How can we help?

An bhfaighidh aon duine seachas Iarnrod Éireann mo chuid eolais pearsanta má bhainim úsáid as an tseirbhís téacs um iompar frithshóisialta?


Gheobhaidh ár soláthraí seirbhíse téacs, Sendmode, do shonraí chun cabhrú linn Seirbhís Téacs Iarnróid Éireann a chur ar fáil.

Ag brath ar nádúr na heachtra, tá seans ann go n-iarrfaí ar Iarnród Éireann do chuid eolais a chur ar aghaidh chuig na Gardaí, go háirithe más rud é go bhfuil na Gardaí ag fiosrú gníomhaíochta choiriúla ar an DART, nó ag aon stáisiún DART agus más finné thú ar choir.

Mar aon leis sin, d’fhéadfadh go mbeadh orainn do chuid eolais a chur ar aghaidh chuig ár n-árachóirí nó chuig ár gcomhairleoirí dlí mar pháirt de haon éileamh a bhaineann leis an eachtra a tuairiscíodh.

I gcás ina roinntear sonraí beidh sé á rialú ag conradh i gcomhréir le Beartas Cosanta Sonraí Iarnróid Éireann, Bealtaine 2018. 

Barr