How can we help?

Cad é 3D Secure?


Prótacal is ea 3D Secure a úsáidtear mar shlándáil bhreise agus íocaíocht á dhéanamh le cártaí creidmheasa agus cártaí dochair ar líne. Déantar an méid sin trí chéim fhíordheimhnithe bhreise a chur ar fáil i gcomhair íocaíochtaí ar líne; pasfhocal.

Visa a d’fhorbair an tseirbhís agus tugadh “Verified by Visa” air. Ansin rinne MasterCard seirbhís a fhorbairt bunaithe ar an bprótacal céanna dar teideal “MasterCard® SecureCode™”. Cruthaíodh é chun slándáil íocaíochtaí ar líne a fheabhsú trí chéim slándála bhreise a chur ar fáil do chustaiméirí roimh dóibh idirbheart a dhéanamh ar líne. Cruthaítear pasfhocal mar chuid de sin. Is féidir a chinntiú leis sin nach bhfuil do chárta creidmheasa á úsáid go calaoiseach ós rud é nach mbeidh an pasfhocal ar eolas ag duine ar bith eile seachas tusa.

An chéad uair a dhéanfaidh tú idirbheart agus 3D Secure i bhfeidhm, cuirfear go dtí suíomh ghréasáin iontaofa d’eisitheora cárta tú. Roimh duit leanúint ar aghaidh iarrfar ort roinnt sonraí pearsanta a dheimhniú agus pasfhocal a chruthú. Tá an méid sin comhtháite isteach sa leathanach íocaíochta. Ná luaigh do phasfhocal do dhuine ar bith eile – féadfaidh tú a bheith cinnte de ansin go bhfuil do chárta sábháilte. Ná scríobh síos do phasfhocal in áit ar bith.
 

Barr