How can we help?

Cén chaoi a bhfeidhmíonn na cártaí éagsúla?


  • Cás 1 – GACH CÁRTA: Mura bhfuil 3D Secure curtha i bhfeidhm ag d’eisitheoir cárta, leanfar le d’idirbheart íocaíochta mar is gnáth;
    • Cás 2a - MASTERCARD: I gcás ina beidh 3D Secure curtha i bhfeidhm ag do bhainc ach nach mbeidh tú cláraithe le haghaidh 3D Secure, beidh 3 iarracht agat dul tríd an bpróiseas 3D Secure – ar an gceathrú iarracht iarrfar ort an t-idirbheart a chríochnú trí pasfhocal 3D Secure a chlárú.
    • Cás 2b - VISA: I gcás ina beidh 3D Secure curtha i bhfeidhm ag do bhanc ach nach mbeidh tú cláraithe le haghaidh 3D Secure, ní mór duit an t-idirbheart a chríochnú trí phasfhocal 3D Secure a chlárú – níl dara rogha ann dul thar an gcéim seo.
  • Agus tú ag clárú don chéad uair, ní mór duit a dheimhniú gur tusa an sealbhóir cárta trí roinnt ceisteanna slándála a roghnóidh do bhainc a fhreagairt (e.g. sloinne do mháthair roimh phósadh di, teorainn do chárta creidmheasa, d’uimhir CCV, dáta éaga do chárta, i measc ceisteanna féidearthachta eile)
  • Má éiríonn leat, roghnaigh pasfhocal 3D Secure, meabhrúchán don phasfhocal agus beannacht phearsanta
  • Mura éiríonn leat, ní mór duit glaoch a chur ar an mbanc a d’eisigh do chárta (ag braith ar d’eisitheoir cárta, d’fhéadfadh trí rogha a bheith agat do phasfhocal a chur isteach)
  • Leis an mbeannacht phearsanta féadfaidh tú a bheith muiníneach de go bhfuil tú ar shuíomh gréasáin iontaofa agus tú ag déanamh idirbheart 3D Secure ar irishrail.ie nó ar aon shuíomh gréasáin eile a bhfuil 3D Secure i bhfeidhm air.
  • Cás 3 –  GACH CÁRTA: I gcás ina mbeidh 3D Secure curtha i bhfeidhm ag d’eisitheoir cárta agus ina mbeidh pasfhocal 3D Secure cláraithe agat cheana (ar irishrail.ie nó ar aon shuíomh gréasáin 3D Secure eile), ní mór duit do phasfhocal a chur isteach chun an t-idirbheart a chríochnú. Beidh an bheannacht phearsanta a roghnaigh tú cheana le feiceáil (e.g. fáilte romhat ar ais, a Sheáin) chun a chur in iúl duit go bhfuil tú ar leathanach iontaofa 3D Secure. Má dhéanann tú dearmad ar do phasfhocal, tá rogha ann do phasfhocal a athshocrú. Ag braith ar an eisitheoir cárta, d’fhéadfadh trí rogha a bheith agat an pasfhocal ceart a chur isteach.
Barr