Iarnród Éireann Comhlánaigh an fhoirm seo agus seol í chun amanna agus ticéid traenach a aimsiú
Ceann Scríbe
Ó
Type
Úsáid na saigheadeochracha ar an méarchlár chun dul tríd an gcineál grúpa
Dáta
Roghnaigh dáta imeachta
Roghnaigh dáta fillte
Am
Paisinéirí

Paisinéirí

Roghanna

cathaoir rothaí deilbhín Úsáideoirí cathaoireach rothaí

Roghnaigh dialóg na n‐úsáideoirí cathaoireach rothaí
Úsáideoirí cathaoireach rothaí

Roghnaigh an Paisinéir/na Paisinéirí a bhfuil an spás cathaoireach rothaí ag teastáil uathu. Nuair atá rogha déanta, ní thaispeántar le cur in áirithint ach seirbhísí ar a bhfuil spásanna do chathaoir(eacha) rothaí, bunaithe ar do rogha Míniú ar Thicéid mír.

passenger-seat icon Sealbhóir Pas Saorthaistil nó Thicéid Bhailí

Sealbhóir Pas Saorthaistil nó Thicéid Bhailí
Sealbhóir Pas Saorthaistil nó Thicéid Bhailí

Is rogha é seo do chustaiméirí a bhfuil Pas Saorthaistil, gnáth-thicéad/thicéid b(h)ailí, ticéad séasúrach/ticéid shéasúracha, ticéad/ticéid Coigilteora Cánach nó InterRail acu áit a chur in áirithe ar thraein sa ghnáthghrád agus sanntar suíochán atá curtha in áirithe i gcás ina bhfuil sé ar fáil. Ba chóir do chustaiméirí a bhfuil gnáth-thicéad bailí acu ach ar mian leo uasghrádú go dtí an Chéad Ghrád, an rogha seo a úsáid freisin. Le haghaidh tuilleadh eolais téigh chuig an rannán Míniú ar Thicéid mír.

Roghnaigh gach aon phaisinéir a bhfuil an cineál ticéid seo uathu

Rogha 'Sealbhóir Pas Saorthaistil nó Thicéid Bhailí' a chur in áirithe

Faisnéis Covid 19

Cuirtear in iúl do chustaiméirí gur féidir suíocháin shannta ar bord na dtraenacha a chur in áirithe ón 11 Deireadh Fómhair 2021.

Maidir le taisteal idirchathrach, tá sé éigeantach réamh-áirithint a dhéanamh go dtí go bhfógrófar a mhalairt.

Ba chomhair do Shealbhóirí Pas Saorthaistil an rogha ‘Sealbhóir Pas Saorthaistil nó thicéid bhailí’ a chur in áirithe. 

Is rogha é “Sealbhóir Pas Saorthaistil nó thicéid bhailí’ suíochán a chur in áirithe ar sheirbhís agus a bhfuil ticéad/ticéid acu cosúil le Ticéid Teaghlaigh, Shingil, Fhillte Lae, Sheachtainiúla, Mhíosúla, Bhliantúla, Coigilteora Cánach Míosúil, Coigilteora Cánach Bliantúil, InterRail agus sealbhóirí pas Saorthaistil/scéim saorthaistil DFSA.

Ní ticéad bailí do thaisteal é ‘Suíochán a chur in áirithe' leis féin. Meabhraítear do chustaiméirí go bhfuil
infhaighteacht theoranta d’áirithintí suíocháin ar líne. Chomh maith leis sin, tabhair faoi deara nach féidir ticéid a cheannach ach suas le 90 lá roimh do thuras.

Má tá tuilleadh eolais uait féach ar ár gCeisteanna Coitianta Cá bhfuil eolas faoin bPas Saorthaistil?

Treoir Céim ar Chéim maidir le Suíochán a Chur in
Áirithe

  • Céim 1 - Iontráil do phointe tosaigh agus ceann scríbe sna réimsí 'Ó' agus 'Go dtí', roghnaigh ticéad 'Singil' nó 'Fillte' agus roghnaigh do dháta(í). Roghnaigh an cineál agus an líon paisinéirí a bheidh ag taisteal ar an turas e.g. 2 Dhuine Fásta 1 Mhac Léinn
  • Céim 2 - - Chun suíochán a chur in áirithe roghnaigh 'Suíochán a chur in áitithe' díreach thíos faoi na roghanna paisinéara, agus feicfidh tú mír aníos ar do scáileán. tic taobh le gach paisinéir óna dteastaíonn 'Suíochán a chur in áirithe'. Is do shealbhóirí pas Saorthaistil nó custaiméirí a bhfuil ticéad bailí acu cheana féin ar mian leo suíochán a chur in áirithe ar líne é 'Suíochán a chur in áirithe'. Ní ticéad bailí do thaisteal é “Suíochán a chur in áirithe” agus tá ticéad bailí ag teastáil. Nuair a bhíonn na réimsí riachtanacha ar fad líonta agat roghnaigh 'Lean ar aghaidh'. Ansin gheobhaidh tú liosta iomlán de na seirbhísí atá ar fáil agus taispeánfar an praghas iomlán do gach paisinéir a bheidh ag taisteal, áireofar praghas an tsuíocháin a chur in
    áirithe ann
  • Céim 3 - Roghnaigh an tseirbhís/na seirbhísí is mian leat taisteal orthu trí cheann de na táillí a roghnú agus 'Cuir Ticéid in Áirithe' a roghnú. Má theastaíonn tuilleadh eolais uait, faoi stáisiúin idirmheánacha agus roghanna lónadóireachta mar shampla, roghnaigh an cnaipe 'Taispeáin sonraí'
  • Céim 4- Logáil isteach - Logáil isteach - Má tá cuntas agat le hIarnród Éireann cheana féin ní bheidh le déanamh agat ach do sheoladh ríomhphoist agus pasfhocal a iontráil agus 'Logáil
    isteach' a roghnú. Mura n-oibríonn sé seo roghnaigh an rogha "pasfhocal dearmadta" agus lean na treoracha ar an scáileán. Mura bhfuil cuntas agat is féidir leat leanúint ar aghaidh mar ‘Aoi’ chuig leathanach na 'Sonraí Paisinéirí
  • Céim 5 - Sonraí Paisinéirí- - Sonraí Paisinéirí - Iontráil ainm(neacha). Mura bhfuil cuntas agat, ná bí buartha, is féidir leat clárú do chuntas ar líne trí tic a chur taobh le 'Is mian liom cuntas Iarnród Éireann a chruthú' faoi 'Shonraí custaiméirí'. Nuair a bheidh d’áirithint déanta agat gheobhaidh tú ríomhphost le do phasfhocal. Cinntigh go gcóipeálann agus go ngreamaíonn tú an pasfhocal ón ríomhphost ionas nach ndéanfaidh tú botún nuair a bheidh an pasfhocal á chlóscríobh agat. Is féidir leat do phasfhocal a nuashonrú fao 'Mo Chuntas' más mian leat
  • Céim 6 - Achoimre Íocaíochta - Iontráil do shonraí cárta, léigh agus comhaontaigh leis na téarmaí agus coinníollacha agus ansin cliceáil ar 'Íoc Anois'
  • Céim 7- Deimhniú- Tá tú ag an leathanach deimhnithe anois, déan cinnte go scríobhann tú síos do 'Uimhir Bailithe Ticéid' agus go gcoinníonn tú in áit shábháilte í ionas go mbeidh tú in ann do thicéid a bhailiú. Gheobhaidh tú deimhniú maidir le d’áirithint i dteachtaireacht ríomhphoist chomh maith, ina mbeidh na sonraí luaite. Is féidir leat an áirithint a chur le d’fhéilire anois chun do shaol a dhéanamh níos éasca!
Priontáil
Barr