Tickets FAQ
A Young Adult card is a TFI Leap Card that can be used to pay for travel by anyone who is 19 to 25 years old, up to their 26th birthday. The user’s name and photograph is printed on it
Oibrítear amach ar an gcóras cé mhéad creidmheas taistil atá úsáidte agat ar na seirbhísí is infheidhme ar thaistil tú orthu thar lá nó thar sheachtain ar leith agus ní ghearrfar tuilleadh táillí ort nuair a bheidh an teorainn Caidhpe is infheidhme bainte amach agat.
Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh go dtí Caidhpeáil ar Chártaí Leap.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil maidir leis na cineálacha ticéad; Low, Medium Flex, Flexible nó Céad Ghrád ach féachaint ar an leathanach dar teideal Ticéid agus Táillí ar Líne.
Is féidir leithdháileadh áirithintí ar gach seirbhís Intercity a chur in áirithe ar líne gan táille ar phas saorthaistil / sealbhóirí ticéad bailí atá ann cheana. Nuair a bheidh an leithdháileadh seo curtha in áirithe go hiomlán, is féidir na suíocháin atá fágtha a chur in áirithe le pas saorthaistil / sealbhóirí ticéad bailí atá ann cheana ar €2.50 in aghaidh an turais.
Cuirtear na nithe seo a leanas in iúl do chustaiméirí agus iad ag taisteal ar sheirbhísí DART, Iarnróid Éireann | Irish Rail, Seirbhísí Comaitéireachta agus Idirchathracha.
Taisteal ar Iarnród Idirchathrach le hIarnród Éireann Irish Rail
Taispeáin do Chárta Seirbhísí Poiblí/Cárta Saorthaistil ag deasc ticéad agus eiseófar ticéad taistil duit. Bain úsáid as an ticéad seo le dul tríd na geataí, le do thoil.
Taisteal i Chrios Chathair agus Chomaitéireachta Bhaile Átha Cliath
Tadhaill do chárta ag geata/meaisín nó cuaille Smartcard agus tú ag dul isteach agus ag imeacht ó na stáisiúin nó na hardáin. Ní mór duit do charta a thadhaill ar gheata/mheaisín nó cuaille Smartcard ag tús agus ag deireadh do thuras.
Ag taisteal go Thuaisceart Éireann
Ba cheart do shealbhóirí Pas Saorthaistil a gCárta Saorphas/PSC a chur i láthair Oifig na dTicéad chun ticéad taistil a fháil.
Téarmaí agus Coinníollacha Taistil
Tabhair faoi deara le do thoil - Ní féidir leat leas a bhaint as Saorthaisteal ach amháin má tá Cárta Seirbhísí Poiblí bailí agat nó Pas Saorthaistil bailí i do sheilbh agat.
Nuair a iarann cigire ticéad nó tiománaí ort do Chárta/Pas a thaispeáint agus ní thaispeánann tú é, nó nuair nach gcomhlánann tú na treoracha a thugtar duit, d'fhéadfaí iarraidh ort táille a íoc as an turas nó d'fhéadfaí fógra pionóis seasta a eisiúint duit.
Is féidir Fógra Íocaíochta Socraithe a eisiúint mura dtugtar ainm nó seoladh nó má dhiúltaítear ainm nó seoladh a thabhairt d’oifigeach údaraithe nó má thugtar ainm nó seoladh atá bréagach nó míthreorach. Is féidir Fógraí Íocaíochta Socraithe a eisiúint freisin má dhéantar treaspás ar iarnród, má úsáidtear corda éigeandála nó córas cumarsáide eile idir paisinéirí agus tiománaithe traenach ar bhealach mídhleathach nó mura ndúnfar nó mura ndaingneofar na geataí ar chrosaire comhréidh no pasáiste. Is féidir sáraithe ar fhodhlíthe Chóras Iompair Éireann a ionchúiseamh os comhair na Cúirte Dúiche. Tá liosta iomlán d’fhodhlíthe CIÉ mar a leagtar amach san Ordú um Fhodhlíthe Chóras Iompair Éireann (Dearbhú) iad, ar fáil ag irishrail.ie.
This card can only be purchased online at leapcard.ie. Go to the buy menu and select the card type from the drop down. You’ll need to complete the application details, upload a photo and pay for the card during the application process.
Beidh feidhm ag an gCaidhp Laethúil ón gcéad sheirbhís go dtí an seirbhís dheireanach ar an lá sin.
Beidh feidhm ag an gCaidhp Seachtainiúil (Luan-Domhnach) ón gcéad sheirbhís ar an Luan go dtí an seirbhís dheireanach ar an Domhnach.Tusa atá freagrach as a chinntiú go mbeidh ticéad atá bailí don turas iomlán ceannaithe agat roimh duit taisteal. Mura mbeidh tú in ann ticéad bailí a thaispeáint nuair a iarrtar sin ort ag oifigeach údaraithe, eiseofar Fógra Íocaíochta Socraithe duit.
Agus tú ag tosú amach ar thuras, ní mór duit ‘Tadhall-Ar’ ag an ngeata nó ag an mbailíochtóir ag baint úsáide as do Chárta Leap. Ag deireadh turais ní mór duit ‘Tadhall-As’ chun a chinntiú go mbeidh an táille ceart íoctha agat.
Tadhall-Ar - Déantar taifead den áit inar thosaigh do thuras
Tadhall-As - Déantar taifead den áit de cheann scríbe do thurais
Mura ndéanann tú Tadhall-Ar is ag seachaint táille atá tú.
Mura ndéanann tú Tadhall-As, beidh do tháille níos costasaí.
Chun Tadhall-Ar a dhéanamh ag geata;- Cuir an Cárta Leap i gcoinne an léitheoir cártaí cliste ar an ngeata
- Má tá creidmheas taistil agat ar do Chárta Leap, osclóidh an geata agus féadfaidh tú dul isteach agus tús a chur le do thuras
- Taispeánfar do chreidmheas ePurse ar an scáileán ar an ngeata
For a Young Adult Card you’ll need to upload an image of your valid Passport, EU National ID, Drivers Licence or Learner Permit, a selfie taken during the application to verify your identity against your ID and you card payment details
Ós rud é nach bhfuil do thicéad bailí don suíochán sa chéad ghrád, iarrfar ort táille bhreise/uasghrádaithe a íoc. Má dhiúltaítear an táille bhreise sin a íoc nó má dhiúltaítear bogadh go gnáth-shuíochán, eiseofar Fógra Íocaíochta Socraithe.
The earliest you can apply for a Young Adult card is two weeks before your 19th birthday.
The card is free to purchase, however, there is a €5 deposit and a €5 minimum travel credit requirement to proceed with the application.
I gcás ina mbeidh níos mó ná cion amháin déanta ag paisinéir, eiseofar táille níos airde don phaisnéir sin ar an bhFógra Íocaíochta Socraithe.
These percentage discounts tend not to be a direct reduction in the price of an individual Fare or Ticket, but the averaged reduction over all for all Fares/Tickets.
All fares will be reduced by the closest % to 20% giving a multiple of 5 amount, so the discount will be between 18% and 22%, i.e. €1.15 reducing to €0.90 (-21.7%) or €0.80 reducing to €0.65 (-18.8%)
I gcás ina gcuireadh moill ar do thraein mar gheall ar imthosca a raibh smacht ar Iarnród Éireann orthu, beidh feidhm ag an méid seo a leanas;
Má chuirtear moill uair an chloig ort do cheann scríbe a bhaint amach, tabharfar dearbháin duit ar féidir iad a úsáid agus tú ag ceannach ticéid sa todhchaí. Tá luach na ndearbhán ag braith ar fhad na moille a cuireadh ort agus ar an táille a íocadh don turas aonair sin.
Le haghaidh moilleanna idir uair amháin agus dhá uair an chloig, tabharfar dearbhán duit suas le 50% den luach ar íoc tú don chuid den turas ar a gcuireadh moill.
Le haghaidh moilleanna níos faide ná dhá uair an chloig, tabharfar dearbháin duit dar luach 100% den táille ar íoc tú don chuid den turas ar a gcuireadh moill.
Cliceáil anseo chun breathnú ar an gCairt Paisinéirí.Tá. I gcás ina measfaidh oifigeach údaraithe go bhfuil cion á dhéanamh ag duine nó go bhfuil cion déanta acu faoi Mhír 129 den Acht um Shábháilteacht Iarnróid 2005, féadfaidh sé iarraidh ar an duine sin ainm nó a seoladh a thabhairt agus, i gcás nach ndéanfaidh an duine an méid sin nó i gcás ina dtabharfaidh siad ainm a mheasann an t-oifigeach údaraithe a bheith bréagach nó míthreorach, féadfaidh an t-oifigeach údaraithe an duine sin a gabháil gan bharántas agus, a luaithe is féidir, an duine sin a sheachadadh i gcoimeád an Gharda Síochána chun go ndéileálfar leo i gcomhréir leis an dlí.
Is féidir. Féadfaidh an t-oifigeach údaraithe an ticéad a bhaint uait agus féadfar é a úsáid mar fhianaise i gcás nach n-íocfar an Fógra Íocaíochta Socraithe agus ina ndéanfar an cás a ionchúiseamh ós comhair na cúirte.
Áirithintí déanta Ar Líne/ar an Teileafón:
Visa Cárta Dochair
Mastercard
Cárta Creidmheasa
PayPal
Áirithintí déanta ar an Teileafón
Visa Cárta Dochair
Mastercard
Cárta CreidmheasaNí ghlacaimid le cártaí American Express.
Áirithint déanta go pearsanta (ie in oifigí áirithinte áirithe):
Airgead Tirim
Cártaí Creidmheasa/DochairOibríonn Creidmheas Taistil ar an mbealach céanna le creidmheas gutháin. Gach uair a mbaineann tú úsáid as do chárta taistil, baintear costas an turais ó do chreidmheas taistil. Mura mbeidh dóthain creidmheasa ar an gcárta ní bheidh tú in ann é a úsáid i gcomhair taistil go dtí go ndéanfaidh tú ‘Breisiú’ ag meaisín ticéad no ar líne ag www.leapcard.ie.
Ní féidir Breisiú a dhéanamh ag Oifigí Ticéad.
Is féidir, téigh go dtí an Leathanach Táillí le haghaidh tuilleadh eolais.
Caps are being discounted by 20% on average from the 9th May. A new capping band for Young Adult/Students will be introduced on that day which is 50% less than adult.
Eiseofar Fógra Íocaíochta Socraithe duit agus bainfear an cárta uait.
The Young Adult card (19-23) eligibility is defined by age, so all customers in that age bracket are eligible regardless of educational status.
Is féidir le haon oifigeach údaraithe de chuid Iarnród Éireann | Irish Rail Fógra Íocaíochta Seasta a eisiúint.
Tá Cártaí Bliantúla Leap ar fáil i gCorcaigh ag Cártaí Leap
Déanann an córas cártaí Leap caidhpeáil ar chreidmheas taistil, mar sin nuair a shroichfidh tú luach na caidhpe féadfaidh tú leanúint ag taistil mar is gnáth ar an seirbhís iompair ábhartha ach ní ghearrfar tuilleadh creidmheasa taistil ar do chárta ar na seirbhísí sin.
A luaithe is a shroichfidh tú an caidhp taistil don lá nó don tseachtain, ba cheart duit leanúint den Chárta Leap a úsáid mar is gnáth agus tú ag taisteal. Ba cheart Tadhall-Ar agus Tadhall-As mar is gnáth chun go mbeidh do chárta bailí má dhéantar seiceáil air.
Má dhéanann tú go leor turais le do Chárta Leap ar bhonn laethúil nó seachtainiúil (Luan go Domhnach), cuirfear uasmhéid Caidhpe i bhfeidhm ar do chreidmheas taistil.Young Adult cards will usually be posted within 5 working days. Student Leap Cards will need to be collected in person at a Student Leap Agent where student status verification will take place.
Is féidir táirgí Leap a úsáid ar rianta idir Corcaigh – Cóbh/Mainistir na Corann.
This card can only be purchased online at leapcard.ie. You will need to upload proof of your age and take a live selfie when ordering the card online.
1.Cuir an Cárta Leap isteach sa phóca ar an meaisín,
2. Roghnaigh an Líon Breisithe ó na roghanna ar an scáileán
3. Cuir isteach an líon airgid atá roghnaithe agat - Glacfar le Nótaí/Boinn/Cártaí Dochair nó Cártaí Creidmheasa
4. Bain an Cárta Leap ón bpóca nuair a iarrtar sin ort ar an scáileán
5. Tá do Chárta Leap Breisithe anois agus is féidir é a úsáid láithreachYou will be asked to upload an image of your valid Passport, EU National ID, Drivers Licence or Learner Permit
Má tá aon cheist agat is féidir dteagmháil a dhéanamh le cúram custaiméirí Leap agus breathnóidh an meitheal oibre isteach sa scéal agus déanfaidh teagmháil leat go díreach.
Cúram Custaiméirí: 0818 824 824
Calling from outside of Ireland: +353 (1) 907 9425
Dé Luain go Dé hAoine: 7am go 7pm
Dé Sathairn agus Laethanta Saoire Bainc: 9am go 3pm
Dé Domhnaigh: DúntaTá, téigh go dtí an leathanach dar teideal Cártaí Cliste i gCorcaigh le haghaidh tuilleadh eolais maidir leis na táirgí atá ar fáil agus na turais lena mbaineann siad.
Is féidir, tá Leap ePurse ar fáil anois i gCorcaigh. Le haghaidh tuilleadh eolais féach ar an Leathanach Táillí
Sa chás nach n-íoctar an Íocaíocht Seasta, féadfar tú a ionchúiseamh agus tá an féidearthacht ann go gcuirfear fíneáil ort suas le €1,000 nuair a chiontaítear tú, chomh maith le costais dlíthiúla.
Ní fheadfaidh. Tusa atá freagrach as dóthain ama a thabhairt duit féin ticéad a cheannach roimh taisteal. Tá Meaisíní Ticéad ar fáil anois ag na stáisiúin. Is féidir ticéad a cheannach roimh ré freisin ó oifigí ticéad nó ar líne ag www.irishrail.ie
Má tá sealbhóirí Pasanna Saorthaistil ag iarraidh ticéad a chur in áirithint ba cheart dóibh an rogha “Pas Saorthaistil nó Ticéad Bailí” a roghnú chun áit a chur in áirithint ar traein. Agus iad ar bord, moltar do chustaiméirí suigh in aon shuíochán atá ar fáil ós rud é nach bhfuil suíocháin faoi leith á gcur in áirithint faoi láthair chun a áirithiú go gcloífear leis na treoracha um scaradh sóisialta.
Is féidir cathaoireacha a chur in áirithint ar an gcuid is mó de na traenacha idirchathracha:
- Ar líne ag www.irishrail.ie
- Ar an fón
- Ag Stáisiúin Idirchathracha áirithe.
Molann Iarnród Éireann do phaisinéirí ticéid a cheannach roimh ré chun scuainí a laghdú ag na buaicamanna.
*Is féidir suíocháin a chur in áirithint suas le 90 lá roimh ré*
Mar rogha eile; Is féidir ticéid DART, ticéid Comaitéireachta agus ticéid Idirchathracha nach féidir iad a chur in áirithint roimh ré a cheannach roimh ré nó ar lá an taistil ó stáisiúin DART, Comaitéireachta agus Idirchathracha agus tá rogha de thicéid míosúil ar fáil ag do stáisiún.- Íoc Ar Líne Anois le do chárta creidmheasa / dochair
- Ar an bhFón - Ionad Teagmhála Custaiméirí
- Tríd an bPost - Ní ghlacfar le horduithe poist agus dréachtaí bainc ach amháin nuair atá siad iníoctha le hIarnród Éireann agus ba cheart iad a sheoladh go dtí an tAonad um Chosaint Ioncaim, Iarnród Éireann, Stáisiún Uí Chonghaile, Sráid Amiens, Baile Átha Cliath 1.
Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le Cártaí Leap do dhaltaí scoile téigh go dtí an leathanach dar teideal eolas maidir le ticéid
Tá ticéid chomhcheangailte Bus agus Iarnróid ar fáil don bhealach idir Corcaigh agus Mainistir na Corann. Féach ar an Leathanach Táillí le haghaidh tuilleadh eolais.
Tá, in ainmneachtaí €10 agus €50. Ní féidir dearbháin a úsáid ach i gcomhair ticéad a cheannaítear ag an stáisiún, ní féidir iad a úsáid ar líne.
Chun dearbhán a cheannach no le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le do stáisiún áitiúil.
Mar gheall ar athruithe sealadacha ar ár bPleanálaí Turais, ba chóir do chustaiméirí gur mian leo rothar a chur in áirithe ar líne na céimeanna thíos a leanúint:
1. Bain úsáid, le do thoil as ár bPleanalaí Turais eile
2. Iontráil do phointe tosaigh agus ceann scríbe, líon paisinéirí agus dátaí taistil
3. Cliceáil an ticbhosca ‘Taispeáin infhaighteacht rothar’
4. Rognaigh ‘téigh’ chun do chuardach Pleanalaí Turais a chríochnú
5. Ní thaispeánfar ach seirbhísí le spásanna ar fáil do rothar
6. Roghnaigh an turas agus an cineál ticéid a theastaíonn uait
7. Nuair is mian leat dul ar aghaidh roghnaigh, le do thoil ‘Cuir Ticéid in Áirithe’
8. Ar an leathanach ‘Gnéithe Breise’ roghnaigh an rothar/na rothair a theastaíonn uait agus roghnaigh ‘Na Chéad Chéimeanna eile’
9. Nuair a bheidh d’áirithint déanta beidh na roghanna rothar/ rothair deimhnithe
Rothair ar Thraenacha InterCity
Fáiltíonn Iarnród Éireann roimh rothair ar gach ceann dár seirbhísí ach cuirtear srianta áirithe i bhfeidhm i rith na n-amanna taistil is gnóthaí. Ní ghearrtar aon táille ar shuíochán a chur in áirithe ná ar thaisteal le rothair ar bord aon chinn dár seirbhísí. Is féidir rothair atá fillte agus clúdaithe a iompar ar bord na seirbhísí go léir saor in aisce
Tá áiseanna iompair rothar ar na traenacha InterCity go léir. TTá stóráil ar fhormhór na seirbhísí ó Bhaile Átha Cliath go Corcaigh agus ar gach traein ó Bhaile Átha Cliath go Béal Feirste atá suite i limistéar ar leith amach ó limistéar paisinéirí na traenach.
Ar gach bealach InterCity eile, tá na spásanna rothair laistigh de limistéar na bpaisinéirí. Ní cheadaítear rothair a thabhairt ar bord sa charráiste paisinéirí mura bhfuil spás dóibh sa raca rothar ar bord. Ní gá rothair 'Fillte” a fhágáil sa raca rothar. Ní cheadaítear a leithéidí ‘Trírothach’ a thabhairt ar bord sa charráiste paisinéirí.
Caithfear spásanna rothair do sheirbhísí Intercity a chur in áirithe roimh ré, ar líne ag bPleanálaí Turas.
Seirbhísí a thaistealaíonn isteach i Stáisiún Heuston (seirbhísí Intercity agus comaitéirí Phort Laoise)
Tá ár gcuid seirbhísí faoi lánacmhainneacht ag buaic‐am taistil, dá réir sin, ní cheadaítear
rothair ag na hamanna sonraithe idir an Luan – an Aoine mura bhfuil an rothar curtha in áirithe
ar sheirbhís Idirchathrach roimh ré. Taispeánfar na seirbhísí ar féidir iad a chur in áirithe ar ár
bPleanálaí Turas.- Seirbhísí a bhaineann Stáisiún Heuston amach idir 07.00 uair agus 09.30 uair
- Seirbhísí a fhágann Stáisiún Heuston idir 16.00 uair agus 19.00 uair
Áirithintí Rothair
Caithfear spásanna rothair do sheirbhísí Intercity a chur in áirithe roimh ré tríd an bPleanálaí Turais thuas
Ní mór duit ticéad a cheannach le haghaidh do thuras roimh duit taisteal. Mura gceannóidh tú ticéad eiseofar Fógra Íocaíochta Socraithe duit.
Eiseofar Fógra Íocaíochta Socraithe duit ós
Is féidir, tá breiseán Luas ar fáil do chustaiméirí ag atá taisteal ar sheirbhísí iarnróid. Ní mór ach ‘Baile Átha Cliath Uí Chonghaile’ a roghnú más ‘Baile Átha Cliath Heuston’ túsphointe nó ceann scríbe na seirbhíse atá roghnaithe agat. Ní mór ach ‘Baile Átha Cliath Heuston’ a roghnú más ‘Baile Átha Cliath Uí Chonghaile’ túsphointe nó ceann scríbe na seirbhíse atá roghnaithe agat. Is féidir breathnú ar thúsphointí agus cinn scríbe na seirbhísí ar Léarscáil na Rianta Idirchathraigh. Is féidir breathnú ar thúsphointí agus cinn scríbe na seirbhísí ar Léarscáil na Rianta Idirchathraigh.
Mar shampla; Más ag taisteal ó Corcaigh atá tú, roghnaigh ‘Baile Átha Cliath Uí Chonghaile’ don bhreiseán Luas. Nó más ag taisteal ó Sligeach atá tú, roghnaigh ‘Baile Átha Cliath Heuston’ don bhreiseán Luas.
Leis an ticéad Luas is féidir le custaiméirí taisteal ar an Líne Dhearg Luas idir Baile Átha Cliath Heuston agus Baile Átha Cliath Uí Chonghaile/Duga Sheoirse nó ar Bealach 4 Dublin Bus go Sráid an Mhóta ar an dáta nó ar na dátaí ar an ticéad amháin.
Ar fáil ó: irishrail.ie mar thúsphointe nó ceann scríbe
Ar fáil ó: Meaisíní ticéad nó oifigí ticéad ag dul isteach i mBaile Átha Cliath amháin.Mura cheannaigh tú do thicéad ó Iarnród Éireann, ba cheart duit an ticéad a fhilleadh ar ais ar an áit ónar cheannaigh tú é. Eagrófar aisíocaíocht ansin (má tá tú i dteideal aisíocaíochta) agus d’fhéadfaí táillí riaracháin a ghearradh ort.
Ag an Meaisín ticéad sa stáisiún
Cuir do chárta isteach sa ‘phóca’ agus lean na treoracha ar an scáileán.
Ar Líne
Logáil isteach ag www.leapcard.ie chun stair do chuntais a fheiceáil agus beidh an t-iarmhéid ar do chárta le feiceáil ansin.
Yes, payments are taken before card verification. The refund is issued automatically if the verification is unsuccessful so the customer doesn’t have to request it.
Má theipeann orainn d’áirithint ar shuíochán a chomhlíonadh, agus mura bhfuil suíochán eile ar an gcaighdeán céanna ar fáil ar an seirbhís chéanna, déanaimid táille do thurais aonair a aisíoc chugat i bhfoirm dearbháin taistil.
Ní gá. Ní mór duit an Fógra Íocaíochta Socraithe a íoc laistigh de 21 lá.
No, you can continue to use your existing card until its expiry date and you will get the best fare. Student Leap Card fares are the same as Young Adult 19-23 Leap Card fares.
Ní bheidh aon thicéad atá millte, doléite, scriosta, stróicthe, scoilte, caillte, nó goidte bailí le haghaidh taistil, ní dhéanfar an ticéad a athsholáthar agus ní dhéanfar aisíocaíocht ar an ticéad. Ní mór do chustaiméirí ticéad nua a cheannach chun go mbeidh siad in ann taisteal.
No. Cash fares will also be discounted by 20%, however, Leap fares, which are on average 30% cheaper than cash fares, are only available with a TFI Leap Card.
Ní féidir. Má théann tú ar bord traenach gan thicéad bailí, eiseofar Fógra Íocaíochta Socraithe duit.
Tá roinnt buntáistí ann, ar nós:
- Beidh do Chárta Leap cosanta ar chaillteanas nó goid (chomh fada agus a thuairiscíonn tú go bhfuil sé ar iarraidh/goidte)
- Ní bheidh ort foirm ar líne a líonadh amach do gach breisiú creidmheasa
- Is féidir leat stair agus úsáid do chárta a fheiceáil
- Is féidir Cártaí Leap breise a bhainistiú trí do chuntas (m.sh. Cárta Leap páiste)
Tá, téigh go dtí an leathanach Mac Léinn le haghaidh tuilleadh eolais maidir lenár margaí iontacha.
You will received an email stating the reason why the application was rejected and the payment made as part of the application will be refunded
Is féidir ticéad a chur in áirithe ar formhór na dtraenacha Idirchathracha anois:
- Ar líne ar www.irishrail.ie
- Ag stáisiúin áirithe Idirchathracha
Molann Iarnród Éireann ticéid a cheannach roimh ré chun scuainí ticéad a mhaolú ag buaic-amanna.
*Is féidir réamháirithintí a dhéanamh suas le 90 lá roimh ré*
Mar mhalairt air sin; Is féidir ticéid DART, Comaitéireachta agus Idirchathracha neamh-ináirithe a cheannach roimh ré nó ar an lá taistil ó stáisiúin DART, Comaitéireachta agus Idirchathracha agus tá rogha ticéid comaitéireachta míosúla ar fáil sna stáisiúin.Má eisíodh Fógra Íocaíochta Socraithe duit agus más mian leat achomharc a dhéanamh ina choinne, féadfaidh tú an méid sin a dhéanamh trí r-phost a sheoladh chuig RPU@irishrail.ie nó i scríbhinn chuig An tIonad um Chosaint Ioncaim, Stáisiún Uí Chonghaile, Sráid Amiens, Baile Átha Cliath 1 laistigh de 21 lá ón dáta a eisíodh an Fógra Íocaíochta Socraithe.
Is féidir. Féadfaidh tú suíochán a chur in áirithint, agus an rogha sin ann, trí Áirithint Suíocháin Amháin a roghnú.
All TFI Leap enabled routes get Leap discounts when using a TFI Leap Card.
Tá Meaisíní Ticéad ar fáil fud fad an líonra traenach. Déantar faireachán agus cothabháil ar na meaisíní sin le cinntiú go bhfuil siad ag obair mar is ceart. Cuirtear Iarnród Éireann ar an eolas go huathoibríoch má tá meaisín ticéad as feidhm. Má tharlaíonn sé go bhfuil an oifig ticéad dúnta agus nach bhfuil na Meaisíní Ticéad ag obair, rud nach dócha, iarrfar ort íoc as do thuras ar an traein nó ag do cheann scríbe. Mura n-íocfar an táille eiseofar Fógra Íocaíochta Socraithe duit.
D’fhéadfadh sé tarlú ó am go ham nach mbeidh Geataí/Bailíochtóirí in ann an Tadhall-Ar/Tadhall-As a aithint. Is faoin gcustaiméir atá sé deimhin a dhéanamh de gur bailíochtaíodh an cárta i gceart. Seo iad an dhá phríomchúis nach féidir cártaí a léamh i gceart:
1. Tá an Cárta Cliste san Áit Mícheart:
Mura gcuirfear an Cárta Leap i gcoinne an léitheora/an ‘targaide’ ar an mbailíochtóir nó ar an ngeata, ní léifear é. Déan deimhin de go gcuirtear an cárta i gcoinne an ‘targaide’ léimh cártaí go socair ar feadh soicind amháin ar a laghad.
Ná déan an Cárta Cliste a chroitheadh thar an targaid léimh cártaí. Ná cuir an Cárta Cliste isteach sa sliotán le haghaidh ticéid pháipéir ar an ngeata.
2. Bac ar an gCárta Cliste
Bain an Cárta Leap amach ó do sparán nó do mhála roimh duit é a úsáid. Féadfaidh Cártaí Cliste eile i do sparán nó mála cur isteach ar an gcárta seo agus ní bheifear in ann é a úsáid.Ní féidir ticéid a cheannach ar an traein ach amháin má tá oifig na dticéad dúnta agus mura bhfuil na meaisíní díola ticéad i bhfeidhm. Féadfar táille bhreise (ar bord na traenach) a ghearradh ort.
Tusa atá freagrach as ticéad breise a cheannach, i gcás ina mbeidh sin de dhíth ort chun do thuras a chríochnú, roimh duit dul ar bord na traenach nó eiseofar Fógra Íocaíochta Socraithe duit.
Agus tú ag teacht i dtreo an Chaidhp Laethúil nó Seachtainiúil Leap ní ghearrfar ort ach an méid atá fágtha go dtí go sroichfidh tú an caidhp. Tar éis duit Caidhp a shroicheadh, gearrfar €0.00 ort ar gach turas breise an lá sin nó sa tseachtain sin (Luan-Domhnach). Bí cinnte go ndéanann tú ‘tadhall-ar’ agus ‘tadhall-as’ le do Chárta Leap agus an caidhp laethúil nó seachtainiúil sroichte agat.
Is féidir Cártaí Leap a cheannach ag Meaisíní Ticéad ag na stáisiúin laistigh den cheantar ‘Turas Gairid’ nó ar líne ag www.leapcard.ie nó i siopaí áirithe. TFI Leap Cards are also available in many PostPoint outlets as well as all post offices nationwide.
Ní mór gach éileamh ar aisíocaíocht a dhéanamh laistigh de 28 lá ó dháta críochnaithe do thicéid. D’fhéadfaimis fianaise bhreise a iarraidh uait chun tacú le d’éileamh ar aisíocaíocht.
Gearrfar táille riaracháin ort agus i gcás inar cheannaigh tú áirithint ar líne, ar an teileafón nó ag oifig ticéad beidh feidhm ag na téarmaí agus coinníollacha a ghlac tú leo.
Tá formhór na dtáillí le feiceáil ar an leathanach dar teideal Táillí agus Ticéid. Mura mbeidh tú in ann teacht ar an táille ceart, áfach, déan teagmháil linn.
If you don’t have the documents present at the time of application we recommend you wait until you can provide a copy before completing the application. If you don’t have any of the documents at all, there is an option of uploading non-standard documents for verification. This process can take up to 3 weeks, may require face-to-face verification and does not guarantee final application approval.
You can apply for a personalised card up to 2 weeks before your birthday, i.e. 19 yr – 2weeks for a Young Adult (19-23). Your card will expire on your birthday, i.e. your 24th birthday for a Young Adult (19-23). For a Student (24 yr +), customers need to be in full-time education
The Leap Card can be used for rail travel between stations within the 'Dublin City and Commuter Zone'. All stations in the Greater Dublin area from Rathdrum to Drogheda, from Dublin City Centre stations to Enfield and Kildare including all DART services.
The Leap Card also works in the Cork Commuter area.
Usage outside of the Short Hop Zone and Cork commuter Rail services will result in a Fixed Payment Notice of €100 plus the relevant unpaid fare.Ní íocann, tá ticéid iarnróid díolmhaithe ó CBL. Má theastaíonn cruthúnas ceannaigh uait, molaimid duit do thicéad agus do ríomhphost dearbhaithe a thaispeáint,(nuair is cuí).
Eiseofar Fógra Íocaíochta Socraithe ar aon duine thar naoi bliana déag d’aois a mbeidh ticéad leanaí in úsáid acu. Níl ticéid leanaí bailí ach le aghaidh daoine idir 3-18 bliain d’aois.
Eiseofar Fógra Íocaíochta Socraithe duit ós
Chun eolas a fháil ar an scéim Pas Saorthaistil, féach na naisc thíos;
- Más mian leat áirithint a dhéanamh ar thraein féach ar ár dtreoir áisiúil an rogha “Pas Saorthaistil nó Ticéad Bailí” a chur in áirithe
- Chun eolas a fháil ar an dóigh chun taisteal le Pas Saorthaistil ar sheirbhísí iarnróid féach ar ár gCeisteanna Coitianta. An gá dom ticéad a fháil le bheith ann le mo Chárta Saorthaistil/Seirbhísí Poiblí a?
- Chun tuilleadh eolais a fháil ar an gcaoi le do Chárta Seirbhíse Poiblí a úsáid le haghaidh saorthaistil, féach ar an mbileog "Conas do PSC a úsáid le haghaidh saorthaistil" de chuid TFI nó tabhair cuairt ar freetravel.ie
- Chun tuilleadh eolais a fháil faoin bPas Saorthaistil téigh chuig suíomh gréasáin na Roinne Coimirce Sóisialaí, déan teagmháil le d'Oifig Leasa Shóisialaigh áitiúil nó cuir glaoch ar an Líne Eolais ar 1890 500 000 (ó Phoblacht na hÉireann amháin) nó 00353 71 9157100 (ó Thuaisceart Éireann nó má bhíonn tú thar lear.
Is é an Roinn Coimirce Sóisialaí a eisíonn gach pas saorthaistil, ní an soláthraí iompair. Tá pasanna saorthaistil neamh-inaistrithe agus ní féidir ach an duine atá ainmnithe orthu úsáid a bhaint astu.
Tá córas um fhógra íocaíochta socraithe i bhfeidhm ag Iarnród Éireann ar gach rian (Idirchathrach, Comaitéireacht, DART). Ní mór duit ticéad bailí a cheannach le haghaidh do thuras, roimh duit dul ar bord na traenach.
Mura mbeidh ticéad bailí agat ar bord na traenach beidh ort fógra íocaíochta socraithe €100 a íoc, mar aon leis an táille nár íocadh.
Seo iad na sonraí teagmhála don Ionad um Chosaint Ioncaim
Revenue Protection Building
Connolly Station
Amiens Street,
Dublin 1
Email: rpu@irishrail.ieYes, you will be asked to upload an image of your valid Passport, EU National ID, Drivers Licence or Learner Permit
Refunds will need to be requested by logging into your account on leapcard.ie
Student eligibility, i.e. full-time status, needs to be verified in person at Student Leap Agent
Eiseofar Fógra Íocaíochta Socraithe duit ós rud é nach bhfuil an ticéad bailí gan an t-aitheantas ón Roinn Coimirce Sóisialaí.
An tAonad um Chosaint Ioncaim,
An Foirgneamh um Chosaint Ioncaim,
Stáisiúin Uí Chonghaile
Ríomhphost: rpu@irishrail.ie
Fón: Cuir glaoch ar ár nIonad Teagmhála CustaiméiríStudent Cards are only applicable to people who are 24 years old and over. 18 year olds are eligible for a Child Card (16-18) until their 19th birthday. Then, when they’re turning 19, they will qualify for a Young Adult Card (19-23)
Ní bheidh an lascaine 50 faoin gcéad ar fáil ach do shealbhóirí Cárta Leap Mac Léinn atá ann cheana féin agus do chustaiméirí a bhaineann leas as Cártaí Leap TFI don Aosach Óga (19 – 23 bhliain)
Cárta cliste plaisteach in-athúsáide is ea Cárta Leap ar féidir é a úsáid in ionad ticéid pháipéir chun íoc as taisteal íoc-mar-a-úsáidtear i mBaile Átha Cliath. Úsáidtear an cárta seo chun creidmheas taistil a stóráil agus a úsáid agus tú ag taisteal ar iompar poiblí.
Leis an gCárta Leap, íocann custaiméirí níos lú airgid agus iad ag íoc as táillí aonair ar sheirbhísí DART agus iarnróid Comaitéireachta, ar Dublin Bus agus ar Luas.
Is féidir le custaiméirí a gCártaí Leap a chlárú ar líne, mar sin ní bheidh duine ar bith eile in ann an cárta a úsáid má chailltear é nó má ghoidtear é.
Téigh go dtí leapcard.ie le haghaidh tuilleadh eolais.Chun suíochán a chur in áirithint féach ar an treoir céim ar chéim maidir le háirithint suíocháin amháin a dhéanamh ar líne.
Má tá tuilleadh eolais uait féach ar na Ceisteanna Coitianta Cá bhfuil eolas ar fáil maidir leis an bPas Saorthaistil? Tabhair faoi deara nach bhfuil ach líon teoranta suíochán ar féidir iad a chur in áirithint ar fáil ar líne.
Téann breis is 55 milliún paisinéir ar thraenacha Intercity, DART agus Comaitéireachta Iarnród Éireann. Fiú dá dteipfeadh ar chéatadán beag de na paisinéirí íoc as a dticéad, bheadh an t-ioncam a mbeadh caillte ag Iarnród Éireann suntasach go leor.
Is cion coiriúil é táille a sheachaint. Caithfidh tú ticéad bailí a cheannach don turas atá le déanamh agat sula dtéann tú ar aon traein. Féadfar tú a ionchúiseamh sa Chúirt Dúiche faoin Acht um Shábháilteacht Iarnróid 2005 sa chás nach bhfuil ticéad bailí agat nó cárta Leap / Cárta Cliste bailíochtaithe nuair a iarrtar ort do thicéad a thaispeáint. Gearrfar fíneáil suas le €1,000 ar phaisinéir a thaistealaíonn ar traein gan ticéad bailí ar é a chiontú sa Chúirt Dúiche, anuas ar na costais dlíthiúla.
Mura féidir leat ticéad bailí a thaispeáint nuair a iarrann oifigeach údaraithe ort amhlaidh a dhéanamh, féadfar Fógra Íocaíochta Seasta a eisiúint duit. Fágann sé sin go mbítear in ann fíneáil €100 móide do tháille neamhíoctha a íoc más mian leat láithriú cúirte a sheachaint agus an fhéidearthacht go ngearrfar ciontú coiriúil ort. Níl an rogha Íocaíochta Seasta ar fáil ach ar feadh tréimhse 21 lá de réir mar atá leagtha amach san Acht um Shábháilteacht Iarnróid. Mura n-íoctar an fhíneáil laistigh den tréimhse sin, eiseofar toghairm agus tabhófar costais dlíthiúla.
Má eisíodh Fógra Íocaíochta Seasta duit is féidir leat é a íoc ar líne.

