How can we help?

Cén chaoi a bhféadfaidh mé fógraíocht a dhéanamh in áitribh Iarnród Éireann lena n-áirítear sampláil agus margaíocht?


Bímid uilig ag dul ó áit go háit an t-am ar fad. Cibé acu aistear chun na hoibre, turas siopadóireachta nó siúlóid shuaimhneach ag an deireadh seachtaine, is iad na turais laethúla a dhéanaimid a thugann luas agus insint do ghnáthimeachtaí an tsaoil.  Le fógraíocht As-Baile féadfaimid teagmháil a dhéanamh le réimse leathan lucht féachana agus iad ag taisteal lasmuigh den bhaile, is cuma cén aistear nó gníomhaíocht fóillíochta atá siad ag tabhairt faoi.

Cuideachta thiomanta bheoga is ea Exterion Media atá ag obair i gcomhpháirt le Fógróirí, Gníomhaireachtaí na Meáin, agus Comhpháirtithe Saincheadúnas chun ardáin spreagúla éifeachtacha um sholáthar do luchtanna féachana a chur ar fáil.  Bainimid an méid sin amach a bhuí dár dtuiscint ar an margadh, nuálaíocht, infheistíocht agus caidrimh.

Díolann Exterion Media deiseanna fógraíochta agus margaíochta i réimse leathan formáidí thar ceann Iarnród Éireann, lena n-áirítear an líonra DART, Comaitéireachta agus Iarnróid Idirchathraigh. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis an gcaoi a bhféadfaidh tú do theachtaireacht fógraíochta a chur os comhair lucht féachana leathan luachmhar, déan teagmháil linn ag:

Fón: Díolacháin 01-6694500

R-phost: sales@exterionmedia.ie

Ar líne: www.exterionmedia.ie

 

Barr