Tickets - Refunds FAQ
I gcás ina gcuireadh moill ar do thraein mar gheall ar imthosca a raibh smacht ar Iarnród Éireann orthu, beidh feidhm ag an méid seo a leanas;
Má chuirtear moill uair an chloig ort do cheann scríbe a bhaint amach, tabharfar dearbháin duit ar féidir iad a úsáid agus tú ag ceannach ticéid sa todhchaí. Tá luach na ndearbhán ag braith ar fhad na moille a cuireadh ort agus ar an táille a íocadh don turas aonair sin.
Le haghaidh moilleanna idir uair amháin agus dhá uair an chloig, tabharfar dearbhán duit suas le 50% den luach ar íoc tú don chuid den turas ar a gcuireadh moill.
Le haghaidh moilleanna níos faide ná dhá uair an chloig, tabharfar dearbháin duit dar luach 100% den táille ar íoc tú don chuid den turas ar a gcuireadh moill.
Cliceáil anseo chun breathnú ar an gCairt Paisinéirí.Mura cheannaigh tú do thicéad ó Iarnród Éireann, ba cheart duit an ticéad a fhilleadh ar ais ar an áit ónar cheannaigh tú é. Eagrófar aisíocaíocht ansin (má tá tú i dteideal aisíocaíochta) agus d’fhéadfaí táillí riaracháin a ghearradh ort.
Yes, payments are taken before card verification. The refund is issued automatically if the verification is unsuccessful so the customer doesn’t have to request it.
Má theipeann orainn d’áirithint ar shuíochán a chomhlíonadh, agus mura bhfuil suíochán eile ar an gcaighdeán céanna ar fáil ar an seirbhís chéanna, déanaimid táille do thurais aonair a aisíoc chugat i bhfoirm dearbháin taistil.
Ní mór gach éileamh ar aisíocaíocht a dhéanamh laistigh de 28 lá ó dháta críochnaithe do thicéid. D’fhéadfaimis fianaise bhreise a iarraidh uait chun tacú le d’éileamh ar aisíocaíocht.
Gearrfar táille riaracháin ort agus i gcás inar cheannaigh tú áirithint ar líne, ar an teileafón nó ag oifig ticéad beidh feidhm ag na téarmaí agus coinníollacha a ghlac tú leo.
Refunds will need to be requested by logging into your account on leapcard.ie

