Friday 31st October, Saturday 1st and Sunday 2nd November - Due to Engineering works between Heuston/Newbridge and Dun Laoghaire/Greystones, service amendments will be in place including bus transfers. Please check our Journey Planner prior to travel.
Ní féidir. Má théann tú ar bord traenach gan thicéad bailí, eiseofar Fógra Íocaíochta Socraithe duit.
Is féidir. Féadfaidh an t-oifigeach údaraithe an ticéad a bhaint uait agus féadfar é a úsáid mar fhianaise i gcás nach n-íocfar an Fógra Íocaíochta Socraithe agus ina ndéanfar an cás a ionchúiseamh ós comhair na cúirte.
Ní gá. Ní mór duit an Fógra Íocaíochta Socraithe a íoc laistigh de 21 lá.
Téann breis is 38 milliún paisinéir ar thraenacha Intercity, DART agus Comaitéireachta Iarnród Éireann. Fiú dá dteipfeadh ar chéatadán beag de na paisinéirí íoc as a dticéad, bheadh an t-ioncam a mbeadh caillte ag Iarnród Éireann suntasach go leor.
Is cion coiriúil é táille a sheachaint. Caithfidh tú ticéad bailí a cheannach don turas atá le déanamh agat sula dtéann tú ar aon traein. Féadfar tú a ionchúiseamh sa Chúirt Dúiche faoin Acht um Shábháilteacht Iarnróid 2005 sa chás nach bhfuil ticéad bailí agat nó cárta Leap / Cárta Cliste bailíochtaithe nuair a iarrtar ort do thicéad a thaispeáint. Gearrfar fíneáil suas le €1,000 ar phaisinéir a thaistealaíonn ar traein gan ticéad bailí ar é a chiontú sa Chúirt Dúiche, anuas ar na costais dlíthiúla.
Mura féidir leat ticéad bailí a thaispeáint nuair a iarrann oifigeach údaraithe ort amhlaidh a dhéanamh, féadfar Fógra Íocaíochta Seasta a eisiúint duit. Fágann sé sin go mbítear in ann fíneáil €100 móide do tháille neamhíoctha a íoc más mian leat láithriú cúirte a sheachaint agus an fhéidearthacht go ngearrfar ciontú coiriúil ort. Níl an rogha Íocaíochta Seasta ar fáil ach ar feadh tréimhse 21 lá de réir mar atá leagtha amach san Acht um Shábháilteacht Iarnróid. Mura n-íoctar an fhíneáil laistigh den tréimhse sin, eiseofar toghairm agus tabhófar costais dlíthiúla.
Má eisíodh Fógra Íocaíochta Seasta duit is féidir leat é a íoc ar líne.
I gcás ina mbeidh níos mó ná cion amháin déanta ag paisinéir, eiseofar táille níos airde don phaisnéir sin ar an bhFógra Íocaíochta Socraithe.
Tá córas um fhógra íocaíochta socraithe i bhfeidhm ag Iarnród Éireann ar gach rian (Idirchathrach, Comaitéireacht, DART). Ní mór duit ticéad bailí a cheannach le haghaidh do thuras, roimh duit dul ar bord na traenach.
Mura mbeidh ticéad bailí agat ar bord na traenach beidh ort fógra íocaíochta socraithe €100 a íoc, mar aon leis an táille nár íocadh.
Seo iad na sonraí teagmhála don Ionad um Chosaint Ioncaim
Revenue Protection Building
Connolly Station
Amiens Street,
Dublin 1
Email: rpu@irishrail.ie
Eiseofar Fógra Íocaíochta Socraithe duit ós rud é nach bhfuil an ticéad bailí gan an t-aitheantas ón Roinn Coimirce Sóisialaí.
Tusa atá freagrach as ticéad breise a cheannach, i gcás ina mbeidh sin de dhíth ort chun do thuras a chríochnú, roimh duit dul ar bord na traenach nó eiseofar Fógra Íocaíochta Socraithe duit.
Tusa atá freagrach as a chinntiú go mbeidh ticéad atá bailí don turas iomlán ceannaithe agat roimh duit taisteal. Mura mbeidh tú in ann ticéad bailí a thaispeáint nuair a iarrtar sin ort ag oifigeach údaraithe, eiseofar Fógra Íocaíochta Socraithe duit.
Ní fheadfaidh. Tusa atá freagrach as dóthain ama a thabhairt duit féin ticéad a cheannach roimh taisteal. Tá Meaisíní Ticéad ar fáil anois ag na stáisiúin. Is féidir ticéad a cheannach roimh ré freisin ó oifigí ticéad nó ar líne ag www.irishrail.ie
Má eisíodh Fógra Íocaíochta Socraithe duit agus más mian leat achomharc a dhéanamh ina choinne, féadfaidh tú an méid sin a dhéanamh trí r-phost a sheoladh chuig RPU@irishrail.ie nó i scríbhinn chuig An tIonad um Chosaint Ioncaim, Stáisiún Uí Chonghaile, Sráid Amiens, Baile Átha Cliath 1 laistigh de 21 lá ón dáta a eisíodh an Fógra Íocaíochta Socraithe.
Eiseofar Fógra Íocaíochta Socraithe ar aon duine thar naoi bliana déag d’aois a mbeidh ticéad leanaí in úsáid acu. Níl ticéid leanaí bailí ach le aghaidh daoine idir 3-18 bliain d’aois.
Sa chás nach n-íoctar an Íocaíocht Seasta, féadfar tú a ionchúiseamh agus tá an féidearthacht ann go gcuirfear fíneáil ort suas le €1,000 nuair a chiontaítear tú, chomh maith le costais dlíthiúla.
Eiseofar Fógra Íocaíochta Socraithe duit ós
Tá Meaisíní Ticéad ar fáil fud fad an líonra traenach. Déantar faireachán agus cothabháil ar na meaisíní sin le cinntiú go bhfuil siad ag obair mar is ceart. Cuirtear Iarnród Éireann ar an eolas go huathoibríoch má tá meaisín ticéad as feidhm. Má tharlaíonn sé go bhfuil an oifig ticéad dúnta agus nach bhfuil na Meaisíní Ticéad ag obair, rud nach dócha, iarrfar ort íoc as do thuras ar an traein nó ag do cheann scríbe. Mura n-íocfar an táille eiseofar Fógra Íocaíochta Socraithe duit.
Is féidir le haon oifigeach údaraithe de chuid Iarnród Éireann | Irish Rail Fógra Íocaíochta Seasta a eisiúint.
An tAonad um Chosaint Ioncaim,
An Foirgneamh um Chosaint Ioncaim,
Stáisiúin Uí Chonghaile
Ríomhphost: rpu@irishrail.ie
Fón: Cuir glaoch ar ár nIonad Teagmhála Custaiméirí
Is féidir Fógra Íocaíochta Socraithe a eisiúint mura dtugtar ainm nó seoladh nó má dhiúltaítear ainm nó seoladh a thabhairt d’oifigeach údaraithe nó má thugtar ainm nó seoladh atá bréagach nó míthreorach. Is féidir Fógraí Íocaíochta Socraithe a eisiúint freisin má dhéantar treaspás ar iarnród, má úsáidtear corda éigeandála nó córas cumarsáide eile idir paisinéirí agus tiománaithe traenach ar bhealach mídhleathach nó mura ndúnfar nó mura ndaingneofar na geataí ar chrosaire comhréidh no pasáiste. Is féidir sáraithe ar fhodhlíthe Chóras Iompair Éireann a ionchúiseamh os comhair na Cúirte Dúiche. Tá liosta iomlán d’fhodhlíthe CIÉ mar a leagtar amach san Ordú um Fhodhlíthe Chóras Iompair Éireann (Dearbhú) iad, ar fáil ag irishrail.ie.
Tá. I gcás ina measfaidh oifigeach údaraithe go bhfuil cion á dhéanamh ag duine nó go bhfuil cion déanta acu faoi Mhír 129 den Acht um Shábháilteacht Iarnróid 2005, féadfaidh sé iarraidh ar an duine sin ainm nó a seoladh a thabhairt agus, i gcás nach ndéanfaidh an duine an méid sin nó i gcás ina dtabharfaidh siad ainm a mheasann an t-oifigeach údaraithe a bheith bréagach nó míthreorach, féadfaidh an t-oifigeach údaraithe an duine sin a gabháil gan bharántas agus, a luaithe is féidir, an duine sin a sheachadadh i gcoimeád an Gharda Síochána chun go ndéileálfar leo i gcomhréir leis an dlí.