhís atá roghnaithe agat. Ceadaítear leasuithe nó cealuithe ar líne suas go dtí 48 uair roimh an turas amach, faoi réir táille 50% móide an difríocht idir na táillí. Ní féidir leasuithe a dhéanamh i ndáil le ticéid atá priontáilte cheana féin.
  • Ticéad Leathsholúbtha - Tá do thicéad bailí ar an tseirbhís atá roghnaithe agat. Ceadaítear leasuithe nó cealuithe ar líne suas go dtí 24 uair roimh an turas amach, faoi réir táille 20% móide an difríocht idir na táillí. Ní féidir leasuithe a dhéanamh i ndáil le ticéid atá priontáilte cheana féin.
  • Ticéad Leathsholúbtha agus den Chéad Ghrád - Níl do thicéad bailí ach amháin ar an tseirbhís atá roghnaithe agat. Ceadaítear leasuithe nó cealuithe a dhéanamh saor in aisce ar líne suas go dtí 60 nóiméad roimh an turas amach. Ní féidir leasuithe a dhéanamh i ndáil le ticéid atá priontáilte cheana féin.
  • Socruithe leibhéal 5: Maidir leis na custaiméirí nach mór dóibh a dturas Idirchathrach a chealú nó a leasú mar thoradh ar shocruithe leibhéal 5 bunaithe ag an Rialtas ón 27 Nollaig nó ón 6 Eanáir, ní bheidh táille le híoc agat más mian leat turas a chealú nó a leasú.  Seo a leanas na socruithe atá déanta:
    • Ticéid ísealtáille-sholúbtha, leathsholúbtha nó phriontáilte: Déan teagmháil le Cúram do Chustaiméirí más mian leat áirithint a chur ar ceal.  Sa chás gur mian leat leasuithe a dhéanamh, is féidir leat an ticéad atá agat a úsáid i dteannta le háirithint suíocháin curtha in áirithe tríd an rogha 'Pas Saorthaistil nó sealbhóirí ticéid bhailí' ar an bPleanálaí Turas.
    • Ticéid sholúbtha agus den chéad ghrád: Ceadaítear leasuithe nó cealuithe a dhéanamh ar líne saor in aisce suas go dtí 60 nóiméad roimh an turas amach

       

      • Má chuireann tú ticéid shingile in áirithe beidh cead agat do thuras a athrú má athraíonn do chuid pleananna!
      • Cosnaíonn ticéid shingile leath an méid airgid a chosnaíonn ticéad fillte, rud a chiallaíonn gur féidir dhá thicéad shingile a chur in áirithint gan níos mó airgid a íoc!
      • Chomh maith leis sin, is féidir le sealbhóirí ticéad (e.g ticéid fillte oscailte, ticéid séasúir, pas saorthaistil na Roinne Coimirce Sóisialaí) a n-áirithintí Idirchathrach a chur in áirithe roimh ré i rith na ndátaí seo saor in aisce ar sheirbhísí Iarnród Éireann leis an rogha 'Pas Saorthaistil nó sealbhóirí ticéad bailí' ar an bPleanálaí Turas.
      • Tabhair faoi deara maidir le turais a bhfuil aistrithe Luas idir Stáisiún Heuston, Baile Átha Cliath agus Stáisiún Uí Chonghaile, Baile Átha Cliath, i gceist leo, go mbeidh an ghnáth-tháille Luas le híoc. Moltar do chustaiméirí gach cuid dá dturas a chur in áirithe ina n-aonar.
      • Táimid ag leanúint le bearta feabhsaithe glantacháin agus sláintithe a chur i bhfeidhm ar thraenacha agus i stáisiúin, agus tá béim ar leith á leagan ar thadhallphointí custaiméirí.  Cliceáil anseo le haghaidh sonraí iomlána maidir le taisteal ar an traein i rith COVID-19.
      • Tá na seirbhísí lónadóireachta fós ar fionraí ar bord na seirbhísí Idirchathrach, agus tá cosc ar alcól ar gach traein
      • Céard iad na seirbhísí a bhfuil réamháirithint éigeantach luaite leo?  Tá réamháirithint éigeantach le haghaidh gach seirbhís Idirchathrach, lena n-áirítear stadanna idirmheánacha ar na seirbhísí seo, mar atá:
        • Seirbhísí idir Stáisiún Heuston, Baile Átha Cliath agus Corcaigh, Trá Lí, Luimneach, Gaillimh, Cathair na Mart, Port Láirge, lena n-áirítear bordáil ag seirbhísí idirmheánacha
        • Seirbhísí idir Stáisiún Uí Chonghaile agus Béal Feirste, Sligeach agus Eorafort Ros Láir, lena n-áirítear bordáil ag seirbhísí idirmhéanacha
        • Seirbhísí idir Corcaigh agus Trá Lí, idir Luimneach agus Gaillimh, idir Luimneach agus Baile Uí Bhróithe (trí An tAonach), agus idir Luimneach agus Port Láirge, lena n-áirítear bordáil ag seirbhísí idirmheánacha
      • Céard iad na seirbhísí nach bhfuil réamháirithint éigeantach luaite leo?  Seirbhísí a bhfuil a dtúsphointe laistigh de limistéir taistil Chomaitéireachta, lena n-áirítear:
        • Seirbhísí DART
        • Seirbhís Chomaitéireachta an Tuaiscirt (Dún Dealgan/Droichead Átha go Baile Átha Cliath), Seirbhís Chomaitéireachta an Iarthair (Maigh Nuad/M3 Bealach na Páirce go Baile Átha Cliath), Seirbhís Chomaitéireachta an Iardheiscirt (Port Laoise/Cill Dara go Baile Átha Cliath)
        • Corcaigh go Mainistir na Corann, Corcaigh go An Cóbh, Corcaigh go Mala

      Is mian le Iarnród Éireann buíochas a ghabháil lena chustaiméirí as a dticéid do sheirbhís Idirchathrach a chur in áirithe roimh ré, agus as a gcomhoibriú leanúnach agus as bearta atá i bhfeidhm i rith COVID-19 a chomhlíonadh.

 

Priontáil