Iarnród Éireann Comhlánaigh an fhoirm seo agus seol í chun amanna agus ticéid traenach a aimsiú
Ceann Scríbe
Ó
Type
Úsáid na saigheadeochracha ar an méarchlár chun dul tríd an gcineál grúpa
Dáta
Roghnaigh dáta imeachta
Roghnaigh dáta fillte
Am
Paisinéirí

Paisinéirí

Roghanna

cathaoir rothaí deilbhín Úsáideoirí cathaoireach rothaí

Roghnaigh dialóg na n‐úsáideoirí cathaoireach rothaí
Úsáideoirí cathaoireach rothaí

Roghnaigh an Paisinéir/na Paisinéirí a bhfuil an spás cathaoireach rothaí ag teastáil uathu. Nuair atá rogha déanta, ní thaispeántar le cur in áirithint ach seirbhísí ar a bhfuil spásanna do chathaoir(eacha) rothaí, bunaithe ar do rogha Míniú ar Thicéid mír.

passenger-seat icon Sealbhóir Pas Saorthaistil nó Thicéid Bhailí

Sealbhóir Pas Saorthaistil nó Thicéid Bhailí
Sealbhóir Pas Saorthaistil nó Thicéid Bhailí

Is rogha é seo do chustaiméirí a bhfuil Pas Saorthaistil, gnáth-thicéad/thicéid b(h)ailí, ticéad séasúrach/ticéid shéasúracha, ticéad/ticéid Coigilteora Cánach nó InterRail acu áit a chur in áirithe ar thraein sa ghnáthghrád agus sanntar suíochán atá curtha in áirithe i gcás ina bhfuil sé ar fáil. Ba chóir do chustaiméirí a bhfuil gnáth-thicéad bailí acu ach ar mian leo uasghrádú go dtí an Chéad Ghrád, an rogha seo a úsáid freisin. Le haghaidh tuilleadh eolais téigh chuig an rannán Míniú ar Thicéid mír.

Roghnaigh gach aon phaisinéir a bhfuil an cineál ticéid seo uathu

Ticéad Traenach Ar Líne a Leasú agus a Chealú

Is féidir leis an gcustaiméir ticéid Semi Flexible, Flexible agus First Class a leasú agus a chealú
ar líne ar aon dul leis na rialacha ticéid a bhaineann leo. 

Ní féidir leasuithe agus cealuithe a dhéanamh ach roimh an t-am taistil agus sa chás nach bhfuil
an ticéad/na ticéid priontáilte. Nuair atá an ticéad priontáilte, ní féidir aon athruithe nó aon
leasuithe breise a dhéanamh ar d’áirithint. Chun ticéad a chealú nó a leasú;

  1. Logáil isteach ar 'Mo Chuntas'
  2. Roghnaigh 'Stair Áirithinte' ón roghchlár ar chlé (deasc/ Táibléad) nó úsáid an rogha roghchláir
    ar fhón póca (ar dheis ag an mbarr)
  3. Roghnaigh an áirithint is mian leat a leasú
  4. Roghnaigh ó cheann de na roghanna atá ar fáil atá ábhartha don ticéad nó táille ceannaithe
    ag barr an scáileáin nó úsáid an tsiombail chastaire (ar dheis ag an mbun) má tá gléas
    móibíleach in úsáid agat agus lean na treoracha ar an scáileán.

Níl cuntas agat?

Mura bhfuil cuntas agat is féidir leat an áirithint a rochtain chomh maith trí 'M’Áirithint' ag barr an
leathanaigh agus rogha a haon nó a dó a roghnú chun logáil isteach ar d’áirithint agus an rud
céanna a dhéanamh mar a rinne tú ag céim 4 thuas. . 

Ní féidir leat Áirithint Ar Líne a Leasú nó a Chealú

Murar féidir leat do thicéad ar líne a chealú d’fhéadfadh go mbeadh cúpla cúis leis;

  1. Tá do thicéad priontáilte cheana féin, de réir ár dTéarmaí agus Coinníollacha agus ní
    féidir leat ticéad a leasú nó a chealú nuair atá sé priontáilte
  2. Tá ticéad 'Low Fare' agat, agus de réir ár dTéarmaí agus Coinníollacha ní féidir 'Low
    Fare' a leasú nó a chealú
  3. Tá ticéad 'Semi Flexible' agat agus tá an fhuinneog áirithinte 24 uair an chloig chun
    d’áirithint a leasú nó a chealú caite
  4. Tá ticéad 'Flexible' agat agus tá an fhuinneog áirithinte 90 nóiméad chun d’áirithint a
    leasú nó a chealú caite
Má tá ceist agat nó cúnamh uait, déan teagmháil lenár nIonad Teagmhála Custaiméirí ag (01) 8366 222 . Uaireanta Oscailte: Luan - Aoine 08:30 - 18:00 (seachas Laethanta Saoire Poiblí)
 
Tá na téarmaí agus coinníollacha iomlána a bhaineann le háirithintí le fáil ar ár roinn https://www.irishrail.ie/ga-IE/legal/terms-of-use-privacy-statement-cookie-policy/online-tickets-terms-and-conditions .
Priontáil
Barr