How can we help?

Ní bhfuair mé ríomhphost deimhniúcháin tar éis dom áirithint a dhéanamh.


Má tá áirithint déanta agat ar líne agus má bhfuair tú uimhir áirithinte ag deireadh an phróisis íocaíochta, ba cheart go gcuirfear r-phost deimhniúcháin duit laistigh de 60 nóiméad.
Mura bhfuair tú r-phost laistigh den tréimhse ama sin, breathnaigh faoi ‘Turscar’ nó ‘Bruscar’ i do chuntas r-phoist, os rud é go bhféadfadh sé tarlú go bhfuil an r-phost i do bhosca isteach ach cuir cuireadh isteach i gceann de na fillteáin sin faoi thimpiste é.
Téigh go dtí Bainistigh m’Áirithint chun an r-phost deimhniúcháin a athsheoladh.
Mar rogha eile, is féidir do stair áirithintí a sheiceáil ar do chuntas Iarnród Éireann;

  1. Cliceáil ar 'Mo Chuntas'
  2. Cuir isteach do sheoladh r-phoist agus do phasfhocal agus cliceáil ar ‘Logáil Isteach’
  3. Ón roghchlár ar thaobh na láimhe clé (ríomhaire deisce nó Táibléad) nó ar an roghchlár anuas (guthán póca) roghnaigh ‘Stair Áirithintí’. Beidh gach áirithint atá déanta agat go dtí seo le feiceáil. Déan nóta den uimhir áirithinte chun go mbeidh tú in ann do thicéad a bhailiú
  4. Roghnaigh ‘Logáil Amach’

Tabhair faoi deara, má dhéanann tú cuntas a chruthú leis an seoladh r-phoist mícheart, seolfar an ríomhphost deimhniúcháin go dtí an seoladh r-phoist mícheart.

Barr