Céard atá i gceist le linn trialach na haipe?
- Beidh ort do spéis sa triail a chlárú ar dtús chun bheith mar chuid de phainéal úsáideoirí go huathoibríoch.
- Beidh ball ár bhfoirne tionscnaimh i dteagmháil leat le tuilleadh eolais.
- Roghnófar roinnt ball den phainéal úsáideoirí ansin chun an aip fhréamhshamhail a thástáil, iarrfar ort ansin freastal ar cheardlann réamhrá a chinnteoidh go dtuigeann tú an chaoi ar a oibríonn an aip agus céard atá riachtanach.
- Iarrfar ort turais rialta a dhéanamh ar an DART mar a dhéanann tú de ghnáth, ag baint úsáide as an aip chun cúnamh a chur in áirithe.
- Iarrfar ort an t-eispéireas a mharcáil ar an aip ag deireadh gach turais agus aon aiseolas a thuairisciú.
- Tá seans ann go n-iarrfar ort dul i mbun ceardlanna forbartha breise leis an bhfoireann tionscnaimh ar feadh na tréimhse tástála. (cuirfear é seo in iúl duit roimh thús na tréimhse trialach).