How can we help?

Conas a oibríonn próiseas iarratais na n-Orduithe Iarnróid?


Tá an t-iarratas ar Ordú Iarnróid cosúil leis an bpróiseas iarratais phleanála, go bunúsach. Tá an tionscadal aicmithe mar Fhorbairt Straitéiseach Bonneagair (SID) agus déanann Iarnród Éireann iarratas díreach ar an mBord Pleanála ar chead ina leith. Tá an próiseas iarratais ar Ordú Iarnróid leagtha amach san Acht Iompair (Bonneagar Iarnróid) 2001 arna leasú leis an Acht um Bonneagar Straitéiseach 2006. Cuirfimid an t-iarratas ar Ordú Iarnróid isteach nuair atá an chéad dhá chéim den chomhairliúchán poiblí tugtha chun críche. Féadfar d’aon duine nó aon chomhlacht aighneacht nó breathnóireacht a dhéanamh i scríbhinn chuig an mBord Pleanála maidir leis an iarratas agus/nó an Tuarascáil um Mheasúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol. Cuimseofar leis an iarratas ar Ordú Iarnróid roinnt cáipéisí teicniúla agus líníochtaí tionscadail agus Tuarascáil um Mheasúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol. Déanfaidh an Bord Pleanála athbhreithniú agus breithniú ar na cáipéisí agus na líníochtaí seo go léir mar aon le haon aiseolas / aighneachtaí a gheofar ón bpobal mar chuid den phróiseas reachtúil comhairliúcháin phoiblí sula ndéanfar cinneadh ar an iarratas. Táimid ag súil go ndéanfaidh an Bord Pleanála Éisteacht Bhéil sula ndéanfaidh siad cinneadh. Ag Éisteacht Bhéil tabharfaidh údair na dtuarascálacha agus na saineolaithe ábhartha fianaise ar na haighneachtaí a fuarthas agus beidh siad ar fáil lena gceistiú. Tá tuilleadh faisnéise faoi conas haighneacht/breathnóireacht i scríbhinn chur isteach leis an mBord agus nósanna imeachta um Éisteachtaí Béil ar fáil ó shuíomh gréasáin an Bhoird 
Barr