How can we help?

An gá dom ticéad a fháil má bhíonn Cárta Saorthaistil/ Seirbhísí Poiblí agam?


Cuirtear na nithe seo a leanas in iúl do chustaiméirí agus iad ag taisteal ar sheirbhísí DART, Iarnróid Éireann | Irish Rail, Seirbhísí Comaitéireachta agus Idirchathracha.

Taisteal ar Iarnród Idirchathrach le hIarnród Éireann Irish Rail
Taispeáin do Chárta Seirbhísí Poiblí/Cárta Saorthaistil ag deasc ticéad agus eiseófar ticéad taistil duit. Bain úsáid as an ticéad seo le dul tríd na geataí, le do thoil.
 
Taisteal i Zón na dTuras Gairid ar Sheirbhísí DART agus Comaitéarachta Iarnród Éireann Irish Rail. (féach ar an léarscáil)
Tadhaill do chárta ag geata/meaisín nó cuaille Smartcard agus tú ag dul isteach agus ag imeacht ó na stáisiúin nó na hardáin. Ní mór duit do charta a thadhaill ar gheata/mheaisín nó cuaille Smartcard ag tús agus ag deireadh do thuras. 
 
Ag taisteal go Thuaisceart Éireann
Ba cheart do shealbhóirí Pas Saorthaistil a gCárta Saorphas/PSC a chur i láthair Oifig na dTicéad chun ticéad taistil a fháil.

Seirbhísí Speisialta
Níl Cártaí Seirbhíse Poiblí/Pasanna Saorthaistil bailí ar Sheirbhísí Speisialta

Téarmaí agus Coinníollacha Taistil
Tabhair faoi deara le do thoil - Ní féidir leat leas a bhaint as Saorthaisteal ach amháin má tá Cárta Seirbhísí Poiblí bailí agat nó Pas Saorthaistil bailí i do sheilbh agat. 

Nuair a iarann cigire ticéad nó tiománaí ort do Chárta/Pas a thaispeáint agus ní thaispeánann tú é, nó nuair nach gcomhlánann tú na treoracha a thugtar duit, d'fhéadfaí iarraidh ort táille a íoc as an turas nó d'fhéadfaí fógra pionóis seasta a eisiúint duit.
 
Barr