Beidh Feabhsuithe Móra mar thoradh ar The Big Lift
23 Meán Fómhair 2022
Tá 22 stáisiún eile ann ina bhfuiltear chun áiseanna ardaitheora a athnuachan nó a uasghrádú i 2021, le cuid d’infheistíocht €5.8 milliún
In Iarnród Éireann táimid ag infheistiú inár stáisiúin trí uasghrádú The Big Lift. As seo go ceann bliana, beidh athruithe móra á ndéanamh againn trínár n‐ardaitheoirí a ionadú agus a uasghrádú.
Beidh feabhsuithe móra do dhaoine ag a bhfuil fadhbanna soghluaisteachta mar thoradh ar The Big Lift. B’fhéidir go mbeidh orainn cur isteach ar sheirbhísí áirithe anois, ach beidh rochtain bhreise iontaofa ar stáisiúin do gach duine amach anseo mar thoradh ar an obair seo.
Déanfar uasghrádú ar dhá stáisiún is fiche ar fud an líonra faoi dheireadh na bliana seo, ag teacht sna sála ar dhá stáisiún déag ina ndearnadh amhlaidh iontu in 2020. Ach tá athruithe móra beartaithe againn, tá 52 stáisiún ar fud an ghréasáin iarnróid a bhfuil sé beartaithe infheistíocht shuntasach a dhéanamh iontu idir seo agus 2024.

Fad is atá an obair uasghrádaithe ar bun againn, déanfar socruithe chun freastal ar chustaiméirí ag a bhfuil fadhbanna soghluaisteachta lena chinntiú go mbeidh rochtain ar stáisiúin ar fáil ar bhonn leanúnach.
Tá dátaí, suíomhanna agus mionsonraí inrochtaineachta do gach stáisiún Big Lift 2021 le fáil thíos:
Stáisiún | Tús na hOibre | Críoch na hOibre | Socruithe inrochtaineachta i rith na noibreacha: |
---|---|---|---|
Baile Adaim (ardán 2/3) |
Iomlán |
Iomlán |
|
Baile Adaim (ardán 1/4) |
3 Deireadh Fómhair |
4 Samhain |
Déan teagmháil leis an oifig rochtana roimh ré |
Carraig Thuathail (ardán 1/2) |
5th Meán Fómhair |
28th Deireadh Fómhair |
Déan teagmháil leis an oifig rochtana roimh ré |
An Ráth |
Iomlán |
Iomlán |
|
Chonghaile (Staighrí beo - Príomhthionól) |
29th Lúnasa |
5th Nollaig |
Ardaitheoir ar fáil sa stáisiún chomh maith le staighrí beo ó stad Luas |
Droim Conrach (ardán 1/2) |
22nd Lúnasa |
14th Deireadh Fómhair |
Déan teagmháil leis an oifig rochtana roimh ré |
Cnoc an Fhuaráin |
Iomlán |
Iomlán |
|
Collchoill (ardán 1) |
29th Lúnasa |
29th Meán Fómhair |
Déan teagmháil leis an oifig rochtana roimh ré |
Collchoill (ardán 2/3) |
29th Lúnasa |
4th Deireadh Fómhair |
Déan teagmháil leis an oifig rochtana roimh ré |
Mainistir na Corann |
24th Deireadh Fómhair |
16th Nollaig |
Déan teagmháil leis an oifig rochtana roimh ré |
Páirc an Iarthair (ardán 1 agus 2/3) |
Iomlán |
Iomlán |
|
Páirc an Iarthair (ardán 4) |
3rd Deireadh Fómhair |
17th Deireadh Fómhair |
Déan teagmháil leis an oifig rochtana roimh ré |
Port Mearnóg |
Iomlán |
Iomlán |
|
Má theastaíonn tuilleadh eolais uait faoi conas cúnamh a eagrú duit féin tabhair cuairt ar ár leathanaigh faisnéise inrochtaineachta.
An tAlt Roimhe Seo
11 Lúnasa 2022