Find Times and Buy Tickets
Iarnród Éireann Comhlánaigh an fhoirm seo agus seol í chun amanna agus ticéid traenach a aimsiú
Ceann Scríbe
Ó *required
Type
Úsáid na saigheadeochracha ar an méarchlár chun dul tríd an gcineál grúpa
Dáta
Roghnaigh dáta imeachta
Select outbound date dialog
Dáta Imeachta (dd.mm.yyyy)
Roghnaigh dáta fillte
Am

Paisinéirí

1 Paisinéirí Modal Paisinéirí Oscailte<
Roghnaigh dialóg úsáideoirí paisinéirí
Paisinéirí
Eolas Paisinéirí
Áirithint amháin

Pas taistil saor in aisce

Cé atá incháilithe don ticéad seo?

  • Custaiméirí a bhfuil ticéad bailí den Ghrád Oscailte acu
  • Sealbhóirí Saorthaistil/Pas ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí (an RGFCS)

Cad iad na coinníollacha a bhaineann le taisteal?

Is féidir le custaiméirí a bhfuil ticéad/ticéid b(h)ailí den ghnáthghrád acu cheana féin nó a bhfuil ticéid á gceannach acu ar lá an taistil, ar nós Ticéid Teaghlaigh, Singil, Fillte Lae, Fillte Oscailte, Seachtaine, Mhíosa, Bhliana, InterRail agus sealbhóirí pas Saorthaistil suíochán a chur in áirithe ar sheirbhís ar tháille €2.50 an duine gach bealach Cuirtear in iúl do chustaiméirí nach mbíonn ach roinnt áirithe áirithintí suíocháin amháin ar líne ar fáil.

Cá féidir liom an ticéad seo a cheannach?

  • Léigh ár Ceisteanna Coitianta faoi conas áirithint suíocháin amháin a chur in áirithe.

Cá mbailíonn mé an ticéad? 

Is gá paisinéir amháin ar a laghad a roghnú

Le haghaidh tuilleadh eolais ar Thicéid Ar Líne féach le do thoil Eolas Ticéad

Roghanna
Roghnaigh dialóg na n‐úsáideoirí cathaoireach rothaí
Úsáideoirí cathaoireach rothaí

Roghnaigh an Paisinéir/na Paisinéirí a bhfuil an spás cathaoireach rothaí ag teastáil uathu. Nuair atá rogha déanta, ní thaispeántar le cur in áirithint ach seirbhísí ar a bhfuil spásanna do chathaoir(eacha) rothaí, bunaithe ar do rogha

passenger-seat icon Travel Pass or Travel Ticket holder

Travel Pass or Valid Ticket holder dialog
Travel Pass or Valid Ticket holder

Is an option for customers who are in possession of Free Travel Pass, a valid standard class ticket(s), seasonal ticket(s), Taxsaver ticket(s) or InterRail to book onto a train in standard class. Customers who have a valid standard class ticket but wish to upgrade to First Class should also use this selection. For more information go to Tickets Explained section.

Please select the passenger(s) who require this ticket type

Inrochtaineacht Láithreán Gréasáin Iarnród Éireann

Ráiteas Inrochtaineachta Suíomh Gréasáin Iarnród Éireann

Tá Iarnród Éireann tiomanta dá shuímh ghréasáin agus d’fheidhmchláir mhóibíleacha a dhéanamh inrochtana, de réir Rialacháin an  Aontais Eorpaigh (Inrochtaineacht Suíomhanna Gréasáin agus Feidhmchlár Móibíleach san Earnáil Phoiblí) 2020.

Baineann an ráiteas inrochtaineachta seo leis na suíomhanna gréasáin agus feidhmchláir thíos:

  1. Iarnród Éireann Irish Rail - www.irishrail.ie
  2. An aip móibíleach oifigiúil Iarnród Éireann (ar fáil i leaganacha iOS agus Android):

Comhlíonann suíomhanna ghréasáin agus feidhmchláir Iarnród Éireann go páirteach na Treoirlínte um Inrochtaineacht Ábhar Gréasáin 2.1 leibhéal AA , mar gheall ar cheisteanna a liostaítear thíos.

Inrochtaineacht Pleanálaí Turais

D’fhéadfadh fadhbanna inrochtaineachta a bheith ag úsáideoirí na teicneolaíochta cúnta agus iad ag roghnú bunús/ceann scríbe a dturas, roghnú paisinéirí agus dáta/am ar leathanach baile www.irishrail.ie

Ba cheart d’úsáideoirí na teicneolaíochta cúnta a bhfuil deacrachtaí acu úsáid a bhaint as ár bPleanálaí Turais eile a bhfuil leibhéal inrochtaineachta níos airde aige faoi láthair. Tá soláthraí Iarnród Éireann ag obair faoi láthair ar réitigh ar na fadhbanna inrochtaineachta seo a chur i bhfeidhm den Phleanálaí Turais ar an leathanach baile.

Is féidir le húsáideoirí na teicneolaíochta cúnta nó daoine faoi mhíchumas teagmháil a dhéanamh freisin le (01) 8366 222 / 0818 366222 ó 07:00 -19:00 Luan go hAoine (seachas laethanta saoire poiblí) agus 08:00 -18:00 Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh lena n-áirítear Laethanta Saoire Bainc do cúnamh teileafóin le linn úsáid a bhaint as suíomh gréasáin Iarnród Éireann nó chun cabhair a fháil chun áirithint a chomhlánú.

Inrochtaineacht um Fhormáid Doiciméad Iniompartha (PDF)

Tá cuid de PDFanna éagsúla atá ar shuíomh gréasáin Iarnród Éireann dorochtana go páirteach faoi láthair. I measc samplaí de PDFanna dorochtana go páirteach tá (ach gan a bheith teoranta dóibh):

  1. Amchláir PDF de réir stáisiúin agus amchláir de réir bealaigh: Molaimid d’úsáideoirí na teicneolaíochta cúnta úsáid a bhaint as ár bPleanálaí Turais agus iad ag cuardach amanna traenach ar ár suíomh gréasáin mar go bhfuil leibhéal inrochtaineachta níos airde aige seo.
  2. Airde an Droichid: Tá raon leathan íomhánna agus faisnéise sa léarscáil PDF seo agus faoi láthair níl aon rogha eile inrochtana. Tá Iarnród Éireann ag obair lena gcomhpháirtithe inrochtaineachta faoi láthair chun rogha eile inrochtana a fhorbairt seachas PDF Airde an Droichid.
  3. Tuarascálacha Bliantúla Iarnród Éireann: Níl na doiciméid seo inrochtana go hiomlán. Tá obair ar siúl chun feabhsuithe inrochtaineachta a dhéanamh ar na doiciméid PDF seo (foilsithe i ndiaidh Mheán Fómhair 2018 de réir raon feidhme na reachtaíochta).
  4. Níl Ráitis Líonra Iarnród Éireann inrochtana go hiomlán. Tá obair ar siúl chun feabhsuithe inrochtaineachta a dhéanamh ar na doiciméid PDF seo (foilsithe i ndiaidh Mheán Fómhair 2018 de réir raon feidhme na reachtaíochta).

Tá Iarnród Éireann i mbun uas-sciliú agus oideachas a chur ar bhaill foirne maidir le conas PDFanna inrochtana a chruthú trí úsáid a bhaint as uirlisí inrochtaineachta m.sh.,‘Seiceálaí Inrochtaineachta’ in Adobe Acrobat sula bhfoilseofar iad ar an suíomh gréasáin. Tá Iarnród Éireann ag obair freisin chun a chinntiú go mbeidh coibhéis téacs malartach ag PDFanna ar shuíomh gréasáin Iarnród Éireann d’íomhánna, agus go bhfuil struchtúr an tábla laistigh de dhoiciméid PDF loighciúil agus comhleanúnach.

Roghnú Suíocháin

Sainaithníodh fadhbanna inrochtaineachta maidir leis an rogha "Roghnú Suíocháin de Láimh", áit a bhféadfadh deacrachtaí a bheith ag úsáideoirí suímh ghréasáin a suíochán ar bord a roghnú de láimh le linn shreabhadh na háirithinte. Tá Iarnród Éireann ag obair le soláthraí an tsuímh ghréasáin chun na saincheisteanna seo a réiteach. Mar rogha eile, ba cheart d'aon úsáideoir a bhfuil deacracht aige nó aici a suíochán a roghnú de láimh an rogha "Roghnú Suíochán go hUathoibríoch" a úsáid agus áirithint á déanamh aige nó aici ar líne.

Áireamhán Táillí

Tá fadhbanna éagsúla inrochtaineachta ag úsáideoirí na Léitheoirí Scáileáin agus teicneolaíocht cúnta eile ag giuirléid an áireamháin táillí ar leathanaigh éagsúla Táillí Iarnróid agus Faisnéise. Féadfaidh úsáideoirí na teicneolaíochta cúnta nó daoine faoi mhíchumas teagmháil a dhéanamh le (01) 8366 222 / 0818 366222 ó 07:00 -19:00 Luan go hAoine (seachas laethanta saoire poiblí) agus 08:00 -18:00 Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh lena n-áirítear Laethanta Saoire Bainc le haghaidh cúnamh gutháin agus suíomh gréasáin Iarnród Éireann á úsáid nó chun faisnéis faoi tháillí a iarraidh.

Cairteacha Greille Táille

Níl rochtain iomlán ar na cairteacha greille táillí (íomhá ina bhfuil meascán de litreacha agus uimhreacha a chuireann an táille ábhartha in iúl) atá ar fáil d'úsáideoirí ar an leathanach Táillí & Ticéid. Ba cheart d’úsáideoirí léitheoirí scáileáin a bhfuil deacrachtaí acu faoi láthair rochtain a fháil ar an bhfaisnéis faoi tháillí teagmháil a dhéanamh linn trí na bealaí thíos le haghaidh aon fhaisnéis táillí a theastaíonn.

Ba cheart do bhaill den phobal ar mian leo a chur in iúl d’Iarnród Éireann faoi aon teipeanna inrochtaineachta a thagann orthu nó faisnéis a iarraidh faoi nó cúnamh le rochtain a fháil ar aon ábhar nó feidhmiúlacht atá dorochtana, teagmháil a dhéanamh le Roinn Cainéil Dhigiteacha Iarnród Éireann nó leis an Oifigeach Inrochtaineachta trí fhoirm ghréasáin nó trí ríomhphost. access@irishrail.ie.

Féadfaidh úsáideoirí na teicneolaíochta cúnta nó daoine faoi mhíchumas teagmháil a dhéanamh le (01) 8366 222 / 0818 366222 ó 07:00 -19:00 Luan go hAoine (seachas laethanta saoire poiblí) agus 08:00 -18:00 Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh lena n-áirítear Laethanta Saoire Bainc le haghaidh cúnamh gutháin agus suíomh gréasáin Iarnród Éireann á úsáid nó chun faisnéis faoi tháillí a iarraidh.

Fadhbanna Codarsnachta Datha

Aithníodh roinnt fadhbanna codarsnachta datha i dathanna tulra agus cúlra ar shuíomh gréasáin Iarnród Éireann. Tá Iarnród Éireann, faoi threoir ár gcomhairleoirí inrochtaineachta, i dteagmháil le soláthraithe chun a chinntiú go gcomhlíonann an chodarsnacht idir dathanna tulra agus dathanna cúlra tairseacha cóimheas codarsnachta WCAG 2.1 AA.

Aipeanna  

Aibhsíodh fadhbanna áirithe in iniúchtaí inrochtaineachta le déanaí ar aipeanna soghluaiste Iarnród Éireann a bhaineann le codarsnacht dathanna, lipéadú agus uirlisí teicneolaíochta cúnta. Tá soláthraí Aipeanna Iarnród Éireann ag obair faoi láthair ar réitigh a chur i bhfeidhm ar na fadhbanna inrochtaineachta seo laistigh de na hAipeanna soghluaiste.

Grafaicí Téamacha

Foilsíonn Iarnród Éireann grafaicí téamacha éagsúla ar leathanach baile an suíomh ghréasáin chun laethanta saoire an tséasúir a cheiliúradh agus chun imeachtaí náisiúnta a chomóradh, mar shampla leathanach baile ar théama na Nollag le grafaic traenach ag taisteal trasna an leathanaigh baile.

D’fhéadfadh na leathanaigh théamacha seo fadhbanna a chruthú d’úsáideoirí a bhfuil laigí cognaíocha acu. Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Iarnród Éireann ag obair ar chnaipe ‘Sos’ a chur i bhfeidhm a chuirfidh an ghrafaic téamach ar an leathanach ar sos más mian leis an úsáideoir. Moltar d’úsáideoirí shuíomh gréasáin Iarnród Éireann gur leathanaigh mhaisiúla amháin atá sna leathanaigh théamacha seo agus nach bhfuil gá le hidirghníomhú leis na grafaicí sin chun an suíomh gréasáin a úsáid.

Rannán um Fhógra Íocaíochta Socraithe

Aithníodh roinnt fadhbanna inrochtaineachta d’úsáideoirí shuíomh gréasáin Iarnród Éireann ar mian leo Fógra Íocaíochta Seasta a íoc ar líne. Tá Iarnród Éireann, le cúnamh ónár gcomhairleoirí inrochtaineachta, ag plé le soláthraithe chun a chinntiú go réitítear na saincheisteanna inrochtaineachta seo.

Féadfaidh úsáideoirí na teicneolaíochta cúnta nó daoine faoi mhíchumas dul i dteagmháil freisin le (01) 8366 222 / 0818 366222 ó 07:00 -19:00 Luan go hAoine (seachas laethanta saoire poiblí) agus 08:00 -18:00 Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh lena n-áirítear Laethanta Saoire Bainc chun Fógra Íocaíochta Seasta a íoc ar shuíomh gréasáin Iarnród Éireann Irish Rail.

Ticéid QR / Barrachóid

Beidh Ticéid QR á thabhairt isteach ag Iarnród Éireann | Irish Rail do chustaiméirí in 2023. Faoi láthair níl na ticéid PDF seo inrochtana do theicneolaíocht chúnta ar nós Léitheoirí Scáileáin. Tá soláthraí láithreán gréasáin Iarnród Éireann ag obair faoi láthair ar na ticéid PDF seo a dhéanamh inrochtana. Mar rogha eile ar thicéadú QR/PDF, moltar d'úsáideoirí a bhfuil riachtanais inrochtaineachta bhreise acu leanúint ar aghaidh ag baint úsáide as an bpróiseas Comhlíonta Ticéad atá ann anois agus a dticéad a bhailiú ó Mheaisíní Díola Ticéad sa stáisiún.

Léarscáileanna Oidhreachta

Cuireann Iarnród Éireann | Irish Rail i gcomhar le hOllscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (ATU), an Chomhairle Oidhreachta agus heritagemaps.ie sonraí léarscáile stairiúla ar fáil ar an ngréasán Iarnróid agus ar a bhonneagar a théann siar go dtí cruthú an ghréasáin iarnróid in Éirinn. In recent audits, several accessibility issues have been highlighted with this map, and Iarnród Éireann hopes to make an accessible alternative available to website users soon.

Teorainneacha

In ainneoin ár n-iarrachtaí is fearr chun inrochtaineacht ardáin dhigiteacha Iarnród Éireann a chinntiú, d’fhéadfadh teorainneacha áirithe a bheith i gceist. Thuas tá sonraí faoi na teorainneacha atá ar eolas, agus réitigh fhéideartha nó roghanna eile. Déan teagmháil linn le do thoil má thugann tú aird ar fhadhb nach bhfuil liostaithe thuas.

D’ullmhaigh Roinn Cainéil Dhigiteacha Iarnród Éireann an ráiteas seo an 4 Aibreán 2022 tar éis iniúchadh a dhéanamh ar an suíomh gréasáin agus iarratais ag Údarás Náisiúnta Míchumais na hÉireann (NDA).

Rinneadh athbhreithniú ar an ráiteas seo an 29 Márta, 2023.

Gearáin

Gearáin faoin Acht Um Stádas Comhionann 2000 (Uimh. 8 de 2000) agus/nó faoin Acht Míchumais 2005 (Uimh. 14 de 2005)

Más mian leat gearán a chlárú faoin Acht Um Stádas Comhionann 2000 (Uimh. 8 de 2000) nó faoin Acht um Míchumas 2005 (Uimh. 14 de 2005) déan teagmháil le hOifigeach Inrochtaineachta Iarnród Éireann trí fhoirm gréasáin nó seol ríomhphost chuig access@irishrail.ie.

Sonraí Teagmhála

Ba cheart do bhaill den phobal ar mian leo fógra a thabhairt d’Iarnród Éireann faoi aon teipeanna inrochtaineachta a thagann orthu, nó faisnéis a iarraidh nó cúnamh le rochtain a fháil ar aon ábhar nó feidhmiúlacht nach bhfuil inrochtana, dul i dteagmháil le Roinn Cainéil Digiteacha Iarnród Éireann nó leis an Oifigeach Inrochtaineachta trí fhoirm ghréasáin nó seol ríomhphost chuig access@irishrail.ie

Is féidir le húsáideoirí na teicneolaíochta cúnta nó daoine faoi mhíchumas teagmháil a dhéanamh freisin le (01) 8366 222 / 0818 366222 ó 07:00 -19:00 Luan go hAoine (seachas laethanta saoire poiblí) agus 08:00 -18:00 Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh lena n-áirítear Laethanta Saoire Bainc do cúnamh gutháin agus suíomh gréasáin Iarnród Éireann á úsáid.

Cé go bhfuil iarracht déanta againn an láithreán gréasáin Irishrail.ie a dhéanamh inrochtana do gach úsáideoir an láithreáin ghréasáin, d’fhéadfadh roinnt cásanna teacht aníos ina gceapann úsáideoir ar a bhfuil lagú amhairc go bhféadfaí a n-eispéireas a fheabhsú trí bhreiseáin agus gnéithe brabhsálaí a ghiaráil.

Tá an téacs go léir ar an láithreán seo de mhéid choibhneasta agus is féidir é a mhéadú nó a laghdú trí zúmáil réamhshocraithe do bhrabhsálaí a úsáid.

Féach thíos chun teacht ar threoir ar conas do bhrabhsálaí nó córas oibriúcháin a chumrú le haghaidh amharc codarsnachta níos airde ar irishrail.ie.

Google Chrome

Tá an breiseán ardchodarsnachta forbartha ag Google le haghaidh Google Chrome a cheadaíonn don úsáideoir athrú idir réimse stíleanna éagsúla ardchodarsnachta ar láithreán gréasáin ar bith.

Mar rogha air sin, is féidir socruithe Chrome a athrú de láimh trí dhul go dtí chrome://settings/

Firefox

Tá síneadh tríú páirtí ar fáil do Firefox ar a dtugtar cúlra dorcha agus téacs geal a cheadaíonn don úsáideoir athrú idir réimse stíleanna éagsúla ardchodarsnachta ar láithreán gréasáin ar bith.

Mar rogha air sin, is féidir roinnt de na socruithe seo a athrú de láimh trí dhul go dtí about:preferences

Safari

Cuireann Safari cumraíocht theoranta ar fáil laistigh de bhá an bhrabhsálaí trí dhul go dtí Roghanna > Ginearálta

Moltar socruithe inrochtaineachta an chórais oibriúcháin dhomhanda a chumrú, ar féidir amharc orthu trí dhul go dtí Roghanna Córais > Inrochtaineacht

Microsoft Edge and Internet Explorer

Moltar socruithe inrochtaineachta an chórais oibriúcháin dhomhanda a chumrú, ar féidir amharc orthu trí dhul go dtí Socruithe > Éascaíocht rochtana

Is féidir leat a rogha a dhéanamh anseo idir téamaí éagsúla ardchodarsnachta agus socruithe zúmála a athrú.

iOS and Android App

Tá ár bpleanálaí turais, traenacha beo agus léarscáil bheo ar fáil, chomh maith, ar aip Iarnród Éireann le haghaidh iOS agus Android. Cuireann an dá ghléas feidhmiúlacht ó téacs dúchasach go glór ar fáil agus is féidir leis seo cabhrú le húsáideoirí a bhfuil lagú amhairc orthu chun nascleanúint a dhéanamh san fheidhmchlár.

Barr