Iarnród Éireann Comhlánaigh an fhoirm seo agus seol í chun amanna agus ticéid traenach a aimsiú
Ceann Scríbe
Ó
Type
Úsáid na saigheadeochracha ar an méarchlár chun dul tríd an gcineál grúpa
Dáta
Roghnaigh dáta imeachta
Roghnaigh dáta fillte
Am
Paisinéirí

Paisinéirí

Roghanna

cathaoir rothaí deilbhín Úsáideoirí cathaoireach rothaí

Roghnaigh dialóg na n‐úsáideoirí cathaoireach rothaí
Úsáideoirí cathaoireach rothaí

Roghnaigh an Paisinéir/na Paisinéirí a bhfuil an spás cathaoireach rothaí ag teastáil uathu. Nuair atá rogha déanta, ní thaispeántar le cur in áirithint ach seirbhísí ar a bhfuil spásanna do chathaoir(eacha) rothaí, bunaithe ar do rogha Míniú ar Thicéid mír.

passenger-seat icon Sealbhóir Pas Saorthaistil nó Thicéid Bhailí

Sealbhóir Pas Saorthaistil nó Thicéid Bhailí
Sealbhóir Pas Saorthaistil nó Thicéid Bhailí

Is rogha é seo do chustaiméirí a bhfuil Pas Saorthaistil, gnáth-thicéad/thicéid b(h)ailí, ticéad séasúrach/ticéid shéasúracha, ticéad/ticéid Coigilteora Cánach nó InterRail acu áit a chur in áirithe ar thraein sa ghnáthghrád agus sanntar suíochán atá curtha in áirithe i gcás ina bhfuil sé ar fáil. Ba chóir do chustaiméirí a bhfuil gnáth-thicéad bailí acu ach ar mian leo uasghrádú go dtí an Chéad Ghrád, an rogha seo a úsáid freisin. Le haghaidh tuilleadh eolais téigh chuig an rannán Míniú ar Thicéid mír.

Roghnaigh gach aon phaisinéir a bhfuil an cineál ticéid seo uathu

Iompar Poiblí le Filleadh ar an gCumas Iomlán

31 Lúnasa 2021

Tá áthas ar an Údarás Náisiúnta Iompair a fhógairt go bhfillfidh ár mbusanna, tramanna agus traenacha ar an gcumas iomlán ón gCéadaoin 1ú Meán Fómhair. Ciallaíonn sé seo nach mbeidh suíocháin blocáilte amach a thuilleadh ar bord ár seirbhísí.

Agus muid ag cur fáilte roimh dhaoine ar ais ar iompar poiblí, tá sábháilteacht ár gcustaiméirí fós mar thosaíocht againn:

  • Tá sé fós éigeantach cludach aghaidhe a chaitheamh ar iompar poiblí
  • Leanfaidh oibreoirí iompair ar aghaidh le córas glantacháin laethúil ar a bhflít
  • Tá díghalrán láimhe ar fáil ar bhusanna agus ag stáisiúin dár bpaisinéirí
  • Ba cheart fuinneoga a fhágáil ar oscailt ar bord nuair atá siad ar fáil chun aeráil a fheabhsú
  • Ba cheart an Cárta Léime agus íocaíochtaí eile gan airgead tirim a úsáid nuair is féidir.

Dúirt Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Údaráis Náisiúnta Iompair, Anne Graham:

“Cuirim fáilte roimh chinneadh na Comh-Aireachta gur féidir le hiompar poiblí filleadh go sábháilte go cumas 100% anois. Tá sé fós éigeantach clúdaigh aghaidhe a chaitheamh, agus d’iarrfainn ar phaisinéirí a bheith foighneach agus iad ag dul ar agus as seirbhísí agus meas a léiriú do bhaill foirne iompair i gcónaí.

Táimid ag tnúth le méadú ar éileamh paisinéirí de réir mar a fhásann muinín i sábháilteacht iompar phoiblí. Leanfaidh an UNI de bheith ag idirchaidreamh le hoibreoirí iompair chun monatóireacht a dhéanamh ar threochtaí paisinéirí agus ar aon dúshláin a d’fhéadfadh teacht chun cinn de réir mar a fhillfimid ar chumas iomlán”.

Mholfadh an UNI do gach duine leanúint ar aghaidh a bheith tuisceanach do phaisinéirí eile. Má tá tú ar sheirbhís ghnóthach, bí aireach faoi chustaiméirí níos leochailí a bhféadfadh a ngá le suíochán a bheith níos mó ná do ghá féin.

De réir mar a fhilleann scoileanna agus institiúidí triú leibhéal ar fhoghlaim ar an láthair táimid ag súil go mbeidh seirbhísí níos gnóthaí sna seachtainí atá romhainn. Más mian leat seirbhísí gnóthacha a sheachaint, is é ár gcomhairle pleanáil roimh do thuras agus buaicthréimhsí a sheachaint más féidir.

Meabhraítear do chustaiméirí go bhfuil an Aip Bhreisithe TFI Cárta Léime ar fáil ar ghléasanna Apple agus Android a ligeann d’úsáideoirí a n-iarmhéid a sheiceáil agus breis airgid a chur leis nuair atá siad gníomhach.

Tá tacsaithe agus hacnaithe ar fáil go forleathan ar fud na tíre.

Le haghaidh sonraí faoi na seirbhísí go léir agus eolas faoi thurais bain úsáid as ár n-aip Pleanálaí Turais nó téigh chuig transportforireland.ie

An tAlt Roimhe Seo

22 Meitheamh 2021

Travel By DART

An Chéad Alt Eile

27 Meán Fómhair 2021

Beidh Feabhsuithe Móra mar thoradh ar The Big Lift

Priontáil
Barr