Find Times and Buy Tickets
Iarnród Éireann Comhlánaigh an fhoirm seo agus seol í chun amanna agus ticéid traenach a aimsiú
Ceann Scríbe
Ó *required
Type
Úsáid na saigheadeochracha ar an méarchlár chun dul tríd an gcineál grúpa
Dáta
Roghnaigh dáta imeachta
Select outbound date dialog
Dáta Imeachta (dd.mm.yyyy)
Roghnaigh dáta fillte
Am

Paisinéirí

1 Paisinéirí Modal Paisinéirí Oscailte<
Roghnaigh dialóg úsáideoirí paisinéirí
Paisinéirí
Eolas Paisinéirí
Áirithint amháin

Pas taistil saor in aisce

Cé atá incháilithe don ticéad seo?

  • Custaiméirí a bhfuil ticéad bailí den Ghrád Oscailte acu
  • Sealbhóirí Saorthaistil/Pas ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí (an RGFCS)

Cad iad na coinníollacha a bhaineann le taisteal?

Is féidir le custaiméirí a bhfuil ticéad/ticéid b(h)ailí den ghnáthghrád acu cheana féin nó a bhfuil ticéid á gceannach acu ar lá an taistil, ar nós Ticéid Teaghlaigh, Singil, Fillte Lae, Fillte Oscailte, Seachtaine, Mhíosa, Bhliana, InterRail agus sealbhóirí pas Saorthaistil suíochán a chur in áirithe ar sheirbhís ar tháille €2.50 an duine gach bealach Cuirtear in iúl do chustaiméirí nach mbíonn ach roinnt áirithe áirithintí suíocháin amháin ar líne ar fáil.

Cá féidir liom an ticéad seo a cheannach?

  • Léigh ár Ceisteanna Coitianta faoi conas áirithint suíocháin amháin a chur in áirithe.

Cá mbailíonn mé an ticéad? 

Is gá paisinéir amháin ar a laghad a roghnú

Le haghaidh tuilleadh eolais ar Thicéid Ar Líne féach le do thoil Eolas Ticéad

Roghanna
Roghnaigh dialóg na n‐úsáideoirí cathaoireach rothaí
Úsáideoirí cathaoireach rothaí

Roghnaigh an Paisinéir/na Paisinéirí a bhfuil an spás cathaoireach rothaí ag teastáil uathu. Nuair atá rogha déanta, ní thaispeántar le cur in áirithint ach seirbhísí ar a bhfuil spásanna do chathaoir(eacha) rothaí, bunaithe ar do rogha

passenger-seat icon Travel Pass or Travel Ticket holder

Travel Pass or Valid Ticket holder dialog
Travel Pass or Valid Ticket holder

Is an option for customers who are in possession of Free Travel Pass, a valid standard class ticket(s), seasonal ticket(s), Taxsaver ticket(s) or InterRail to book onto a train in standard class. Customers who have a valid standard class ticket but wish to upgrade to First Class should also use this selection. For more information go to Tickets Explained section.

Please select the passenger(s) who require this ticket type

Comórann an Enterprise 75 bliain den nasc idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste

11 Lúnasa 2022

Taispeántais le feiceáil i Stáisiún Uí Chonghaile i mBaile Átha Cliath agus i bPlás Lanyon Bhéal Feirste chun seirbhís agus stair shóisialta an Enterprise a chomóradh.

Tá stair shaibhir ag an tseirbhís traenach Enterprise agus chun ceiliúradh a dhéanamh ar an 75 bliain den seirbhís iarnróid tá taispeántas curtha le chéile ag Iarnród Éireann agus Iarnróid Thuriasceart Éireann, Translink lena n-áiritear grianghraif den traein, de na custaiméirí agus den fhoireann thar na blianta. Tá an taispeántas le feiceáil anois i Stáisiún Uí Chonghaile agus i bPlás Lanyon. 

Ar 10.30am, an 11 Lúnasa, 1947, chuaigh an chéad seirbhís traenach Enterprise ó Bhéal Feirste go Baile Átha Cliath, na traein gaile seacht gcarráiste arna oibriú ag Mór-Iarnród an Tuaiscirt (Éire).  

Is éard a bhí i gceist leis an gcéad bhliain agus é i mbun seirbhíse ná traein amháin ag taisteal i ngach treo, agus bhíothas a rá faoi gurb é seoladh an Enterprise an tús den ré nua i dtaisteal iarnród trasteorann agus an dhá chathair a nascadh lena chéile.   Inniu, 75 bliain ina dhiaidh sin, tá éileamh paisinéirí an Enterprise ar an mbealach chun a bheith níos airde ná mar a bhí riamh roimhe seo, le 16 traein gach lá, 8 dtraein sa treo.  

Ó thaobh na hoibríochta de, is iomaí garspriocanna a bhí ann thar na blianta, ar nós carranna díosail iarnród in ionad innill ghluaiste gaile, athchóirithe móra agus uuasghráduithe ar an iarnróid. Ach bhí tionchar ag an gcomhthéacs stairiúil ar nós na Trioblóidí agus Gluaiseacht Shaoirse na mBan in Éirinn ar scéal an Enterprise chomh maith.   

Anois á oibriú ag Iarnród Éireann agus Iarnród Thuaisceart Éireann, Translink. tugtar breac-chuntas sa Phlean Forbartha Straitéisí don Enterprise ar uaillmhianta maidir le forbairt na seirbhíse, mar shampla, flít nua a sholáthar, leictriú líne agus roghanna chun amanna turais a fheabhsú.  

Ag comóradh 75 bliain den Enterprise, dúirt Jim Meade, Príomhfheidhmeannach Iarnród Éireann: "Tá stair shaibhir agus allabhrach ag an seirbhís Enterprise. Táim cinnte go mbainfidh custaiméirí an-taitneamh as an taispeántas atá le feiceáil anois i bPlás Lanyon agus i Stáisiún Uí Chonghaile. Is cónascaire lárnach eacnamaíoch agus sóisialta í an traein Enterprise do mhuintir Bhaile Átha Cliath, Bhéal Feirste agus na stáisiúin idir eatarthu agus táimid ag súil le 75 bliain eile d’oibríochtaí rathúla."

Dúirt Príomhfheidhmeannach an Ghrúpa Translink, Chris Conway : "Inniu, déanann muid ceiliúradh ar an seirbhís, ar an bhfoireann agus ar na custaiméirí thar na blianta.   Cibé cúis taistil a bhí agat, bhí an Enterprise ann chun muid a nascadh le teaghlaigh, le cairde agus le deiseanna."

"D'éirigh leis an Enterprise teacht chun cinn le himeacht ama an nascacht idir Béal Feirste agus Baile Átha Cliath a fheabhsú le teacht aniar, neart agus a seacht ndícheall a thaispeáint ar an mbealach.  Gabhaim buíochas le gach duine a mhúnlaigh aistear an Enterprise agus táimid ag súil lenár bpleananna uaillmhianacha a chur ar fáil chun  todhchaí na príomhsheirbhíse iarnróid trasteorann a chinntiú." 

 

 

Barr