Tá Cártaí Bliantúla Leap ar fáil i gCorcaigh ag Cártaí Leap
Tá ticéid chomhcheangailte Bus agus Iarnróid ar fáil don bhealach idir Corcaigh agus Mainistir na Corann. Féach ar an Leathanach Táillí le haghaidh tuilleadh eolais.
Is féidir, téigh go dtí an Leathanach Táillí le haghaidh tuilleadh eolais.
Is féidir, tá Leap ePurse ar fáil anois i gCorcaigh. Le haghaidh tuilleadh eolais féach ar an Leathanach Táillí
Is féidir Cártaí Leap a cheannach ag Meaisíní Ticéad ag na stáisiúin laistigh den cheantar ‘Turas Gairid’ nó ar líne ag www.leapcard.ie nó i siopaí áirithe. TFI Leap Cards are also available in many PostPoint outlets as well as all post offices nationwide.
Agus tú ag tosú amach ar thuras, ní mór duit ‘Tadhall-Ar’ ag an ngeata nó ag an mbailíochtóir ag baint úsáide as do Chárta Leap. Ag deireadh turais ní mór duit ‘Tadhall-As’ chun a chinntiú go mbeidh an táille ceart íoctha agat.
Tadhall-Ar - Déantar taifead den áit inar thosaigh do thuras
Tadhall-As - Déantar taifead den áit de cheann scríbe do thurais
Mura ndéanann tú Tadhall-Ar is ag seachaint táille atá tú.
Mura ndéanann tú Tadhall-As, beidh do tháille níos costasaí.
Chun Tadhall-Ar a dhéanamh ag geata;
Oibríonn Creidmheas Taistil ar an mbealach céanna le creidmheas gutháin. Gach uair a mbaineann tú úsáid as do chárta taistil, baintear costas an turais ó do chreidmheas taistil. Mura mbeidh dóthain creidmheasa ar an gcárta ní bheidh tú in ann é a úsáid i gcomhair taistil go dtí go ndéanfaidh tú ‘Breisiú’ ag meaisín ticéad no ar líne ag www.leapcard.ie.
Ní féidir Breisiú a dhéanamh ag Oifigí Ticéad.
Is féidir táirgí Leap a úsáid ar rianta idir Corcaigh – Cóbh/Mainistir na Corann.
Beidh feidhm ag an gCaidhp Laethúil ón gcéad sheirbhís go dtí an seirbhís dheireanach ar an lá sin.
Beidh feidhm ag an gCaidhp Seachtainiúil (Luan-Domhnach) ón gcéad sheirbhís ar an Luan go dtí an seirbhís dheireanach ar an Domhnach.
Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le Cártaí Leap do dhaltaí scoile téigh go dtí an leathanach dar teideal eolas maidir le ticéid
Tá roinnt buntáistí ann, ar nós:
The Leap Card can be used for rail travel between stations within the 'Dublin City and Commuter Zone'. All stations in the Greater Dublin area from Rathdrum to Drogheda, from Dublin City Centre stations to Enfield and Kildare including all DART services.
The Leap Card also works in the Cork Commuter area.
Usage outside of the Short Hop Zone and Cork commuter Rail services will result in a Fixed Payment Notice of €100 plus the relevant unpaid fare.
Oibrítear amach ar an gcóras cé mhéad creidmheas taistil atá úsáidte agat ar na seirbhísí is infheidhme ar thaistil tú orthu thar lá nó thar sheachtain ar leith agus ní ghearrfar tuilleadh táillí ort nuair a bheidh an teorainn Caidhpe is infheidhme bainte amach agat.
Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh go dtí Caidhpeáil ar Chártaí Leap.
Má tá aon cheist agat is féidir dteagmháil a dhéanamh le cúram custaiméirí Leap agus breathnóidh an meitheal oibre isteach sa scéal agus déanfaidh teagmháil leat go díreach.
Cúram Custaiméirí: 0818 824 824
Calling from outside of Ireland: +353 (1) 907 9425
Dé Luain go Dé hAoine: 7am go 7pm
Dé Sathairn agus Laethanta Saoire Bainc: 9am go 3pm
Dé Domhnaigh: Dúnta
Ag an Meaisín ticéad sa stáisiún
Cuir do chárta isteach sa ‘phóca’ agus lean na treoracha ar an scáileán.
Ar Líne
Logáil isteach ag www.leapcard.ie chun stair do chuntais a fheiceáil agus beidh an t-iarmhéid ar do chárta le feiceáil ansin.
Eiseofar Fógra Íocaíochta Socraithe duit agus bainfear an cárta uait.
Tá, téigh go dtí an leathanach dar teideal Cártaí Cliste i gCorcaigh le haghaidh tuilleadh eolais maidir leis na táirgí atá ar fáil agus na turais lena mbaineann siad.
1.Cuir an Cárta Leap isteach sa phóca ar an meaisín,
2. Roghnaigh an Líon Breisithe ó na roghanna ar an scáileán
3. Cuir isteach an líon airgid atá roghnaithe agat - Glacfar le Nótaí/Boinn/Cártaí Dochair nó Cártaí Creidmheasa
4. Bain an Cárta Leap ón bpóca nuair a iarrtar sin ort ar an scáileán
5. Tá do Chárta Leap Breisithe anois agus is féidir é a úsáid láithreach
Agus tú ag teacht i dtreo an Chaidhp Laethúil nó Seachtainiúil Leap ní ghearrfar ort ach an méid atá fágtha go dtí go sroichfidh tú an caidhp. Tar éis duit Caidhp a shroicheadh, gearrfar €0.00 ort ar gach turas breise an lá sin nó sa tseachtain sin (Luan-Domhnach). Bí cinnte go ndéanann tú ‘tadhall-ar’ agus ‘tadhall-as’ le do Chárta Leap agus an caidhp laethúil nó seachtainiúil sroichte agat.
Eiseofar Fógra Íocaíochta Socraithe duit ós
Cárta cliste plaisteach in-athúsáide is ea Cárta Leap ar féidir é a úsáid in ionad ticéid pháipéir chun íoc as taisteal íoc-mar-a-úsáidtear i mBaile Átha Cliath. Úsáidtear an cárta seo chun creidmheas taistil a stóráil agus a úsáid agus tú ag taisteal ar iompar poiblí.
Leis an gCárta Leap, íocann custaiméirí níos lú airgid agus iad ag íoc as táillí aonair ar sheirbhísí DART agus iarnróid Comaitéireachta, ar Dublin Bus agus ar Luas.
Is féidir le custaiméirí a gCártaí Leap a chlárú ar líne, mar sin ní bheidh duine ar bith eile in ann an cárta a úsáid má chailltear é nó má ghoidtear é.
Téigh go dtí leapcard.ie le haghaidh tuilleadh eolais.
Déanann an córas cártaí Leap caidhpeáil ar chreidmheas taistil, mar sin nuair a shroichfidh tú luach na caidhpe féadfaidh tú leanúint ag taistil mar is gnáth ar an seirbhís iompair ábhartha ach ní ghearrfar tuilleadh creidmheasa taistil ar do chárta ar na seirbhísí sin.
A luaithe is a shroichfidh tú an caidhp taistil don lá nó don tseachtain, ba cheart duit leanúint den Chárta Leap a úsáid mar is gnáth agus tú ag taisteal. Ba cheart Tadhall-Ar agus Tadhall-As mar is gnáth chun go mbeidh do chárta bailí má dhéantar seiceáil air.
Má dhéanann tú go leor turais le do Chárta Leap ar bhonn laethúil nó seachtainiúil (Luan go Domhnach), cuirfear uasmhéid Caidhpe i bhfeidhm ar do chreidmheas taistil.
D’fhéadfadh sé tarlú ó am go ham nach mbeidh Geataí/Bailíochtóirí in ann an Tadhall-Ar/Tadhall-As a aithint. Is faoin gcustaiméir atá sé deimhin a dhéanamh de gur bailíochtaíodh an cárta i gceart. Seo iad an dhá phríomchúis nach féidir cártaí a léamh i gceart:
1. Tá an Cárta Cliste san Áit Mícheart:
Mura gcuirfear an Cárta Leap i gcoinne an léitheora/an ‘targaide’ ar an mbailíochtóir nó ar an ngeata, ní léifear é. Déan deimhin de go gcuirtear an cárta i gcoinne an ‘targaide’ léimh cártaí go socair ar feadh soicind amháin ar a laghad.
Ná déan an Cárta Cliste a chroitheadh thar an targaid léimh cártaí. Ná cuir an Cárta Cliste isteach sa sliotán le haghaidh ticéid pháipéir ar an ngeata.
2. Bac ar an gCárta Cliste
Bain an Cárta Leap amach ó do sparán nó do mhála roimh duit é a úsáid. Féadfaidh Cártaí Cliste eile i do sparán nó mála cur isteach ar an gcárta seo agus ní bheifear in ann é a úsáid.