Bhí cuntas agam agus bhí mé cláraithe roimhe seo ach níl mé in ann logáil isteach?
Ag teacht lenár mbeartas GDPR má tá cuntas neamhghníomhach ar feadh 13 mhí, scriostar do chuntas Iarnród Éireann.
Is féidir leat cuntas nua a chur ar bun an chéad uair eile atá tú ag cur in áirithe. Nuair a thagann an rogha chun sonraí do chuntais a chur isteach nó dul ar aghaidh mar chuairteoir, cliceáil ar aghaidh mar chuairteoir agus cuir isteach do chuid sonraí mar is gnách.
Chun cuntas a chur ar bun níl le déanamh ach tic a chur sa bhosca a deir ‘Sea, is mian liom cuntas Iarnród Éireann a chruthú. Is féidir an bosca tic a fháil i ‘Sonraí Pearsanta’ agus faoi ‘shonraí an Chustaiméara’ mar a fheictear sa ghabháil scáileáin thíos. Nuair a bheidh d’áirithint deimhnithe gheobhaidh tú ríomhphost le sonraí do chuntais.