SailRail - Téigh chuig an Ríocht Aontaithe ar an Traein & ar an mBád Farantóireachta
Is iontach an luach ar airgead é taisteal ó stáisiún ar bith de chuid Iarnród Éireann go dtí an Ríocht
Aontaithe

Buntáistí
- Táillí ísle cinnte agus amanna taistil laghdaithe ó thús deireadh do thurais
- Gan cánacha ceilte
- Gan srianta nó táillí bagáiste
- Lúide 50% i gcás leanaí faoi bhun 16 bliana d’aois agus tá leanaí faoi bhun 5 bliana
d’aois saor in aisce - Seirbhísí Farantóireachta tapa agus nua-aimseartha
Níl le híoc ach an praghas a fheiceann tú
- Baile Átha Cliath go Londain €52.00 an bealach
- Corcaigh go Manchain €67.50 an bealach
- Gaillimh go Learpholl €67.50 an bealach
- Luimneach go Birmingham €68.50 an bealach
Ceannaigh do Thicéad SailRail
Ar Líne
- Is é an bealach is éasca chun do thicéid SailRail a cheannach ná ar líne tríd an suíomh gréasáin Irish Ferries
Ar an Teileafón
- Cuir glao ar (0)1 836 6222 idir 08.30 agus 18.00 Luan go hAoine
Ag Stáisiún de chuid Iarnród Éireann
Moltar do chustaiméirí a dturas a chur in áirithe roimh ré ach i gcás duine a dteastaíonn uathu ticéad a cheannach lá an taistil, áfach, ba cheart dóibh é sin a dhéanamh tráth nach déanaí ná 1 uair an chloig roimh am imeachta na traenach.
Déan Teagmháil linn chun tuilleadh eolais a fháil. De rogha air sin, buail isteach chuig ceann ar bith de na stáisiúin seo a leanas de chuid Iarnród Éireann:
Is féidir do thicéad SailRail a cheannach ó na stáisiúin seo a leanas de chuid Iarnród Éireann: Baile Áth Luain, Corcaigh, Stáisiún Uí Chonghaile - Baile Átha Cliath, Gaillimh, Cill Airne, Luimneach, Gabhal Luimnigh, Mala, Sligeach, Durlas, Trá Lí, nó Cathair na Mart. Chun amanna oscailte a fháil, téigh chuig ar mír ‘Aimsigh Stáisiún’.