How can we help?

Céard a tharlóidh i gcás ina mbeidh damáiste inmheánach nó seachtrach déanta do mo GoCar nuair a phiocfaidh mé suas ón GoBase é?


Agus tú ag bailiú GoCar iarrtar ort breathnú timpeall ar an gcarr. Má thugann tú aon damáiste faoi deara, déan an bhileog tuairiscithe damáiste i ndoras an tiománaithe a sheiceáil. Mura bhfuil tuairisc ar an damáiste ar an mbileog, cuir glaoch ar GoCar ar 01 844 1969 chun iad a chur ar an eolas agus déan an damáiste a mhairceáil sa leabhar.

Níl gá glaoch a chur má tá an damáiste luaite sa leabhar cheana. Féadfaidh tú leanúint le do thuras. Má shroicheann tú GoCar agus tá sé thar a bheith salach, cuir glaoch orthu chun iad a chur ar an eolas agus déanfar iarracht GoCar eile a sholáthar duit más mian leat.

 

Barr