Níl an rogha seo ar fáil ar an aip ná ar an suíomh gréasáin APCOA Connect. Déan teagmháil le hAonad Tacaíochta do Chustaiméirí APCOA trí r-phost a sheoladh chuig info@apcoa.ie nó trí glaoch a chur ar 0818 462 888 agus beidh siad in ann do pháirceáil a leasú. Má tá tú ag cur glaoch agus tú i dTuaisceart Éirinn nó lasmuigh d’Éirinn: 01 6516900.
Uaireanta Oscailte:
Luan go hAoine: 07:00 - 22:00 (oscailte ag 06:00 go dtí an 23 Feabhra 2018)
Dé Sathairn: 08:00 - 18:00
Is féidir níos mó ná carr amháin a chur le do chuntas APCOA ar an aip nó ar shuíomh gréasáin APCOA Connect, téigh go dtí apcoaconnect.ie le haghaidh tuilleadh eolais.
Is féidir do chlárúchán feithicle a athrú ar feadh tréimhse míosa nó níos faide, ar an aip APCOA Connect nó ar shuíomh gréasáin APCOA.
Taobh amuigh de sin, déan teagmháil le hIonad Tacaíochta do Chustaiméirí APCOA trí r-phost a sheoladh chuig info@apcoa.ie nó trí glaoch a chur ar 0818 462 888 agus beidh siad in ann do pháirceáil a leasú. Má tá tú ag cur glaoch agus tú lasmuigh d’Éirinn: 01 6516900.
Uaireanta Oscailte:
Luan go hAoine: 07:00 - 22:00 (oscailte ag 06:00 go dtí an 23 Feabhra 2018)
Dé Sathairn: 08:00 - 18:00
Is féidir. Tá páirceáil ar fáil ó Luan go Satharn. Is féidir páirceáil a cheannach ach an aip APCOA Connect a íoslódáil.
Ní féidir, seirbhís um roinnt agus filleadh caranna is ea GoCar. Ciallaíonn sé sin go bhfuil sé riachtanach an GoGar a fhilleadh ar an GoBase ónar bhailigh tú é. Is é is cúis leis sin ná a chinnitú go mbeidh an carr ar fáil i gcónaí ag an GoBase ceart nuair a gcuirtear GoCar in áirithint. Mar thoradh, fíor rogha mhalartach ar úinéireacht carra is ea GoCar.
Tá, áirítear CBL leis na táillí páirceála ag carrchlóis de chuid Iarnród Éireann. Tá miondealú mionsonraithe ar na codanna de gach áirithint páirceála a bhfuil cáin ag baint leo le fáil ar an leathanach cuntais ar shuíomh gréasáin APCOA.
Mar gheall ar rialacha um chosaint sonraí ní chuirfear sonraí na gcustaiméirí ar aghaidh go dtí APCOA Connect. Ní mór do gach custaiméir clárú go díreach le APCOA Connect mura mbeidh siad cláraithe cheana féin.
Is féidir an aip APCOA Connect a íoslódáil agus clárú uirthi roimh an 19 Feabhra 2018, ní bheidh tú in ann íoc as táille páirceála i gcarrchlóis Iarnród Éireann roimh an dáta sin, áfach.
Beidh APCOA Connect ar fáil ag carrchlóis Iarnród Éireann ar bhonn céimnithe ag tosú ón Luan 19 Feabhra 2018 amach. Beifear in ann baint a úsáid as APCOA Connect a luaithe is a fheiceann tú a gcuid comharthaí nua. Tar éis an 26 Feabhra 2018, ní bheidh tú in ann íoc as an bpáirceáil i gcarrchlóis de chuid Iarnród Éireann le Parkbytext go deo.
There are no additional charges for booking your car parking with APCOA for an Iarnród Éireann car park.
Is féidir páirceáil a chur in áirithint roimh ré ag apcoaconnect.ie nó leis an aip APCOA Connect. Glacann APCOA Connect leis na cártaí creidmheasa agus cártaí dochair móra ar fad. Téigh do dtí apcoaconnect.ie le haghaidh tuilleadh eolais. 
 
Fanfaidh aon idirbhearta páirceála bailí Parkbytext a shíneann thar 26 Feabhra 2018 (m.sh. TaxSaver nó sealbhóirí pasanna bliantúla), bailí i gcórais APCOA. Más mian leat aon athruithe a dhéanamh ar na sonraí seo tar éis an 26 Feabhra 2018 beidh APCOA in ann cabhrú leat.
Chun an aip APCOA Connect a íoslódáil, téigh ar an Apple Store nó an Google Play Store.
Chun achomharc a dhéanamh i gcoinne fíneála clampála le APCOA téigh go dtí apcoa.ie le haghaidh tuilleadh eolais.
Córas ‘Cláraigh agus Tiomaint’ is ea GoCar. Chun aon GoCar a thógáil amach ar cíos ní mór duit clárú leis an seirbhís GoCar i dtosach. Tá sé éasca clárú! Ní le déanamh ach clárú ar líne ag www.gocar.ie agus an fhoirm a líonadh amach. Iarrfar ort ansin grianghraif nó cóip scanáilte de do cheadúnas tiomána a sheoladh isteach. Má líonann tú isteach an fhoirm ar líne agus má sheolann tú do cheadúnas isteach roimh 4i.n. Luan-Aoine cuirfear do GoCard sa phost ar an lá céanna! A luaithe is a bheidh do GoCard agat féadfaidh tú GoCaranna a chur in áirithint aon áit i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh. Féadfaidh tú GoCar a chur in áirithint idir 5 nóiméad agus 6 seachtainí roimh ré, ag braith ar na caranna atá ar fáil.
A luaithe is a bheidh carr curtha in áirithint agat, féadfaidh tú dul go dtí an GoCar atá roghnaithe agat agus do GoCard a chur suas i gcoinne an ghaothscátha. Fan go dtí go n-osclóidh na doirse agus ansin léim isteach! Cuir do PIN isteach sa chonsól sa lámhainnbhosca, tóg na heochracha agus ar aghaidh leat! Nuair a bheidh tú críochnaithe le do GoCar, tabhair ar ais é ag an GoBase ónar bhailigh tú é, cuir na heochracha ar ais sa lámhainnbhosca agus bí cinnte an carr a chur faoi ghlas le do GoCard.
Is féidir do pháirceáil a chur in áirithint ag apcoaconnect.ie nó leis an aip APCOA Connect. Téigh go dtí apcoaconnect.ie le haghaidh tuilleadh eolais maidir le háirithint a dhéanamh.
Should you have any issues when using GoCar you can contact them on 01 844 1969 or on their website at www.gocar.ie
Code  Car Park Location
0905  Arklow Train Station
0907  Athenry Train Station
0872  Athlone Train Station
0901  Athy Train Station
1546  Bagenalstown Train Station
0507  Balbriggan Train Station
0906  Ballinasloe Train Station
0859  Booterstown DART Station
3277  Boyle Train Station
0857  Bray DART Train Station
0900  Carlow Train Station
0916  Castlebar Train Station
1181  Ceannt Train Station (Galway)
0914  Charleville Train Station
0873  Clara Train Station
0860  Clontarf Road DART Station
1609  Colbert Station Limerick
1135  Collooney Train Station
3223  Connolly Train Station
0896  Coolmine Train Station
0858  Dalkey DART Station
0841  Donabate Train Station
0837  Drogheda Train Station
0836  Dundalk Train Station
0891  Edgeworthstown Train Station
0950  Enfield Train Station
0913  Ennis Train Station
1060  Farranfore Train Station
0902  Gorey Train Station
0842  Gormanstown Train Station
0879  Hazelhatch Train Station
3278  Heuston Train Station
3222  Kent Train Station
0877  Kildare Train Station
0910  Kilkenny Train Station
3225  Killarney Train Station
0861  Killester DART Station
0839  Laytown Train Station
0895  Leixlip Confey
0894  Leixlip Louisa Bridge Station
1075  Limerick Junction Station
0890  Longford Train Station
1635  MacDonagh Junction, Kilkenny
0555  Malahide Dart Station
0915  Mallow Train Station
0893  Maynooth Train Station
0876  Monasterevin Train Station
0892  Mullingar Train Station
0878  Newbridge Train Station
0875  Portarlington Train Station
0874  Portlaoise Train Station
0550  Portmarnock Dart Station
0904  Rathdrum Train Station
0822  Rosslare Europort
0986  Rosslare Train Station
0508  Rush and Lusk Train Station
3252  Sallins Train Station
0840  Skerries Train Station
3202  Sligo (Mac Diarmada) Railway Station
0862  Sutton DART Station
0912  Templemore Train Station
0911  Thurles Train Station
3224  Tralee Train Station
3226  Tullamore Train Station
1069  Waterford Train Station
0917  Westport Train Station
0903  Wicklow Train Station
Nuair a chuireann tú do pháirceáil in áirithint ar an aip APCOA Connect nó ar an suíomh gréasáin gheobhaidh tú teachtaireacht chun d’áirithint a dheimhniú.
Féadfaidh tú do pháirceáil a chur in áirithint roimh ré ag am ar bith roimh do dháta taistil.
Má tharlaíonn timpiste bóthair agus tú ag úsáid GoCar, cuir glaoch ar na Gardaí i dtosach. A luaithe is a bheidh tuairisc iomlán faighte ag na Gardaí, cuir glaoch ar GoCar ar 01 844 1969 nó leis an gconsól sa charr chun iad a chur ar an eolas maidir leis an timpiste. Más gá, seolfaidh siad ionadaí go dtí láthair na tionóisce.
Má tá cead tugtha agat chun do chuid sonraí a chur ar aghaidh chuig APCOA, beidh do chuid sonraí faighte acu. Tá APCOA ag leanúint leis an obair maidir leis na sonraí ar do phas a aistriú faoi láthair, chun go mbeidh sé le feiceáil ar do chuntas APCOA Connect.
Má dhéantar d’fheithicil a chlampáil ag carrchlós Iarnród Éireann, cuirfear doiciméad ar an bhfuinneog le míniú ar conas íocaíocht a dhéanamh agus le sonraí teagmhála. Déan tagairt ar an doiciméad sin.
Tá gach íocaíocht a phróiseáiltear ar APCOA Connect sábháilte.
Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le táillí páirceála ag na stáisiúin, téigh go dtí an Leathanach Páirceála
Agus tú ag bailiú GoCar iarrtar ort breathnú timpeall ar an gcarr. Má thugann tú aon damáiste faoi deara, déan an bhileog tuairiscithe damáiste i ndoras an tiománaithe a sheiceáil. Mura bhfuil tuairisc ar an damáiste ar an mbileog, cuir glaoch ar GoCar ar 01 844 1969 chun iad a chur ar an eolas agus déan an damáiste a mhairceáil sa leabhar.
Níl gá glaoch a chur má tá an damáiste luaite sa leabhar cheana. Féadfaidh tú leanúint le do thuras. Má shroicheann tú GoCar agus tá sé thar a bheith salach, cuir glaoch orthu chun iad a chur ar an eolas agus déanfar iarracht GoCar eile a sholáthar duit más mian leat.
Tá treoirlínte maidir le réiteach fadhbanna liostaithe ar an iatán sa lámhainnbhosca, déan iad sin a léamh i dtosach. Is minic go mbíonn réiteach simplí ar an bhfadhb. Tá gné sábháilteachta breise ag formhór GoCaranna agus bíonn gá an chrág a oibriú go hiomlán sula dtosóidh an t-inneall. Fadhb chomónta eile is ea nuair nach gcuirtear an PIN ceart isteach, i gcás ina gceapann tú go bhfuil an PIN mícheart curtha isteach agat, cuir na heochracha ar ais agus déan an carr a chur faoi ghlas arís le do GoCard. Fán nóiméad nó mar sin agus bain triail as an bpróiseas arís!
Má tá tú fós i bponc ina dhiaidh sin, cuir glaoch ar 01 844 1969 láithreach agus seolfar duine amach chun cabhrú leat más gá sin.
Le haghaidh eolais faoinár bhflít iarnróid Idirchathracha, Comaitéireachta, DART agus Traenach, féach le do thoill ar ár Leathnach flít.
 
Cuirimid fáilte roimh aiseolas ónar gcustaiméirí. Chun aiseolas a sholáthar cuir glaoch ar an Ionad Tacaíochta Custaiméirí APCOA ar 0818 462 888. Calling from outside the Republic of Ireland 01 6516900.
Uaireanna Oscailte:
07:00 - 22:00 Luan go hAoine (oscailte ag 06:00 go dtí an 23 Feabhra 2018)
08:00 -18:00 Satharn
Is é APCOA Connect ár nOibreoir Páirceála agus ba cheart gach saincheist maidir le híocaíocht a dhéanamh a dhíriú chuig APCOA. Cuir glaoch ar Ionad Tacaíochta Custaiméirí APCOA ar 0818 462 888. Más ó lasmuigh de Phoblacht na hÉireann atá tú ag glaoch: 01 6516900.
Uaireanna Oscailte:
Luan go hAoine: 07:00-22:00 (oscailte ag 06:00 go dtí an 23 Feabhra 2018)
Satharn: 08:00 -18:00
Tháinig athrú ar roinnt dár gcód suímh phairceála, féach thíos le do thoil. Don chuid eile dár gcód suímh phairceála, téigh chuig 'Cá bhfaighidh mé mo chód suímh pháirceála Iarnróid Éireann?'
'Cód  Suíomh an Charrchlóis
3277  Stáisiún Traenach Mainstreach na Búille
3223  Stáisiún Traenach Uí Chonghaile
3278  Stáisiún Heuston
3222  Stáisiún Cheannt, Corcaigh
3225  Stáisiún Traenach Chill Airne
3252  Stáisiún Traenach na Solláin
3202  Stáisiún Iarnróid Shligigh (Mac Diarmada)
3224  Stáisiún Traenach Thrá Lí
3226  Stáisiún Traenach Thulach Mhór