How can we help?

Fuair mé r-phost chun mo phasfhocal a athshocrú ach ní féidir liom logáil isteach i mo Chuntas?


Conas do phasfhocal a Athshocrú:

  1. Cóipeáil do Phasfhocal Sealadach ón ríomhphost dar teideal ‘reset my password / athshocraigh mo phasfhocal’.
  2. Cliceáil ar an gcnapa ‘Activate Password / Cuir Pasfhocal i bhFeidhm’ sa r-phost dar teideal ‘reset my password / athshocraigh mo phasfhocalchun do Phasfhocal Sealadach a chur i bhfeidhm.
  3. Cuir isteach do sheoladh r-phost agus greamaigh do Phasfhocal Sealadach isteach sa líne pasfhocail. Chun fadhbanna a sheachaint, moltar duit cóipeáil agus greamú a dhéanamh ar an bPasfhocal Sealadach.
  4. A luaithe is a bheidh rochtain agat ar do Chuntas, moltar duit do phasfhocal a athrú. Chun an méid sin a dhéanamh, roghnaigh ‘Athraigh mo Phasfhocal’ ón roghchlár.
  5. Déan do Phasfhocal Sealadach ón r-phost dar teideal ‘reset my password / athshocraigh mo phasfhocala chóipeáil isteach sa líne dar teideal ‘Pasfhocal Reatha’. Ná cuir aon phasfhocal eile isteach sa líne sin. Ansin, roghnaigh pasfhocal nua agus cuir isteach sna líne pasfhocail é. Ní mór go mbeidh ar a laghad uimhir amháin, siombail amháin, ceannlitir amháin agus litir cáis íochtair amháin i do phasfhocal nua, mar shampla - Éire123!
  6. Sa dhá líne dheireanacha ‘Pasfhocal Nua’ agus ‘Pasfhocal Nua Arís’ déan deimhin de go bhfuil do phasfhocal nua ag teacht leis na critéir is gá agus go cuirtear an pasfhocal ceart isteach sa dhá bhosca.

A luaithe is a bheidh tú logáilte isteach i do chuntas le do Phasfhocal Sealadach, ní mór duit do phasfhocal a nuashonrú ós rud é go rachaidh an ‘Pasfhocal Sealadach’ in éag

Priontáil
Barr