Ag taisteal ar an traein i rith COVID-19
28 Feabhra 2022
An méid atá ar bun againn chun sibhse a choinneáil sábháilte, an méid is féidir libhse a dhéanamh chun cabhrú linn, agus socruithe aisíocaíochta
- Taisteal ar an traein le linn COVID-19
- Cad atá á dhéanamh againn chun timpeallacht shábháilte a chinntiú
- Cad is féidir leat a dhéanamh chun cabhrú linn
Taisteal ar an traein le linn COVID-19
Ón 28 Feabhra ar aghaidh, tá stádas chlúdaigh aghaidhe a chaitheamh ar iompar poiblí ag bogadh ó bheith éigeantach go comhairleach.
Tá gach spás ar bord (suí agus seasamh) ar fáil le húsáid, agus tá sceideal iomlán ag feidhmiú ar fud an ghréasáin.
Cad atá á dhéanamh againn chun timpeallacht shábháilte a chinntiú
- Táimid ag glanadh traenacha ó bhun go barr, pointí tadhaill custaiméirí ar thraenacha agus sna stáisiúin ar bhonn rialta
- Tá aonaid díghalráin láimhe i ngach ceann de na 145 stáisiún ar an ngréasán. Tá meaisíní díola lonnaithe in suas go 50 stáisiún, ónar féidir clúdaigh aghaidhe, díghalrán láimhe pearsanta agus lámhainní a fháil
Cad is féidir leat a dhéanamh chun cabhrú linn
Taisteal a phleanáil
- Bain úsáid as ár bpleanálaí turais chun teacht ar an t-eolas is déanaí maidir le seirbhísí, agus chun ticéid a chur in áirithe
- Má tá tú ag taisteal ar sheirbhísí Idirchathrach, molaimid duit áirithintí a dhéanamh roimh ré, lena n-áirítear sealbhóirí pasanna saorthaistil nó ticéid bhailí atá ann cheana féin
- Ní mór spásanna do rothair a chur in áirithe ar líne roimh thaisteal
- Is féidir áirithintí do ghrúpaí a dhéanamh arís
Sa stáisiún
- Má bhíonn tú ag ceannach ticéid sa stáisiún, seachain airgead tirim a úsáid más féidir ar chor ar bith. Bain úsáid as meaisíní díola ticéad, Cárta Leap, nó íocaíocht gan tadhall le do thoil
- Le do thoil, cloí leis na riachtanais maidir le sláinteachas láimhe, agus bain úsáid as stáisiúin díghalráin láimhe
Ar bord na dtraenacha
- Moltar duit clúdach aghaidhe a chaitheamh le linn taistil
- Lean comhairle nó treoir a thugann fostaithe duit
- Bain gach earra den suíochán agus dn mbord agus tú ag fágáil na traenach. Déan bruscar a chur sna boscaí bruscair atá curtha ar fáil
- Seirbhís Lónadóireachta: Táimid ag obair lenár soláthraí lónadóireachta chun seirbhísí lónadóireachta ar bord a atosú chomh tapa agus is féidir. Is féidir le custaiméirí a gcuid bia agus sneaiceanna féin a thabhairt ar bord, lena n-áirítear soláistí atá ar fáil ‘sna hionaid mhiondíola/bia in go leor dár stáisiúin
Go raibh maith agat as do chomhoibriú, agus táimid ag tnúth leat a fheiceáil ar bord.
An tAlt Roimhe Seo
24 Feabhra 2022