Muirfin go Trá Rinn na Mara
Is é atá i gceist le Tionscadal Gheataí Mhuirfean go Rinn na Mara ná éadanas uirbeach agus an líne iarnróid ag rith feadh an imeallbhoird. Tá formhór an éadanais sin cosanta, le sraodbhallaí cloiche nádúrtha agus le ballaí mara den chuid is mó. Is dríodar bog an cladach feadh an éadanais sin lena gcruthaítear réileáin idirthaoideacha. Tá an t-iarnród go measartha íseal feadh an éadanais sin agus is í an ghuais is mó ná scaileogú a bhíonn ina chúis le cur isteach agus le damáiste don líne iarnróid. Tá limistéar an tionscadail suite laistigh de roinnt láithreán ainmnithe.
Cuspóirí an Tionscadail
Is iad cuspóirí an tionscadail:
Iarmhairtí an scaileogaithe a laghdú a bhíonn ina chúis le cur isteach ar sheirbhísí agus le damáiste don líne iarnróid.
An Scéim Roghnaithe
Is é atá cuimsithe leis an scéim roghnaithe ná cosaintí reatha a ardú agus a neartú feadh na coda is mó den éadanas. Athraíonn an cur chuige maidir le hairde na gcosaintí a ardú de réir na láithreach mar gheall ar éagsúlacht gheoiméadracht an chladaigh atá ann faoi láthair, an difríocht sa spás atá ar fáil le haghaidh tógála agus na castachtaí a bhaineann le soláthar taitneamhachtaí a choimeád.
Geataí Mhuirfean go Stáisiún Bhaile an Bhóthair
An balla atá ann cheana féin a atógáil le coincréit réamhtheilgthe a bheidh daingnithe ar mhaithe le cobhsaíocht.
Níl an balla atá ann cheana féin oiriúnach lena ardú chun ualú tonnta a sheasamh go ceann na 50 bliain atá le teacht. Déanfar an balla atá ann cheana féin a atógáil ó bharr leibhéal an tsraodbhalla atá ann cheana trí aonaid choincréite réamhtheilgthe a úsáid agus suiteálfar pointí daingnithe talún (ní bheidh siad sin infheicthe) chun an chobhsaíocht a theastaíonn a chur ar fáil. Beidh an balla nua thart ar 1.3m níos airde ná an balla atá ann.
Fíor 1: Radharc léiritheach ar Mhuirfin.
Stáisiún Bhaile an Bhóthair go dtí an Charraig Dhubh
Balla coincréite nua 1.3m ar airde a thógáil ar thaobh na farraige den bhalla saoirseachta atá ann a choinneofar.
Stáisiún Bhaile an Bhóthair
Cuirfear cosaint ar scaileogú ar fáil agus coinneofar na gnéithe rochtana agus taitneamhachta atá ann ag an am céanna. Déanfar an siúlbhealach atá ann ar thaobh na farraige den bhalla mara a ardú agus a fheabhsú. Tógfar balla coincréite nua ar thaobh na farraige den siúlbhealach agus déanfar rochtain ar an gcladach a choimeád. Cuirfear balla coincréite 1.35m ar airde in ionad an fháil a ritheann feadh an ardáin, agus é ardaithe a thuilleadh le gloine thuile 0.9m ar airde.
Fíor 2: Stáisiún Bhaile an Bhóthair
Túr Martello Bhaile Liam
An siúlbhealach a ardú agus a fheabhsú; ballaí coincréite nua ar thaobh na farraige a thógáil agus rochtain ar an gcladach a choimeád.
Stáisiún na Carraige Duibhe Thuaidh
Chun rochtain phoiblí ar an gcladach a choimeád, tógfar balla coincréite nua ar thaobh na farraige de shiúlbhealach ardaithe agus feabhsaithe. Feadh imeall an ardáin tógfar balla coincréite nua 0.5m ar airde mar aon le gloine thuile bhreise 0.8m ar airde a shuiteálfar ar bharr an bhalla.
Stáisiún na Carraige Duibhe
Tógfar ballaí nua taobh na talún agus taobh na farraige ón mballa atá ann cheana féin. Déanfar an siúlbhealach atá ann feadh thaobh na farraige den bhalla mara a ardú agus suiteálfar balla nua ar aghaidh thaobh na farraige den siúlbhealach ardaithe agus feabhsaithe chun cosaint ar scaileogú a chur ar fáil. Tógfar balla cúil feadh líne an fháil atá ann, agus é ardaithe a thuilleadh le gloine thuile feadh ardán an stáisiúin. Coinneofar rochtain phoiblí ar an gcladach.
Fíor 3: Stáisiún na Carraige Duibhe
Láthair Shnámha na Carraige Duibhe
Coinneofar an balla atá ann cheana ach déanfar é a neartú agus a ardú go háitiúil. Bainfear úsáid as geataí tuile ag bearnaí sa bhalla atá ann cheana. Cuirfear tacaí cúil leis chun tacaíocht i gcoinne ualú tonnta a chur ar fáil.
An Charraig Dhubh Theas
An balla mara atá ann a ardú agus balla cúil nua a thógáil feadh líne fhál an iarnróid. Déanfar an limistéar idir an dá bhalla a ardú chun limistéar taitneamhachta feabhsaithe a chur ar fáil.
Stáisiún Rinn na Mara
Déanfar an balla atá ann a ardú faoi suas le 0.9m le balla coincréite ar chruth L lena gcuirfear tacaíocht cúil ar fáil don bhalla atá ann agus lena n-ardófar leibhéal an ardáin
Trá Rinn na Mara Lárnach
Tógfar balla coincréite nua taobh na farraige os cionn siúlbhealach ardaithe agus feabhsaithe os cionn an tsraodbhalla atá ann cheana féin. Cuirfear céimeanna taitneamhachta nua ar fáil taobh na farraige. Cuirfear balla coincréite 1.3m ar airde in ionad an fháil atá ann cheana feadh an iarnróid. Ní dhéanfar oibreacha ar bith ar an mballa atá ann ach ardófar an cosán idir an balla atá ann agus an balla cúil nua.
Trá Rinn na Mara Thoir Theas
Ardófar an balla atá ann faoi thart ar 0.9m agus tógfar balla cúil nua feadh líne an fháil. Ardófar an cosán idir an dá bhalla chun na radhairc a choimeád.
Fíor 4: Radharc léiritheach ar Rinn na Mara
Fíor 5: Radharc léiritheach ar Rinn na Mara ag an 'Bullnose'
Ábhar Úsáideach agus Ábhar is féidir a Íoslódáil
- Preferred Scheme for Merrion Gates to Seapoint Beach Brochure
- Illustrative view of Merrion
- Illustrative view of Booterstown Station
- Illustrative view of Blackrock Station
- Illustrative view of Seapoint
- Illustrative view of Seapoint at the Bullnose
- Blackrock to Seapoint Beach Location Plan
- Merrion Gates to Seapoint Beach Location Plan
- Merrion Gates to Seapoint Beach (Coastal Cell Area 1) Phase 3 Design Report