Booking Online FAQ
Services are currently blocked for online sale from 13th December onwards as the timetable is only valid until 12th December.
Please check back in the next week or two when services should be bookable online for your travel dates.Tá an próiseas fíordheimhnithe 3D Secure comhtháite gan stró isteach inár bpróiseas cuntair amach ar líne agus de ghnáth ní chuirfidh sé ach cúpla soicind leis an ngnáth-am idirbhirt. Creidimid gur praghas beag é seo le híoc as cosaint mhéadaithe dár gcustaiméirí.
D’fhéadfadh sé tarlú ó am go chéile go mbeidh deacrachtaí ag custaiméirí atá ag déanamh áirithinte le cárta idirnáisiúnta. Ós rud é nach n-úsáideann roinnt cártaí idirnáisiúnta 3D Secure, d’fhéadfadh an banc eisiúna diúltú le hidirbhearta idirnáisiúnta. Más mian leat áirithint a dhéanamh le cárta Meiriceánach, mar shampla, moltar do chustaiméirí a mbanc a chur ar an eolas roimh iarracht a dhéanamh ticéad a cheannach ar irishrail.ie
Cliceáil anseo: Eolas maidir le Ticéid a Bhailiú
Má tá an teachtaireacht seo a leanas ar taispeáint ‘Tá do chóras oibriúcháin as dáta’, beidh ort do chóras oibriúcháin a nuashonrú. Chun fáil amach an leagan atá á úsáid agat;
Windows;
• Oscail ‘Start’ sa chúinne, ag bun thaobh na láimhe clé den scáileán
• Cuardaigh ‘Windows Update’ sa bharra cuardaigh
• Feicfidh tú má tá do bhrabhsálaí as dáta chomh maith leis an leagan atá i bhfeidhm agat ag an am láithreach
• Cinntigh le do thoil go gcomhlíonann do chóras oibriúcháin na riachtanais atá againn agus atá sonraithe inár dtreoir riachtanas
Mac;
• Oscail ‘App Store’
• Cliceáil an táb ‘Updates’ ar an roghchlár barr
• Feicfidh tú an nuashonrú bogearraí atá ar fáil chomh maith leis an leagan atá á úsáid agat faoi láthair
• Cinntigh le do thoil go gcomhlíonann do chóras oibriúcháin na riachtanais atá againn agus atá sonraithe inár dtreoir riachtanas
iOS;
• Oscail ‘Settings’
• Oscail ‘General’
• Oscail ‘About’
• Feicfidh tú an leagan atá i bhfeidhm agat ag an am láithreach
• Cinntigh le do thoil go gcomhlíonann do chóras oibriúcháin na riachtanais atá againn agus atá sonraithe inár dtreoir riachtanas
Android;
• Oscail ‘Settings’
• Oscail ‘About device’
• Oscail 'Software info'
• Feicfidh tú an leagan atá i bhfeidhm agat ag an am láithreach
• Cinntigh le do thoil go gcomhlíonann do chóras oibriúcháin na riachtanais atá againn agus atá sonraithe inár dtreoir riachtanas
Féach ár dtreoir maidir le conas do chóras oibriúcháin a nuashonrú chun tuilleadh eolais faoi a fháil.Níl ticéid den Chéad Ghrád ar fáil ach ar sheirbhísí i gCorcaigh agus ní ar sheirbhísí díreach go dtí Luimneach nó go dtí Trá Lí.
Más ag taistil go dtí/ó Luimneach atá tú, féadfaidh tú leas a bhaint as an gCéad Ghrád idir Gabhal Luimnigh agus Baile Átha Cliath Heuston ar sheirbhísí a bhfuil athrú go dtí traein eile i gceist leo.
Más ag taisteal go dtí/ó Thrá Lí atá tú, féadfaidh tú leas a bhaint as an gCéad Ghrád idir Mala agus Baile Átha Cliath Heuston ar sheirbhísí a bhfuil athrú go dtí traein eile i gceist leo.
Agus ticéad á cheannach, moltar do chustaiméirí gnáth-thicéad a cheannach ó Luimneach nó Trá Lí go dtí/ó Bhaile Átha Cliath Heuston, chun deimhin a dhéanamh de go roghnófar seirbhís a mbeidh aistriú go dtí traein eile i gceist leis. Ansin féadfaidh tú ‘Uasghrádú go dtí an Chéad Ghrád’ a cheannach ag an Stáisiún nó Ar Líne ar phraghas €12.50, chun taisteal sa Chéad Ghrád idir Gabhal Luimnigh nó Mala go dtí/ó Bhaile Átha Cliath Heuston.
Chun an tUasghrádú go dtí an Chéad Ghrád a cheannach ní mór ach ‘Áirithint amháin' a roghnú, agus ‘Lean ar Aghaidh’ a chliceáil. Nuair a bheidh na torthaí críochnaithe ag lódáil, beidh an ‘Uasghrádú Chéad Ghrád’ le feiceáil. Déan deimhin de go roghnaíonn tú an tseirbhís cheanna ó Luimneach nó Trá Lí go dtí/ó Bhaile Átha Cliath Heuston mar a roghnaigh tú i gcéaduairBaineann bainc úsáid as fíordheimhniú 3D Secure chun cosc a chur ar chalaois cárta ar líne. Úsáideann bainc an próiseas chun idirbhearta ar líne a dhéanamh níos sláine. I gcásanna áirithe, ní dhéanann bainc an próiseas fíordheimhnithe ach rachaidh an t-idirbheart ar aghaidh mar is gnáth.
Tá.
Féach ar na nascanna thíos:- www.irishrail.ie/rss/service leis an nasc seo cuirtear fotha RSS ar fáil don leathanach dar teideal seirbhís.
- www.irishrail.ie/rss/news leis an nasc seo cuirtear fotha RSS ar fáil don leathanach dar teideal scéalta nuachta.
- www.irishrail.ie/rss/offers leis an nasc seo cuirtear fotha RSS ar fáil don leathanach dar teideal margaí speisialta.
- www.irishrail.ie/rss/news_service leis an nasc seo cuirtear fotha RSS ar fáil do na leathanaigh dar teideal nuacht agus seirbhís (nuacht agus seirbhís araon le chéile).
Conas do phasfhocal a Athshocrú:
- Click the 'Rest Password' Button in the 'reset my password' email or copy and paste the link provided
- You will then be brought to a 'Create Password' screen.
- Simply enter your new password. Your new password should be a minimum of 8 characters and contain at least one number, one symbol, one capital and one lower case letter, example - Ireland123!
- Cliceáil ar 'Mo Chuntas'
- Cuir isteach do sheoladh r-phoist agus do phasfhocal agus cliceáil ar “Logáil Isteach”
- Ón roghchlár ar thaobh na láimhe clé (ríomhaire deisce/ Táibléad) nó ar an roghchlár anuas (guthán póca) roghnaigh an chuid a bhfuil tú ag iarraidh a athrú agus cliceáil ar “Sábháil”. Gheobhaidh tú teachtaireacht le rá gur athraíodh do chuid sonraí.
- Roghnaigh “Logáil Amach”
Níl Iarnród Éireann comhcheangailte ná bainteach ar aon bhealach eile le forbairt, margaíocht nó dáileadh eile aipeanna a bhfuil baint acu le hIarnród Éireann.
Féach ar an leathanach le haghaidh Forbróirí Aipeanna
- Cás 1 – GACH CÁRTA: Mura bhfuil 3D Secure curtha i bhfeidhm ag d’eisitheoir cárta, leanfar le d’idirbheart íocaíochta mar is gnáth;
- Cás 2a - MASTERCARD: I gcás ina beidh 3D Secure curtha i bhfeidhm ag do bhainc ach nach mbeidh tú cláraithe le haghaidh 3D Secure, beidh 3 iarracht agat dul tríd an bpróiseas 3D Secure – ar an gceathrú iarracht iarrfar ort an t-idirbheart a chríochnú trí pasfhocal 3D Secure a chlárú.
- Cás 2b - VISA: I gcás ina beidh 3D Secure curtha i bhfeidhm ag do bhanc ach nach mbeidh tú cláraithe le haghaidh 3D Secure, ní mór duit an t-idirbheart a chríochnú trí phasfhocal 3D Secure a chlárú – níl dara rogha ann dul thar an gcéim seo.
- Agus tú ag clárú don chéad uair, ní mór duit a dheimhniú gur tusa an sealbhóir cárta trí roinnt ceisteanna slándála a roghnóidh do bhainc a fhreagairt (e.g. sloinne do mháthair roimh phósadh di, teorainn do chárta creidmheasa, d’uimhir CCV, dáta éaga do chárta, i measc ceisteanna féidearthachta eile)
- Má éiríonn leat, roghnaigh pasfhocal 3D Secure, meabhrúchán don phasfhocal agus beannacht phearsanta
- Mura éiríonn leat, ní mór duit glaoch a chur ar an mbanc a d’eisigh do chárta (ag braith ar d’eisitheoir cárta, d’fhéadfadh trí rogha a bheith agat do phasfhocal a chur isteach)
- Leis an mbeannacht phearsanta féadfaidh tú a bheith muiníneach de go bhfuil tú ar shuíomh gréasáin iontaofa agus tú ag déanamh idirbheart 3D Secure ar irishrail.ie nó ar aon shuíomh gréasáin eile a bhfuil 3D Secure i bhfeidhm air.
- Cás 3 – GACH CÁRTA: I gcás ina mbeidh 3D Secure curtha i bhfeidhm ag d’eisitheoir cárta agus ina mbeidh pasfhocal 3D Secure cláraithe agat cheana (ar irishrail.ie nó ar aon shuíomh gréasáin 3D Secure eile), ní mór duit do phasfhocal a chur isteach chun an t-idirbheart a chríochnú. Beidh an bheannacht phearsanta a roghnaigh tú cheana le feiceáil (e.g. fáilte romhat ar ais, a Sheáin) chun a chur in iúl duit go bhfuil tú ar leathanach iontaofa 3D Secure. Má dhéanann tú dearmad ar do phasfhocal, tá rogha ann do phasfhocal a athshocrú. Ag braith ar an eisitheoir cárta, d’fhéadfadh trí rogha a bheith agat an pasfhocal ceart a chur isteach.
- Cás 1 – GACH CÁRTA: Mura bhfuil 3D Secure curtha i bhfeidhm ag d’eisitheoir cárta, leanfar le d’idirbheart íocaíochta mar is gnáth;
Baineann irishrail.ie úsáid as an bprótacal aistrithe hipirtéacs (http) faoi láthair agus suíomh gréasáin iomlán sábháilte iontaofa is ea é. Le linn an phróisis íocaíochta déanfar tú a aistriú ó thimpeallacht ‘http’ go dtí timpeallacht ‘https’ chun go gcuirfear slándáil bhreise ar fáil. Má tá fadhbanna agat áirithint a dhéanamh ar an suíomh trí thimpeallacht do chuideachta, iarr ar do Riarthóir www.irishrail.ie a bhaint ón liosta eisiaimh. Chun áirithint a dhéanamh go díreach i dtimpeallacht ‘https’ bain úsáid as an nasc thíos - https://booking.cf.irishrail.ie
Tá roinnt cúiseanna ann nach mbeidh tú in ann turas atá roghnaithe agat a chur in áirithint. Seo thíos roinnt de na cúiseanna nach bhfuil ticéid ar fáil -
- Tá an t-iarratas ar áirithint á dhéanamh níos lú ná 60 nóiméad sula n-imeoidh an traein.
- D’fhéadfadh sé tarlú nach bhfuil na dátaí sin ar fáil mar gheall ar oibreacha innealtóireachta atá beartaithe. A luaithe is a fhoilseofar an sceideal athbhreithnithe beidh na seirbhísí sin ar fáil arís.
- Wheelchair and Bike Bookings - If there is no wheelchair or bike inventory available on an InterCity service, you will see a message advising that there is no wheelchair or bike availability. Please select another service to continue with your planned booking.
- DART and Commuter Services - The facility to book wheelchair and bike spaces is not possible on DART and Commuter services. If you see the message that no bikes or wheelchairs are available, please proceed to travel without an online booking
- Bicycles are not permitted on DART and Commuter services between 07:00 and 10:00 and between the hours of 16:00 and 19:00 Monday to Friday. Customers can travel with bikes all day Saturday and Sunday.
- Booking outside of 90 day booking window - Services are not bookable online 90 days or more in advance.
- Tá fadhb teicniúla ann leis an gcóras áirithinte.
- Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le hAonad na gCainéal Digiteacha
Má tá fadhbanna agat logáil isteach chun d’áirithint a leasú nó féachaint air, cinntigh go bhfuil tú ag cur an Uimhir Thagartha Áirithinte isteach agus tú ag logáil isteach ar 'm’Áirithint a Bhainistiú'.
Is é 8 ndigit d’uimhir thagartha áirithinte, go ginearálta ag tosú le 6, agus is é 11 dhigit d’Uimhir Bhailithe Ticéad atá i ndeimhniú do ríomhphoist agus úsáidtear í chun do thicéad a bhailiú ó Mheaisíní Díola Ticéad i stáisiúin. Uimhir áirithinte shamplach: '66789123'.
Cinntigh freisin gurb é an seoladh ríomhphoist a chuirtear ar fáil an ceann a úsáidtear nuair atá an áirithint á dhéanamh.
Má tá deacracht fós agat déan teagmháil linn.Níl, faraor. Mar rogha eile, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Ionad Glaonna chun d’íocaíocht a dhéanamh ar an bhfón.
Má tá áirithint déanta agat ar líne agus má bhfuair tú uimhir áirithinte ag deireadh an phróisis íocaíochta, ba cheart go gcuirfear r-phost deimhniúcháin duit laistigh de 60 nóiméad.
Mura bhfuair tú r-phost laistigh den tréimhse ama sin, breathnaigh faoi ‘Turscar’ nó ‘Bruscar’ i do chuntas r-phoist, os rud é go bhféadfadh sé tarlú go bhfuil an r-phost i do bhosca isteach ach cuir cuireadh isteach i gceann de na fillteáin sin faoi thimpiste é.
Téigh go dtí Bainistigh m’Áirithint chun an r-phost deimhniúcháin a athsheoladh.
Mar rogha eile, is féidir do stair áirithintí a sheiceáil ar do chuntas Iarnród Éireann;- Cliceáil ar 'Mo Chuntas'
- Cuir isteach do sheoladh r-phoist agus do phasfhocal agus cliceáil ar ‘Logáil Isteach’
- Ón roghchlár ar thaobh na láimhe clé (ríomhaire deisce nó Táibléad) nó ar an roghchlár anuas (guthán póca) roghnaigh ‘Stair Áirithintí’. Beidh gach áirithint atá déanta agat go dtí seo le feiceáil. Déan nóta den uimhir áirithinte chun go mbeidh tú in ann do thicéad a bhailiú
- Roghnaigh ‘Logáil Amach’
Tabhair faoi deara, má dhéanann tú cuntas a chruthú leis an seoladh r-phoist mícheart, seolfar an ríomhphost deimhniúcháin go dtí an seoladh r-phoist mícheart.
Tá roinnt cúiseanna ann nach mbeidh tú in ann turas atá roghnaithe agat a chur in áirithint. Seo thíos roinnt de na cúiseanna nach bhfuil ticéid ar fáil -
- Tá an t-iarratas ar áirithint á dhéanamh níos lú ná 60 nóiméad sula n-imeoidh an traein.
- D’fhéadfadh sé tarlú nach bhfuil na dátaí sin ar fáil mar gheall ar oibreacha innealtóireachta atá beartaithe. A luaithe is a fhoilseofar an sceideal athbhreithnithe beidh na seirbhísí sin ar fáil arís.
- Wheelchair and Bike Bookings - If there is no wheelchair or bike inventory available on an InterCity service, you will see a message advising that there is no wheelchair or bike availability. Please select another service to continue with your planned booking.
- DART and Commuter Services - The facility to book wheelchair and bike spaces is not possible on DART and Commuter services. If you see the message that no bikes or wheelchairs are available, please proceed to travel without an online booking
- Bicycles are not permitted on DART and Commuter services between 07:00 and 10:00 and between the hours of 16:00 and 19:00 Monday to Friday. Customers can travel with bikes all day Saturday and Sunday.
4. Services are not available for the booking date(s) selected. Please select another date to proceed - Services are not bookable online 90 days or more in advance. Please select a date within 90 days of travel.
5. Technical Issues - There may be a technical issue with our booking system. Please try our alternative Journey Planner if the main Journey Planner is not working as expected.
6. Tickets can only be purchased at the station - At the time of the Journey Planner query, online tickets may not be available to book due to a number of reasons. Online tickets will be made available to book shortly. We would ask customers to be patient and wait for online tickets to become available.Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le hAonad na gCainéal Digiteacha
Má tá uimhir theileafóin neamh-Éireannach á cur isteach agat, déan cinnte, le do thoil, go gcuireann tú do chód diailithe idirnáisiúnta léi - m.sh. as na Stáit Aontaithe cuirtear 001 nó +1 roimh an uimhir fóin.
Is féidir irishrail.ie a úsáid faoi láthair leis na leaganacha is déanaí de na brabhsálaithe seo a leanas: Google Chrome, Mozilla Firefox, Safari agus Internet Explorer.
To see a list of the browsers and operating systems we support click here.
Má fhaigheann tú teachtaireacht le rá go bhfuil do bhrabhsálaí as dáta, déan do bhrabhsálaí a uasdátú go dtí an leagan is déanaí.Má fhaigheann tú an teachtaireacht seo a leanas: 'Your browser is outdated / Tá do bhrabhsálaí as dáta’, ní mór duit do bhrabhsálaí a uasdátú. Chun an leagan atá in úsáid agat a sheiceáil;
- Oscail do bhrabhsálaí
- Cliceáil ar an deilbhín roghanna sa chúinne ar thaobh na láimhe deise i Chrome agus Internet Explorer agus sa chúinne ar thaobh na láimhe clé i Firefox agus Safari
- Ar an roghchlár aníos, cliceáil ar ‘Help’ agus ansin ‘About’
- Taispeánfar duit anseo cén leagan den brabhsálaí atá in úsáid agat faoi láthair
- To see a list of the browsers and operating systems we support click here
Mura bhfuil do bhrabhsálaí ag teacht leis na riachtanais sin, féach ar an treoir maidir le conas do bhrabhsálaí a uasdátú.
Is féidir. Ós rud é nach cártaí pearsanta iad cártaí creidmheasa / íocaíochta comhlachta, déanfar an tseiceáil 3D Secure go huathoibríoch agus ní iarrfar ort pasfhocal 3D Secure a dheimhniú.
Seo thíos roinnt de na buntáistí a bhaineann le Cuntas Iarnród Éireann;
- Is féidir do chuid áirithintí a bhainistiú le logáil isteach simplí
- Is féidir clárúchán a scipeáil
- Cuirfear níos mó roghanna íocaíochta ar fáil
- Is féidir do thuras a uasghrádú go héasca
Ní féidir cuntas a chruthú ach le linn an phróisis áirithinte. Chun cuntas a chruthú roghnaigh “Ba mhaith liom cuntas Iarnród Éireann a chruthú” agus do chuid sonraí pearsanta á gcur isteach le linn d’áirithinte. Gheobhaidh tú r-phost le pasfhocal ar do chuntas ansin.
Clúdófar. Mura bhfuil cárta Seirbhíse Poiblí Saorthaistil agat, cuirfimid cárta Leap agus creidmheas taistil ar fáil duit ar DART don tréimhse trialach.
Is féidir ticéid mic Léinn/Daoine Fásta/Leanaí agus Áirithint Suíocháin Amháin a chur in áirithint ar líne, ag braith ar an soláthar agus i ndáil leis na téarmaí agus coinníollacha atá ag baint le gach ticéad agus táille. Féach ar an treoir céim ar chéim maidir le ceannach ar líne nó ar Eolas maidir le Ticéid Ar Líne le haghaidh tuilleadh eolais.
I gcásanna áirithe amhail mórimeachtaí spóirt ní bheidh ticéid ar fáil ach amháin má chuirtear in áirithint iad agus is gá ticéid a cheannach roimh ré.Is féidir tuilleadh eolais maidir le 3D Secure a fháil ach teagmháil a dhéanamh le do bhainc eisiúna nó leis na suíomhanna gréasáin seo a leanas:
- Verified by Visa - Eolas agus Gníomhachtú
- Verified by Visa - Taispeántas ar conas Verified by Visa a úsáid (Breiseán Flash ag teastáil)
- MasterCard® SecureCode™ – Míniú, Síniú Suas agus Taispeánta
Féach ar an leathanach dar teideal cealú nó leasuithe le haghaidh tuilleadh eolais.
Is féidir áirithint taistil a dhéanamh suas le 90 lá roimh ré ó lá na híocaíochta. Déantar sin le cinntiú go mbeidh na seirbhísí atá roghnaithe agat ag oibriú mar is gnáth.
Tabhair faoi deara nach mbeifear in ann áirithint a dhéanamh ó ar a laghad 90 nóiméad roimh don traein imeacht ón gcéad stáisiúin. (D’fhéadfadh an méid sin athrú gan fógra).
Má diúltaíodh do do chárta, ná bí buartha faoi. Tá roinnt cúiseanna simplí ann gur féidir é sin a shoiléiriú:
- Dhiúltaigh banc eisiúna an chustaiméara ár n-iarratas ar n-airgead
- Cuireadh an uimhir mhícheart chárta isteach
- Cuireadh an CVV/CVC mícheart isteach (3 dhigit dheireanacha ar chúl an chárta)
- Tá dáta éaga an chárta caite cheana féin
- Fuair an custaméir cárta nua ach tá sé fós ag úsáid an seanchárta
- Má dhéantar iarracht iomadúil ag baint úsáide as an gcárta céanna, is féidir linn do chárta a bhlocáil, má tharlaíonn sé seo déan teagmháil linn
Má tá fadhbanna agat fós, is féidir teagmháil a dhéanamh linn anseo.
Is féidir. Ós rud é nach bhfuil cártaí dochair réamh-íoctha bainteach le duine faoi leith, déanfar an tseiceáil 3D Secure go huathoibríoch agus ní iarrfar ort pasfhocal 3D Secure a dheimhniú.
Yes, payments are taken before card verification. The refund is issued automatically if the verification is unsuccessful so the customer doesn’t have to request it.
If the customer received an email with a ref number they should be able to continue the application with those details.
.Níl aon áirithint a rinneadh roimh an 24 Aibreán le feiceáil ar líne. Déan Teagmháil Linn chun na háirithintí a rinne tú roimhe sin a fháil.
Más rud é gur chuir tú sonraí uile do chárta isteach ar an leathanach íocaíochtaí agus go ndeachaigh tú tríd an chuid slán 3D freisin, agus más rud é nár taispeánadh an leathanach dearbhaithe deiridh, agus d’uimhir áirithinte léirithe ann, is féidir leat a sheiceáil an bhfuil d’áirithint déanta i gceart ach na céimeanna seo a leanas a leanúint;
• Cliceáil ar "Mo Chuntas"
• Líon isteach do “Sheoladh R-phoist" agus do “Phasfhocal", cliceáil ar "Logáil Isteach"
• Cliceáil ar "M’Áirithintí". Liostálfar ann na hidirbhearta go léir atá déanta leis an seoladh ríomhphoist sin
• Más rud é gur críochnaíodh an áirithint, beidh sé le feiceáil sa chéad áit ar an liosta
• Mura bhfuil aon áirithintí nua le feiceáil ann, molaimid iarracht a dhéanamh an áirithint a dhéanamh den athuair toisc go mbeadh sé le feiceáil i do chuntas láithreach dá mba rud é gur éirigh leat é a dhéanamh
I gcás nár éirigh leat íocaíocht a dhéanamh le 3D Secure, déan teagmháil leis an mbeolíne díolacháin ag (0)1 836 6222 (idir 8.30-18.00, Luan go hAoine) chun d’íocaíocht a dhéanamh ar an bhfón.
Úsáideann an chuid is mó de Bhainc an AE 3D Secure nó ceann éigin atá cosúil leis i rith an phróisis íocaíochta chun dintiúir an úsáideora a fhíordheimhniú. Má bhíonn fadhbanna agat le d’áirithint ar líne, molaimid duit iarracht a dhéanamh d’áirithint a dhéanamh le cárta dochair/creidmheasa eile, díreach chun an cárta a chur as an áireamh mar fhadhb. Má tá fadhbanna agat fós, déan teagmháil le do bhanc le haghaidh tuilleadh eolais.
Mura bhfuil tú in ann áirithint a dhéanamh ar líne, is féidir teagmháil a dhéanamh lenár Ionad Teagmhála Custaiméirí
Tá réimse leathan roghanna maidir le ticéid againn, lena dtugtar leibhéil éagsúla solúbthachta duit. Le ‘Táille Solúbtha’ is féidir athruithe nó cealú a dhéanamh ar líne suas le 90 nóiméad roimh imeacht mura ndearnadh an ticéad a phriontáil.
Mura mbeidh custaiméirí cinnte maidir lena bpleananna fillte, moltar do chustaiméirí dhá áirithint éagsúla a dhéanamh ós rud é go bhféadfadh dhá chéim an turais a bheith san áireamh ar an ticéad fillte céanna.
Le haghaidh tuilleadh eolais maidir leis na roghanna éagsúla atá ar fáil i ndáil le ticéid, cliceáil anseo: Míniú ar Thicéid
- Cliceáil ar 'Mo Chuntas'
- Cuir isteach do seoladh r-phoist agus do phasfhocal agus cliceáil ar “Logáil Isteach”
- Ón roghchlár ar thaobh na láimhe clé (ríomhaire deisce/ Táibléad) nó ar an roghchlár anuas (ar ghuthán póca) roghnaigh ‘Athraigh Pasfhocal’
- Sa chéad líne ‘Pasfhocal Reatha’ cuir isteach do phasfhocal reatha nó má rinne tú do phasfhocal a athshocrú cuir isteach an ‘Pasfhocal Sealadach’ a cuireadh chugat.
- Sa dhá bhosca dheireanacha ‘Pasfhocal Nua’ agus ‘Pasfhocal Nua Arís’ déan cinnte de go bhfuil do phasfhocal nua ag teacht leis na critéir is gá. Ba cheart go mbeidh ar a laghad uimhir amháin, siombail amháin, ceannlitir amháin agus litir cáis íochtair amháin i do phasfhocal, mar shampla - Éire123!
- Ní mór an pasfhocal céanna a chur isteach sa dhá líne.
- Cliceáil ar ‘Athraigh Pasfhocal, agus mura bhfuil fadhb ann tiocfaidh teachtaireacht glas anuas ag barr an leathanaigh le rá gur athraíodh do phasfhocal.
Más mian leat do phasfhocal a athshocrú, cliceáil ar an nasc thíos

Emails will be issued to applicants with the reason why the verification failed.
Please see our step by step guide on creating an account for more information.
Ag teacht lenár mbeartas GDPR má tá cuntas neamhghníomhach ar feadh 13 mhí, scriostar do chuntas Iarnród Éireann.
Is féidir leat cuntas nua a chur ar bun an chéad uair eile atá tú ag cur in áirithe. Nuair a thagann an rogha chun sonraí do chuntais a chur isteach nó dul ar aghaidh mar chuairteoir, cliceáil ar aghaidh mar chuairteoir agus cuir isteach do chuid sonraí mar is gnách.
Chun cuntas a chur ar bun níl le déanamh ach tic a chur sa bhosca a deir ‘Sea, is mian liom cuntas Iarnród Éireann a chruthú. Is féidir an bosca tic a fháil i ‘Sonraí Pearsanta’ agus faoi ‘shonraí an Chustaiméara’ mar a fheictear sa ghabháil scáileáin thíos. Nuair a bheidh d’áirithint deimhnithe gheobhaidh tú ríomhphost le sonraí do chuntais.
Má bhain tú úsáid as 3D Secure cheana chun táirge no seirbhís a cheannach, iarrfar ort do phasfhocal a chur isteach le linn an phróisis íocaíochta. Beidh cleachta agat ar an bpróiseas sin.
Step by Step guide to booking a ticket for a Wheelchair Users:
- Step 1 - Enter your origin and destination in the 'From' and 'To' fields, select a 'Single' or 'Return' ticket and select your date(s). Select the type and number of passengers travelling on the journey eg 2 Adults 1 Student
- Step 2 - To book a ticket for a Wheelchair user click the ‘Wheelchair users’ option just below the passenger options, a pop-up will appear on your screen. Tick each passenger that requires a 'Wheelchair space'. Select which passenger(s) require a Wheelchair space. If the wheelchair user has a Free Travel Pass they must also select the ‘Seat only reservation’ which is located beside the ‘Wheelchair user’ option. Select each passenger(s) that require this option also. A “Seat only reservation” is not a valid ticket for travel and must be accompanied by a valid ticket. Once you have all the required fields filled out select 'Go'. You will then receive a full list of available services and the total price for all passengers travelling will be displayed, this will include the price of the seat only reservation if this option has been selected
- Step 3 - Choose the service(s) you wish to travel on by selecting one of the fares presented and select 'Book Tickets'. If you are looking for further information like intermediate stations and catering offering, select the 'Show details' button
- Step 4- Select Seats - You can select 'Automatic Seat Selection' or 'Manual Seat Selection'. Manual seat selection will allow you to choose which seat you would like to reserve, Automatic seat selection will choose for you
- Step 5 - Log in - If you have an existing Irish Rail account then you need to enter your email address and password and select 'Login'. If this does not work select "forgotten password" option and follow the instructions on screen. If you don’t have an account you can continue as a ‘Guest’ to the 'Passenger Details' page
- Step 6 - Passenger Details - Enter name(s). If you don't have an account, don't worry, you can register for an online account by simply ticking 'Yes, I wish to create an Iarnród Éireann account' under 'Customer details'. If you dont want to create an Iarnród Éireann continue as a guest. Once your booking is complete you will receive an email with your password, please ensure that you copy and paste the password from the email to avoid making a mistake typing in the password. You can update your password under 'My Account' if you wish
- Step 7 - Payment Overview - Enter in your card details, read and agree to the terms and conditions then click 'Pay Now'
- Step 8 - 3D Secure - You may then be brought to a WorldPay 3D Secure section, if your bank wants to verify the card presented when booking, banks do not always require this step. 3D Secure is a protocol used as an added layer of security for online credit and debit card transactions provided by your bank. This is achieved by adding another authentication step for online payments; a password. They will ask you for your secure password or some other information only you the cardholder should know. If you are not registered for 3D secure you will be presented with an option if your bank allows it. Once you have completed this successfully you must click 'Continue'
- Step 9 - Confirmation - You have now reached the confirmation page, make sure to write down your 'Ticket Collection Number' and keep it safe in order to collect your tickets, you will also receive an email confirmation of your booking with the details included. You can now add the booking to your calendar for convenience!
We can accommodate wheelchair or powered scooters up to 700mm in width and 1200 mm long (including footplates) height 1435mm including occupant a maximum weight of 300kg including occupant and a turning radius of 900mm.
For safety reasons if your wheelchair or mobility scooter is larger that the permitted dimensions, we cannot accept it as the wheelchair or scooter may not be able to turn corners on board the train.
Is féidir suíochán atá ag féachaint i dtreo faoi leith a chur in áirithint ar sheirbhísí díreacha áirithe idir Corcaigh/Baile Átha Cliath agus ar gach seirbhís idir Béal Feirste/Baile Átha Cliath mar gheall ar an gcineál traenach a oibrítear ar na rianta sin.
Agus tú ag cur suíocháin in áirithint ar cheann de na rianta sin- Cliceáil ar ‘Roghnaigh Mo Shuíocháin Féin’
- I gcás ina mbeidh rogha ann maidir leis an treo ina mbeidh an suíochán ag féachaint, taispeánfar sin mar “Treo Taistil” ar bharr an chóiste atá á thaispeáint chun suíochán a roghnú ann.
- I gcás nach mbeidh traein ag oibriú ina bhfuil rogha ann maidir leis an treo taistil, ní bheidh an rogha sin le feiceáil.
Faraor, ar sheirbhísí agus ar rianta eile, arna n-oibriú ag ár bhflít nua Cóistí Idirchathracha, ní féidir linn rogha a chur ar fáil maidir leis an treo ina mbeidh an suíochán ag féachaint ós rud é go bhféadfadh na traenacha nua sin a dtreo a athrú ag cúpla láthair ar an líonra traenach.
Is féidir cathaoireacha a chur in áirithint ar fhormhór na dtraenacha Idirchathracha:
- Ar líne ag www.irishrail.ie - féach ar an treoir céim ar chéim maidir le ceannach ar líne
- Leis an Ionad Teagmhála do Chustaiméirí
- Ag Stáisiúin Idirchathracha áirithe
- Tá ticéid ar fáil chomh maith ó Ghníomhairí Taistil áirithe
Molann Iarnród Éireann do chustaiméirí ticéid a cheannach roimh ré chun scuainí a laghdú ag na buaicamanna.
Má cheannaíonn tú ticéad Íseal nó ticéad Leathsholúbtha don dáta mícheart ní chuirfimid ar ceal é saor in aisce ach má thugann tú comhairle dúinn laistigh de 30 nóiméad* ón uair a íoctar as an áirithint agus má thaispeánann tú cruthúnas go bhfuil áirithint nua** déanta agat don turas céanna ach ar dháta(í) éagsúil/éagsúla.
1) Déan áirithint nua don dáta / do na dátaí cearta don turas céanna. Diúltófar iarratais gan uimhir áirithinte nua.
2) Déan teagmháil lenár nIonad Glaonna trí fón
3) Bíodh na sean-sonraí áirithinte réidh agat, chomh maith leis na cinn nua, ionas go mbeifear in ann d’iarratas a phróiseáil.
Má tharlaíonn sé seo lasmuigh d’uaireanta oscailte an ionaid glaonna ní mór don chustaiméir:
1) Áirithint nua a dhéanamh don dáta / do na dátaí cearta don turas céanna. Diúltófar iarratais gan uimhir áirithinte nua.
2) Déan teagmháil linn trínár bhfoirm gréasáin*** ag iarraidh
• Aisíocaíocht de bhun botún áirithinte.
• Déan tagairt don seanuimhir áirithinte.
• Déan tagairt don uimhir áirithinte nua. Diúltófar iarratais gan uimhir áirithinte nua.
3) Le linn na laethanta beaga ina dhiaidh, déanfaidh ball foirne an t-éileamh ar aisíocaíocht a scrúdú agus tabharfaidh sé comhairle duit maidir leis an toradh.
**Caithfidh do stampa ama an áirithinte nua a bheith níos déanaí ná an áirithint mhícheart. Ní ghlacfar le háirithintí a rinneadh roimh an áirithint mhícheart.
***Ní bheidh Iarnród Éireann freagrach as aon éilimh maidir le ríomhphoist arna seoladh iad nó nach bhfuarthas iad. Déantar an fhoirm gréasáin a thaifeadadh faoi dhó, agus tá ár dtaifid críochnaitheach.
Is féidir áirithintí Iomlán-Solúbtha a chealú tríd an gcuid “M’Áirithint” suas le 90 nóiméad roimh don am imeachta sa chás nach bhfuil an ticéad clóite.
Seachas sin, tá feidhm docht ag na gnáth téarmaí agus coinníollacha.D’fhéadfadh sé tarlú nach n-oibreoidh leagan an bhrabhsálaithe nó leagan an chórais oibriúcháin atá in úsáid agat le irishrail.ie. Chun breathnú ar liosta na mbrabhsálaithe agus córas oibriúcháin atá inúsáidte le irishrail.ie cliceáil anseo.
Cruthófar fadhbanna le d’áirithint má chliseann ar do cheangal idirlín go tobann. Déan deimhin de go bhfuil ceangal idirlín láidir agat agus tú ag déanamh áirithinte ar irishrail.ie
Má tá tuilleadh fadhbanna agat bain triail as brabhsálaí nó gléas eile a úsáid, nó mar rogha eile déan teagmháil leis an Ionad Eolais do Chustaiméirí agus beidh siad in ann cabhrú leat.
Please note the 'Single Bus Eireann - Coach transfer between Cork Kent Station and Cork Airport' add-on is only available to book from the following stations to Cork Kent Station:
- Banteer
- Charleville
- Cobh
- Farranfore
- Killarney
- Limerick
- Limerick Junction
- Mallow
- Midleton
- Millstreet
- Portlaoise
- Rathmore
- Templemore
- Thurles
- Tralee
Glactar le Mastercard, Visa Debit, agus le gach cárta creidmheasa.
Ba cheart do phaisinéirí ar sheirbhísí Idirchathracha a bheith i láthair ag an stáisiún 30 nóiméad roimh imeacht. Má tá tú ag bailiú áirithinte nó ag ceannach ticéid, tabhair níos mó ama duit féin, go háirithe ag na buaicamanna. Dúnfaidh na geataí 2 nóiméad sula n-imeoidh an traein.
Tá rogha ticéad ar fáil ó Iarnród Éireann. Cliceáil anseo chun liosta de na Cineálacha Ticéad a fheiceáil
Is féidir le páistí idir cúig bliana d’aois agus ocht bliana déag d’aois ticéad nó táille leanaí a cheannach.
Tá sé de cheart ag páistí faoi bhun cúig bliana d’aois taisteal saor in aisce ar sheirbhís Iarnród Éireann agus iad ag taisteal in éineacht le duine fásta a bhfuil ticéad bailí acu agus ar an gcoinníoll nach gcuireann siad fúthu i suíochán atá curtha i áirithint ag paisinéir eile.
Those who wish to book a seat on reservable trains for a child under five years of age, may do so only by selecting the "Free Travel Pass or Valid Ticket' option on the journey planner.Prótacal is ea 3D Secure a úsáidtear mar shlándáil bhreise agus íocaíocht á dhéanamh le cártaí creidmheasa agus cártaí dochair ar líne. Déantar an méid sin trí chéim fhíordheimhnithe bhreise a chur ar fáil i gcomhair íocaíochtaí ar líne; pasfhocal.
Visa a d’fhorbair an tseirbhís agus tugadh “Verified by Visa” air. Ansin rinne MasterCard seirbhís a fhorbairt bunaithe ar an bprótacal céanna dar teideal “MasterCard® SecureCode™”. Cruthaíodh é chun slándáil íocaíochtaí ar líne a fheabhsú trí chéim slándála bhreise a chur ar fáil do chustaiméirí roimh dóibh idirbheart a dhéanamh ar líne. Cruthaítear pasfhocal mar chuid de sin. Is féidir a chinntiú leis sin nach bhfuil do chárta creidmheasa á úsáid go calaoiseach ós rud é nach mbeidh an pasfhocal ar eolas ag duine ar bith eile seachas tusa.
An chéad uair a dhéanfaidh tú idirbheart agus 3D Secure i bhfeidhm, cuirfear go dtí suíomh ghréasáin iontaofa d’eisitheora cárta tú. Roimh duit leanúint ar aghaidh iarrfar ort roinnt sonraí pearsanta a dheimhniú agus pasfhocal a chruthú. Tá an méid sin comhtháite isteach sa leathanach íocaíochta. Ná luaigh do phasfhocal do dhuine ar bith eile – féadfaidh tú a bheith cinnte de ansin go bhfuil do chárta sábháilte. Ná scríobh síos do phasfhocal in áit ar bith.
Tá, téigh go dtí an leathanach Wi-Fi agus Cumhacht le breathnú an bhfuil soicéad ar fáil.
Young Adult and Student Leap single fares are up to 50% cheaper than Adult Leap fares. This is on top of the 20% reduction that adults are receiving.
Tá, féach ar an leathanach Wi-Fi agus Cumhacht le breathnú an bhfuil soicéid ar fáil.
Murar bhain tú úsáid as 3D Secure cheana chun táirge nó seirbhís a cheannach, cuirfear chuig suíomh gréasáin iontaofa d’eisitheora cárta tú agus iarrfar ort roinnt sonraí pearsanta a dheimhniú agus pasfhocal a roghnú. Tá sé seo comhtháite isteach sa leathanach íocaíochta. Tá sé tábhachtach nach luann tú an pasfhocal sin do dhuine ar bith eile – ar an mbealach sin, féadfaidh tú a bheith cinnte de go bhfuil do chárta sábháilte. Ná scríobh do phasfhocal in áit ar bith.
Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le irishrail.ie a rochtain agus míchumas ort, téigh go dtí an leathanach seo: Inrochtaineacht an tsuímh.
Le haghaidh seirbhísí breise, féach an leathanach ábhartha inár rannáin Tairiscintí Speisialta. Mura bhfuil an t-imeacht a bhfuil tú ag taisteal chuige liostaithe faoi láthair, níl aon seirbhísí breise deimhnithe. Seiceáil ar ais níos gaire don imeacht nó seiceáil ár bPleanálaí Turais.
Ceolchoirmeacha agus Imeachtaí
Peil agus Iománaíocht CLG
Rugbaí Cúige
Rugbaí Idirnáisiúnta
Sacar Idirnáisiúnta na bhFear
Foireann Sacair Náisiúnta na mBan
Áirithintí a rinneadh Ar Líne:
- cártaí creidmheasa / dochair Visa
- cártaí creidmheasa / dochair Mastercard
- PayPal
Áirithintí a rinneadh Ar an bhFón
- cártaí creidmheasa / dochair Visa
- cártaí creidmheasa / dochair Mastercard
During the booking process if the seat selection page does not appear, it is because the service is unallocated. This means you will not be able to select your seat online in advance. You can select your seat once you board the train.
Má tá do phasfhocal 3D Secure dearmadta agat ní mór duit teagmháil a dhéanamh le do bhanc, nó beidh rogha dar teideal ‘Forgotten Password’ nó ‘Retrieve Password’ ar an gcuid den suíomh ag baint le 3D Secure. Lean na treoracha ansin. Ní dhéantar do phasfhocal 3D Secure a choimeád ar aon chóras ríomhaire de chuid Iarnród Éireann; nuair a roghnaigh tú an pasfhocal sin níor sábháladh é ach ar an gcóras ríomhaire i do bhanc. Ní dhéanfaidh Iarnród Éireann teagmháil leat riamh chun ceist a chur maidir le do phasfhocal 3D Secure agus ní fhéadfaimid cabhrú leat pasfhocail 3D Secure atá dearmadta a fháil ar ais.
- Cliceáil ar "Mo Chuntas"
- Cuir isteach do seoladh r-phoist agus do phasfhocal agus cliceáil ar “Logáil Isteach”
- Ón roghchlár ar thaobh na láimhe clé (ríomhaire deisce/ Táibléad) nó ar an roghchlár anuas (guthán póca) roghnaigh ‘Stair Áirithintí’. Beidh gach áirithint atá déanta agat cheana le feiceáil
- Roghnaigh “Logáil Amach
Molaimid do chustaiméirí a bpasfhocail a athshocrú tríd an nasc Dearmad Déanta ar Phasfhocal.
Ní mór go mbeidh ar a laghad uimhir amháin, siombail amháin, ceannlitir amháin agus litir cáis íochtair amháin i do phasfhocal nua, mar shampla - Éire123!

