How can we help?

Conas a oibríonn GoCar?


Córas ‘Cláraigh agus Tiomaint’ is ea GoCar. Chun aon GoCar a thógáil amach ar cíos ní mór duit clárú leis an seirbhís GoCar i dtosach. Tá sé éasca clárú! Ní le déanamh ach clárú ar líne ag www.gocar.ie agus an fhoirm a líonadh amach. Iarrfar ort ansin grianghraif nó cóip scanáilte de do cheadúnas tiomána a sheoladh isteach. Má líonann tú isteach an fhoirm ar líne agus má sheolann tú do cheadúnas isteach roimh 4i.n. Luan-Aoine cuirfear do GoCard sa phost ar an lá céanna! A luaithe is a bheidh do GoCard agat féadfaidh tú GoCaranna a chur in áirithint aon áit i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh. Féadfaidh tú GoCar a chur in áirithint idir 5 nóiméad agus 6 seachtainí roimh ré, ag braith ar na caranna atá ar fáil.

A luaithe is a bheidh carr curtha in áirithint agat, féadfaidh tú dul go dtí an GoCar atá roghnaithe agat agus do GoCard a chur suas i gcoinne an ghaothscátha. Fan go dtí go n-osclóidh na doirse agus ansin léim isteach! Cuir do PIN isteach sa chonsól sa lámhainnbhosca, tóg na heochracha agus ar aghaidh leat! Nuair a bheidh tú críochnaithe le do GoCar, tabhair ar ais é ag an GoBase ónar bhailigh tú é, cuir na heochracha ar ais sa lámhainnbhosca agus bí cinnte an carr a chur faoi ghlas le do GoCard.

Barr