How can we help?

An féidir liom suíocháin a chur in áirithint atá ag féachaint sa treo ina bhfuil an traein ag taistil?


Is féidir suíochán atá ag féachaint i dtreo faoi leith a chur in áirithint ar sheirbhísí díreacha áirithe idir Corcaigh/Baile Átha Cliath agus ar gach seirbhís idir Béal Feirste/Baile Átha Cliath mar gheall ar an gcineál traenach a oibrítear ar na rianta sin.
Agus tú ag cur suíocháin in áirithint ar cheann de na rianta sin

  • Cliceáil ar ‘Roghnaigh Mo Shuíocháin Féin’
  • I gcás ina mbeidh rogha ann maidir leis an treo ina mbeidh an suíochán ag féachaint, taispeánfar sin mar “Treo Taistil” ar bharr an chóiste atá á thaispeáint chun suíochán a roghnú ann.
  • I gcás nach mbeidh traein ag oibriú ina bhfuil rogha ann maidir leis an treo taistil, ní bheidh an rogha sin le feiceáil.

Faraor, ar sheirbhísí agus ar rianta eile, arna n-oibriú ag ár bhflít nua Cóistí Idirchathracha, ní féidir linn rogha a chur ar fáil maidir leis an treo ina mbeidh an suíochán ag féachaint ós rud é go bhféadfadh na traenacha nua sin a dtreo a athrú ag cúpla láthair ar an líonra traenach.
 

Barr