How can we help?

Cén measúnú tráchta agus samhaltú tráchta atá déanta chun tacú leis na measúnuithe?


Is é Staidéar Iompar Líne Mhá Nuad (CSEA/Systra, Iúil 2019) an doiciméad tagartha maidir leis an measúnú ar an tionchar tráchta ar dhúnadh crosairí comhréidhe agus ar an maolú tráchta a chuirtear ar fáil trí dhroichid bhreise a sholáthar trasna na conaire iarnróid/chanála.  Cuirtear é seo ar fáil in Iarscríbhinn 3.1 den Tuarascáil ar Roghnú Réamhroghanna atá ar fáil ar shuíomh idirlín an Chomhairliúcháin Phoiblí.  Soláthraíonn Cuid 3 den tuarascáil seo (Leathanach 32) faisnéis ar gach comhaireamh uathoibríoch tráchta (35 Uimh.) agus ar chomhaireamh casadh acomhail (48 Uimh.) a rinneadh.  Léiríonn Fíor 3.1 agus Fíor 3.11 láithreacha gach comhairimh uathoibríoch tráchta agus comhaireamh casadh acomhail.  Baineadh úsáid as an eolas seo chun an tsamhail ceantair áitiúil a chalabrú agus a dhearbhú, chun léiriú go cruinn na gluaiseachtaí tráchta laistigh den limistéar staidéir.  Sonraíonn Cuid 4.2 den tuarascáil seo (Leathanach 56) an mhodheolaíocht iomlán a leanadh sa mheasúnú bunaithe ar bhóithre.
Barr