How can we help?

An bhfuil an Lascaine Leap 90 infheidhme ar gach turas ar Dublin Bus, Luas, DART agus iarnród comaitéireachta?


Tá sí infheidhme ar gach turas ar DART/ar iarnród comaitéireachta a bhfuil turas ar Dublin Bus nó Luas ag gabháil roimhe inar úsáideadh creidmheas taistil Leap agus a cuireadh tús leis laistigh de na 90 nóiméad roimhe sin.

Tá sí infheidhme ar gach seirbhís Dublin Bus (seachas Airlink) a bhfuil turas ar Dublin Bus, Luas, DART nó Iarnród comaitéireachta ag gabháil roimhe inar úsáideadh creidmheas taistil Leap agus a cuireadh tús leis laistigh de na 90 nóiméad roimhe sin.

Tá sí infheidhme ar gach turas Luas a bhfuil turas ar Dublin Bus nó DART/iarnród comaitéireachta ag gabháil roimhe inar úsáideadh creidmheas taistil Leap agus a cuireadh tús leis laistigh de na 90 nóiméad roimhe sin.

Tabhair faoi deara: Níl sí infheidhme maidir le daoine atá ag athrú díreach ó Luas go Luas ná ó DART/iarnród comaitéireachta go DART/iarnród comaitéireachta, ós rud é go bhfuil táillí laghdaithe faoi leith ag na turais sin cheana, agus ní bheidh feidhm ag an Lascaine Leap 90.

Priontáil
Barr