Find Times and Buy Tickets
Iarnród Éireann Comhlánaigh an fhoirm seo agus seol í chun amanna agus ticéid traenach a aimsiú
Ceann Scríbe
Ó *required
Type
Úsáid na saigheadeochracha ar an méarchlár chun dul tríd an gcineál grúpa
Dáta
Roghnaigh dáta imeachta
Select outbound date dialog
Dáta Imeachta (dd.mm.yyyy)
Roghnaigh dáta fillte
Am

Paisinéirí

1 Paisinéirí Modal Paisinéirí Oscailte<
Roghnaigh dialóg úsáideoirí paisinéirí
Paisinéirí
Eolas Paisinéirí
Áirithint amháin

Pas taistil saor in aisce

Cé atá incháilithe don ticéad seo?

  • Custaiméirí a bhfuil ticéad bailí den Ghrád Oscailte acu
  • Sealbhóirí Saorthaistil/Pas ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí (an RGFCS)

Cad iad na coinníollacha a bhaineann le taisteal?

Is féidir le custaiméirí a bhfuil ticéad/ticéid b(h)ailí den ghnáthghrád acu cheana féin nó a bhfuil ticéid á gceannach acu ar lá an taistil, ar nós Ticéid Teaghlaigh, Singil, Fillte Lae, Fillte Oscailte, Seachtaine, Mhíosa, Bhliana, InterRail agus sealbhóirí pas Saorthaistil suíochán a chur in áirithe ar sheirbhís ar tháille €2.50 an duine gach bealach Cuirtear in iúl do chustaiméirí nach mbíonn ach roinnt áirithe áirithintí suíocháin amháin ar líne ar fáil.

Cá féidir liom an ticéad seo a cheannach?

  • Léigh ár Ceisteanna Coitianta faoi conas áirithint suíocháin amháin a chur in áirithe.

Cá mbailíonn mé an ticéad? 

Is gá paisinéir amháin ar a laghad a roghnú

Le haghaidh tuilleadh eolais ar Thicéid Ar Líne féach le do thoil Eolas Ticéad

Roghanna
Roghnaigh dialóg na n‐úsáideoirí cathaoireach rothaí
Úsáideoirí cathaoireach rothaí

Roghnaigh an Paisinéir/na Paisinéirí a bhfuil an spás cathaoireach rothaí ag teastáil uathu. Nuair atá rogha déanta, ní thaispeántar le cur in áirithint ach seirbhísí ar a bhfuil spásanna do chathaoir(eacha) rothaí, bunaithe ar do rogha

passenger-seat icon Travel Pass or Travel Ticket holder

Travel Pass or Valid Ticket holder dialog
Travel Pass or Valid Ticket holder

Is an option for customers who are in possession of Free Travel Pass, a valid standard class ticket(s), seasonal ticket(s), Taxsaver ticket(s) or InterRail to book onto a train in standard class. Customers who have a valid standard class ticket but wish to upgrade to First Class should also use this selection. For more information go to Tickets Explained section.

Please select the passenger(s) who require this ticket type

Iarnród Éireann - Cairt do Phaisinéirí

Geallúintí Uainne dár Seirbhís do Chustaiméirí

Clár

Fáilte chuig ár gcairt do phaisinéirí

Cuirim fáilte roimh ár gcustaiméirí go léir chuig an gceathrú heagrán de Chairt Phaisinéirí Iarnród Éireann.

Tá gach paisinéir tábhachtach dúinn in Iarnród Éireann, cibé an mbíonn tú ag taisteal linn gach lá nó an é seo do chéad turas linn.  Is léiriú í an chairt do phaisinéirí ar ár dtiomantas seirbhís dírithe ar an gcustaiméir a chur i gcrích. Mínítear inti an tslí a ndéanaimid ár bhfeidhmíocht a thuairisciú agus a thomhas.  Le tabhairt isteach le déanaí Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid, tugtar achoimre ar chearta sonracha do chustaiméirí iarnróid agus tá siad lánpháirtithe sa chairt seo.

Ó thugamar isteach an chairt do phaisinéirí an chéad uair i 1999, tá athrú ollmhór tagtha ar ár ngnó agus ar ionchais ár gcustaiméirí.  Coincheapa de chuid na todhchaí a bhí in áirithintí ar líne, Wi-Fi agus na meáin shóisialta an tráth sin; sa lá atá inniu ann, áfach, is bunghnéithe dár gcuid áiseanna do chustaiméirí iad.  Tá uasghrádú déanta againn ar ár dtraenacha agus tá ár gcórais agus áiseanna do chustaiméirí nuachóirithe againn, ach léiríonn an t-athrú seo an tslí a gcaithfimid athbhreithniú a dhéanamh ar ár gcaighdeáin chun an méid a bhíonn tú ag súil leis uainn a chur ar fáil duit.

Ó 1999, tá scrúdú déanta ag iniúchóirí neamhspleácha ar ár bhfeidhmíocht agus is cúis bhróid dúinn an feabhas atá tagtha orainn ó shin i leith.  Foilsímid ár bhfeidhmíocht gach ceithre seachtaine i do stáisiún agus ar líne.

Cuirfidh tiomantas mo chomhghleacaithe ar fud na tíre in Iarnród Éireann ar ár gcumas ár ngealltanais duit a chomhlíonadh agus leanúint orainn ag feabhsú seirbhís do chustaiméirí amach anseo.

Jim Meade

Príomhfheidhmeannach

Ar ngeallúintí duitse

Ár bhFoireann

Tá baill foirne sna réimsí seirbhís do chustaiméirí, díolacháin teileafóin agus cúnamh do dhaoine faoi mhíchumas ag Iarnród Éireann agus tá siad ar fáil le cabhrú leat le ceist ar bith ach glaoch ar (01) 8366 222 / 0818 366222 (07:00hrs – 19:00hrs Dé Luain go hAoine, 08:00hrs - 18:00hrs Dé Sathairn, Dé Domhnaigh agus Laethanta Saoire poibí). Tá baill foirne ar fáil sna príomh-stáisiúin freisin le cabhrú leat.  Bímid ag súil go mbeidh ár mbaill foirne cabhrach, cúirtéiseach agus gairmiúil i gcónaí.

Eolas do Chustaiméirí

Táimid tiomanta faisnéis shoiléir, chuimsitheach agus chruinn a chur ar fil duit sula dtaistealaíonn tú linn agus i rith do thurais.

Cuirimid an fhaisnéis seo ar fáil i bhformáidí agus ar mheáin éagsúla:

Tá mionsonraí faoi na caighdeán don tseirbhís trasteorann Bhaile Átha Cliath/Bhéal Feirste leagtha amach sa Chairt do Phaisinéirí Enterprise. Tá cóipeanna den chairt seo ar fáil ag stáisiúin ar feadh an bhealaigh agus ar líne ag.

Do thicéad nó do Chárta Cliste a cheannach

Tá roinnt bealaí le ticéad a cheannach chun taisteal linn.

Tá na táillí idirchathrach is ísle le fáil ar líne trí áirithint a dhéanamh roimh ré ag www.irishrail.ie. Is féidir ticéid den ardghrád, den chéad ghrád agus den ghnáthghrád a chur ináirithe ar líne freisin. Is féidir ticéid a cheannach ar an teileafón, ag úsáid do chárta creidmheasa nó léasair, idir

07:00hrs – 19:00hrs Dé Luain go hAoine, 08:00hrs - 18:00hrs Dé Sathairn, Dé Domhnaigh agus Laethanta Saoire poibí ag (01) 8366 222 / 0818 366222.

Féadfaidh lucht comaitéireachta airgead mór a shábháil trí thicéid Sábhála Cánach a úsáid. Tá siad seo le fáil trí fhostóirí atá páirteach sa scéim ar Chárta Leap pearsanta. Féach www.taxsaver.ie le haghaidh tuilleadh eolais.

Moltar do chustaiméirí i gceantair Chathair Bhaile Átha Cliath agus Chathair Chorcaí Cárta Leap a cheannach chun suas le 25 percent a shábháil ar tháillí singil do dhaoine fásta, do mhic léinn agus do leanaí idir 4 bliana d'aois go dtí a 19ú breithlá. Tá Cártaí Leap ar fáil ó Mheaisíní Díola Ticéad i ngach stáisiún ábhartha.  Féadfaidh tú creidmheas a chur ar do Chárta Leap ag úsáid airgead tirim nó do chárta creidhmeasa/dochair ag aon Mheaisín Díola Ticéad nó ar line ag www.leapcard.ie.

Féadfaidh tú do thicéad traenach a cheannach ar bhealaí éagsúla:

  • Ar líne ag www.irishrail.ie, do thaisteal iarnróid Idirchathrach
  • Ag oifig ticéad
  • Ag meaisín díola ticéad sa stáisiún
  • Ar an teileafón ag (01) 8366 222 / 0818 366222, 07:00hrs – 19:00hrs Dé Luain go hAoine, 08:00hrs - 18:00hrs Dé Sathairn, Dé Domhnaigh agus Laethanta Saoire poibí
  • Is féidir Cártaí Leap a cheannach anseo www.leapcard.ie
  • I meaisíní díola ticéad i stáisiúin DART agus i stáisiúin bhruachbhailteach
  • Ag siopaí ar ghníomhairí Cártaí Leap iad. Chun liosta cothrom le dáta a fháil, féach www.payzone.ie
  • Is féidir an Cárta Leap do Leanaí 16-18 mbliana d'aois a cheannach ach amháin ar líne agus sin amháin. Féach Leap Card le haghaidh tuilleadh mionsonraí

Ag Oifig Ticéad an Stáisiúin

Cabhróidh ár bhfoireann leat an ticéad is oiriúnaí a roghnú do do thuras. Taobh amuigh dár mbuaicthréimhsí gnóthacha, déanaimid iarracht freastal ort laistigh de thrí nóiméad. Le linn na mbuaicthréimhsí, seans go mbeidh níos mó ama de dhíth, ach déanaimid iarracht freastal ort laistigh de seacht nóiméad.

Ní áirítear cúinsí eisceachtúla anseo, eg cluichí peile, ócáidí, etc.

I meaisíní díola ticéad I stáisiúin

Is féidir leat raon ticéad a cheannach ó na meaisíní díola ticéad (TVM) atá i bhformhór na stáisiún. Agus ticéad á cheannach agat ó TVM, ní mór duit do thuras amach a dhéanamh ar an lá céanna a cheannaíonn tú an cineál ticéid seo.

Paisinéirí a bhfuil riachtanais speisialta acu

Fáiltímid roimh phaisinéirí a bhfuil riachtanais speisialta acu agus táimid tiomanta do sheirbhís a chur ar fáil ar féidir le gach duine í a úsáid. Cuirimid spásanna sonraithe do chathaoireacha rothaí ar fáil ar ár bhflít Idirchathrach.

Tá cuid mhaith dár stáisiúin agus dár dtraenacha lán-inrochtana anois do phaisinéirí a bhfuil riachtanais speisialta acu. Tá áiseanna athraithe ar bord againn do thuismitheoirí a bhíonn ag taisteal le páistí agus leanaí óga (ach amháin ar sheirbhísí DART).

Tá mionsonraí iomlána faoi na háiseanna i ngach stáisiún sa ‘Treoir do Phaisinéirí Iarnróid faoi Mhíchumas' atá ar fáil saor in aisce i ngach príomhstáisiún agus ar líne ag.

Is féidir linn freastal ar chathaoireacha rothaí nó scútair chumhachtaithe suas go dtí 700mm ar leithead agus 1200mm ar fhad (lena n-áirítear cosphlátaí) airde 1375mm lena n-áirítear áititheoir meáchan uasta 300kg lena n-áirítear áititheoir.

Chun do thuras a dhéanamh chomh héasca agus is féidir, tá saoráid ar fáil againn anois ina bhféadfaidh custaiméirí socrú a dhéanamh cúnamh a fháil i stáisiún ar bith ach glaoch ar an Ionad Glaonna ar (01) 8366 222 / 0818 366222,

07:00hrs – 19:00hrs Dé Luain go hAoine, 08:00hrs - 18:00hrs Dé Sathairn, Dé Domhnaigh agus Laethanta Saoire poibí. Féachfaimid le cúnamh a thabhairt i gcónaí ach ba mhaith linn fógra 24 uair roimh do thuras le deis a thabhairt dúinn chun socruithe speisialta a dhéanamh más gá.

Cothromaíocht agus ilchineálacht

Geallaimid caitheamh le gach custaiméir go cothrom agus cinntiú go dtugtar aird iomlán ar do chearta faoin Acht um Stádas Comhionann 2000. Clúdaítear faoin Acht um Stádas Comhionann saincheisteanna éagsúla, lena n-áirítear: míchumas, aois, inscne, stádas pósta, stádas teaghlaigh, claonadh gnéasach, creideamh, cine agus ballraíocht den Lucht Siúil.

Paisinéirí a bhfuil saoráidí saorthaistil acu

Má tá pas saorthaistil agat a d’eisigh an Roinn Coimirce Sóisialaí, tá tú i dteideal taisteal saor in aisce ar gach seirbhís sceidealaithe de chuid Iarnród Éireann atá liostaithe sa chlárama reatha.

Maidir le taisteal idirchathrach, taispeáin do phas saorthaistil nó do Chárta Seirbhísí Poiblí ag deasc na dticéad an lá a mbeidh tú ag taisteal sula dtéann tú ar bord.  Tabharfaimid ticéad/ticéid iarnróid duit ansin a chaithfidh tú a thaispeáint in éineacht le do phas saorthaistil d'aon oifigeach de chuid Iarnród Éireann a iarrfaidh é.  Má bhíonn deasc na dticéad dúnta, féadfaidh tú dul ar bord na traenach fad is go bhfuil do phas saorthaistil nó Cárta Seirbhísí Poiblí bailí ar iompar agat.

Chun taisteal ar sheirbhís Comaitéara agus DART Bhaile Átha Cliath cuir do chárta suas leis an léitheoir cárta cliste ag an ngeata/ardán ag teacht agus ag imeacht duit. Tá ticéad ag teastáil ó Chéilí agus Chompánaigh chun taisteal. Is féidir tuilleadh sonraí a fháil trí Conas do chárta Seirbhíse Poiblí a úsáid le haghaidh .pdf saorthaistil

Inár gcuid stáisiún agus ar ár gcuid traenacha

Féachfaimid lena chinntiú go bhfuil ár gcuid stáisiún agus ár gcuid traenacha sábháilte, glan agus compordach agus go bhfuil saoráidí oiriúnacha ar fáil duit go mbeidh tú ábalta sult a bhaint as do thuras.

Suíocháin a fháil ar bord

Idirchathrach

Déanaimid monatóireacht ar ualaí traenach agus ar an gcóras réamháirithintí ar líne agus leithroinntear carráistí bunaithe ar an eolas sin. Cuidíonn sin linn seirbhís a chur ar fáil de réir éilimh do chustaiméirí ar fad na seirbhísí Idirchathrach.

Dá bhrí sin molaimid duit suíocháin a chur in áirithe ar líne ag www.irishrail.ie, nó glaoch ar (01) 8366 222 / 0818 366222 le linn gnáthuaireanta gnó – 07:00hrs – 19:00hrs Dé Luain go hAoine, 08:00hrs - 18:00hrs Dé Sathairn, Dé Domhnaigh agus Laethanta Saoire poibí

Seirbhísí Comaitéara agus DART

Deartar agus oibrítear traenacha Comaitéireachta d’fhonn an líon is mó paisinéirí a iompar go sábháilte agus go hiontaofa, go háirithe le linn buaicuaireanta. D'fhéadfadh go mbeadh ar phaisinéirí ar thraenacha comaitéara agus DART seasamh le linn buaicuaireanta. Déanfaimid an flít a leithroinnt agus athbhreithniú ar ár gclárama chun am seasaimh ár gcustaiméirí a íoslaghdú.

Rothair ar Thraenacha

Rothair is Féidir a Fhilleadh

Is féidir rothair is féidir a fhilleadh a thabhairt ar bord gach seirbhíse saor in aisce, ach áit ar bheith ar fáil. Cinntigh le do thoil go bhfuil gach rothar is féidir a fhilleadh fillte i gceart.

Rothair ar Thraenacha Idirchathrach

Tá saoráidí iompair rothair  ar gach traein Idirchathrach. Féach ar ár láithreán gréasáin chun an t-eolas is déanaí a fháil maidir le do rothar a thabhairt ar bord traenach.

Ainmhithe ar bord traenacha

Madraí agus peataí

Féach ár láithreán gréasáin chun an t-eolas is déanaí a fháil maidir le madraí agus peataí eile a thabhairt ar bord na traenach.

Ceadaítear madraí treorach agus madraí cuidithe taisteal ar ár gcuid seirbhísí ar fad gan srian. Ní mór é a bheith soiléir áfach gur madraí treorach nó madraí cuidithe iad trí sheaicéad nó úim speisialta a bheith orthu a léireoidh gur madraí oibre seachas peataí iad.

Caighdeáin cháilíochta

Traenacha

Glaineacht

Cinnteoimid go nglantar na traenacha go léir go hiomlán gach lá sula n-úsáidtear iad. Nuair is féidir le linn an lae, cinnteoimid go nglantar traenacha ag tús gach turais. Tá sé leagtha amach go nitear gach traein taobh amuigh ar a laghad trí uaire sa tseachtain.

Lónadóireacht

Catering services are available on the Dublin - Cork and the Cork - Dublin routes. We are undertaking a full procurement process for all Intercity routes, and cannot confirm at this time when catering will resume on other routes.

Córais Fógartha Poiblí

Coinneofar na córais fógartha poiblí i gcaoi mhaith oibre agus bainfear leas astu chun tú a choinneáil ar an eolas. Má bhíonn moill ar sheirbhís nó má chuirtear isteach uirthi, cuirfimid sin in iúl duit agus an fhad a mheasfaimid a mhairfidh sé.

Wi-Fi

Tá rochtain ar an idirlíon gan sreang, saor in aisce, le fáil ar ár gcuid seirbhísí ar fad. Tá an fhoireann tacaíochta Wi-Fi ar fáil chun cuidiú leat má bhíonn fadhbanna agat.  Má tá fadhb agat, glaoigh ar an bhFoireann Tacaíochta Wi-Fi ar 0818 333 388 (Dé Luain-Aoine 06.00 - 23.00) nó ar ríomhphost support@fleetconnect.ie

Má tá fadhb agat le Wi-Fi ar sheirbhísí trasteorann Enterprise, féadfaidh tú ríomhphost a sheoladh chuig an soláthraí seirbhíse, Nomad Digital ar  nirailways-ots@nomadrail.com nó enterprise-ots@nomadrail.com, Teil: 1850 444222

Earraí Caillte

Má chailleann tú rud éigin le linn duit a bheith ag taisteal in éineacht linn, déanfaimid ár ndícheall é a chur ar ais chugat. Cuir in iúl dúinn ag aon cheann dár stáisiúin má chaill tú rud éigin nó déan teagmháil lenár bhfoireann Cúram Custaiméirí ag (01) 8366 222 / 0818 366222 .

Fiosruithe teileafóin

Féachaimid le 9 nglaoch as 10 chuig an lár-uimhir a fhreagairt laistigh de 60 soicind. (01) 8366 222 / 0818 366222 an uimhir sin agus iad na huaireanta gnó: 07:00hrs – 19:00hrs Dé Luain go hAoine, 08:00hrs - 18:00hrs Dé Sathairn, Dé Domhnaigh agus Laethanta Saoire poibí.

Stáisiúin

Saoráidí Custaiméirí

Nuair is féidir, beidh áiteanna feithimh, compordacha sna stáisiúin, ina mbeidh cosaint le fáil ón aimsir. Tá sé d’aidhm againn go mbeadh rochtain ag cách ar na saoráidí.

Glaineacht

I stáisiúin ina bhfuil foireann, déanfaimid cigireacht ar na háiteanna poiblí go léir i rith an lae agus coinneoimid glan iad agus saor ó bhruscar. I stáisiúin nach bhfuil foireann iontu, déanfaimid cigireacht orthu ar a laghad trí huaire in aghaidh na seachtaine.

Glanfar na leithris go rialta i ngach stáisiún.

Eolas sna Stáisiúin

Cuirfimid eolas faoinár gcuid seirbhísí ar fáil duit atá soiléir agus suas chun dáta.

Coinneoimid ord ceart oibre ar gach córas leictreonach a thugann eolas do phaisinéirí agus ar na córais fógartha poiblí agus bainfimid úsáid astu chun tú a choinneáil ar an eolas, go háirithe i gcás moille.

Nuair a bhíonn moill, nó cur isteach, ar sheirbhísí, inseofar duit cad is cúis leo agus cé chomh fada a cheaptar a mhairfidh siad.

Féachfar go rialta ar an ábhar atá ar ár láithreán gréasáin, ar phóstaeir agus ar taispeáint lena chinntiú go bhfuil an t-ábhar cruinn.  Bainfear leas as ár láithreán gréasáin agus póstaeir chun eolas a thabhairt duit roimh ré faoi aon obair cothabhála atá beartaithe. Déanfaimid monatóireacht leanúnach ar threalamh na dticéad agus rachfar i ngleic le fabhtanna a luaithe agus is féidir. Má thagann tú ar fhadhb le trealamh na dticéad, déan teagmháil le do thoil leis an Ionad Teagmhála do Chustaiméirí, Teil. (01) 8366 222 / 0818 366222 

Seirbhís do Chustaiméirí

Tuigimid chomh tábhachtach is atá sé go dtabharfadh an fhoireann seirbhís mhaith do chustaiméirí i gcónaí.

Bímid ag súil leis na nithe seo ónár bhfoireann:

  • go mbeidís dea-bhéasach agus cabhrach;
  • go smaoineoidís ar do shábháilteacht agus do chompord;
  • go gcaithfidís a n-éide cheart;
  • go n-inseoidís duit faoi mhoill nó athrú ar bith ar sheirbhísí;
  • go dtabharfaidís an ticéad is fearr luach duit don turas a roghnaíonn tú;

Cabhraigh linn cabhrú leat

Lena chinntiú go bhfuil an ticéad ceart agat agus chun go mbeidh do thuras chomh sábháilte agus chomh sásúil duitse agus do na paisinéirí eile agus is féidir iarraimid ort:

  • Dóthain ama a thabhairt duit féin ticéad a cheannach roimh do thuras
  • An ticéad nó an cárta taistil a chláraítear isteach/amach ceart do do thuras a bheith agat chomh maith le Cárta Aitheantais, más gá
  • Cinntigh le do thoil go bhfuil do thicéad bailí don turas - féach an nóta ar Thicéid Bhailí ag íochtar an liosta.
  • Ná suigh ar shuíocháin atá ‘curtha in áirithe’ agus é sin léirithe ar an aonad fístaispeána os a gcionn nó ar aon bhealach eile
  • Bí sa stáisiún ar a laghad 20 nóiméad roimh an am a bhfuil do thraein Idirchathrach le fágáil
  • Bí ar an ardán ag thoir 2 nóiméad roimh do DART/ traein comaitéara imeoidh,chun gur féidir bhordáil sábháilte
  • Siúil, ná rith - ar mhaithe le sábháilteacht gach duine
  • Fan taobh thiar de na línte buí ar na hardáin. Lig do dhaoine an traein a fhágáil sula dtéann tú ar bord
  • Bíodh do thicéad ullamh agat lena scrúdú agus chun imeacht as stáisiúin tríd na bacainní uathoibríocha
  • Cuir do bhagáiste sna háiteanna atá ar fáil dó agus coinnigh pasáistí, suíocháin, spásanna do chathaoireacha rothaí agus racaí rothar glan
  • Fág na leithris glan i do dhiaidh
  • Ná caith tobac ná toitíní leictreonacha. Is timpeallachtaí saor ó thobac iad traenacha agus na hardáin taobh istigh. Ná caith tobac ach amháin sna háiteanna a gceadaítear sin ar ardáin faoin aer
  • Bain úsáid as na boscaí bruscair atá curtha ar fáil
  • Ná fág bruscar ar urláir na dtraenacha ná na stáisiún
  • Ná cuir do chosa ar na suíocháin
  • Tabhair do shuíochán do chustaiméirí a bhfuil riachtanais speisialta acu
  • Ná tabhair alcól ar board ar sheirbhísí atá ainmnithe mar sheirbhísí atá saor ó alcól agus sa chás is go bhfuil cead deoch a ól, déan sin go ciallmhar. Féach Cad é polasaí alcóil Iarnród Éireann? le haghaidh tuilleadh eolais

Ticéid atá Bailí

  • Ní mór ticéid ghréasáin Iarnród Éireann a úsáid ar an traein sonrach dá cuireadh in áirithe iad. Féadfaidh tú athrú chuig traein eile ar an lá céanna ach formhuirear a íoc ag an stáisiún sula dtéann tú ar bord
  • Bíonn ticéid a cheannaítear ag an oifig ticéad nó ón meaisín díola ticéad bailí don turas amach ar an dáta arna léiriú ar an ticéad agus ní mór an turas fillte a dhéanamh faoin dáta a thugtar ar an ticéad
  • Ní mór do phaisinéirí atá ag taisteal ar thicéid arna n-eisiúint faoi scéim saorthaistil na Roinne Coimirce Sóisialaí aitheantas cuí a bheith acu
  • Tá cártaí Leap ar fáil i sa chrios Short Hop i mBaile Átha Cliath agus i gceantair chomaitéara i gCorcaigh
  • Beidh ar phaisinéirí atá ag taisteal gan ticéad nó pas bailí fógra íocaíochta seasta a íoc a bheidh níos costasaí ná gnáth-thicéad
Tabhair faoi deara, le do thoil:

Ní ghlacfaimid le hiompar maslach ná le hionsaithe ar fhoireann Iarnród Éireann agus féachfaimid le ciontóirí a ionchúiseamh faoinár bhfodhlíthe.

Má tá tú ag taisteal le do rothar, tabhair ar aird, le do thoil:

  • Ba cheart do chustaiméirí siúl lena rothair nuair a bhíonn siad sa stáisiún.  Ní cheadaítear rothaíocht i stáisiúin ná ar ardáin
  • Ba cheart do chustaiméirí rampaí agus ardaitheoiríseachas an staighre a úsáid chun dul ar ardáin
  • Ba cheart do chustaiméirí fanacht lena rothair agus iad ar bord traenacha
  • Ní cheadaítear rothair leictreacha ar thraenacha
  • Ní cheadaítear rothair le leantóirí i gceangal leo ar thraenacha
  • Bain úsáid as spásanna stórála rothar i gcónaí
  • Ná cuir bac ar bhealaí amach ná ar phasáistí

Briseadh Seirbhíse

Obair Innealtóireachta Bheartaithe

Bíonn orainn dul i mbun oibre le linn na bliana chun raonta agus comharthaí a chothabháil nó a uasghrádú. Sna cúinsí sin, d'fhéadfadh go mbeadh orainn amanna traenach a athrú nó busanna a chur ar fáil in áit traenacha.  Féachfaimid i gcónaí cur isteach ar do thuras a laghad agus is féidir agus tabharfaimid an oiread fógra agus is féidir. Is é is dóichí go ndéanfar an obair sin ar an deireadh seachtaine nó ar laethanta saoire bainc. Sa chás go mbeartaítear cur isteach ar sheirbhís, beidh mionsonraí ar fáil ar www.irishrail.ie agus déanfar an coimeád ama a thomhas de réir na n-amanna leasaithe.

Obair innealtóireachta ar ghearrfhógra

Bíonn orainn obair innealtóireachta a dhéanamh ar ghearrfhógra anois is arís. Cuirfimid tú ar an eolas chomh fada roimh ré agus is féidir.

Caighdeáin Feidhmíochta

Tuigimid cé chomh tábhachtach is atá iontaofacht agus coimeád ama duit, agus is mian linn go rithfidh na traenacha ar fad de réir an amchláir. Táimid tiomanta na spriocanna seo a leanas ar a laghad a bhaint amach. Foilseoimid ár dtorthaí feidhmíochta gach 4 seachtaine.

1. Poncúlacht

Tugann an tÚdarás Náisiúnta Iompair (NTA) sainmhíniú ar na critéir do phoncúlacht:

  • Bíonn traein Idirchathrach nó comaitéara poncúil má bhíonn sí in am nó laistigh de 10 nóiméad dá ham sceidealta
  • Bíonn DART poncúil má bhíonn sé in am nó laistigh de 5 nóiméad dá am sceidealta
  • Is féidir na figiúirí is déanaí maidir le poncúlacht agus iontaofacht a fheiceáil ar ár Suíomh gréasáin anseo.Tá moilleanna na bhfuil smacht ag Iarnród Éireann orthu san áireamh sna figiúirí maidir le poncúlacht

2. Iontaofacht

  • Ciallaíonn iontaofacht traein a bheith i bhfeidhm nó gan a bheith i bhfeidhm

Aisíocaíochtaí ar thicéid

Aisíocaíochtaí ar thicéid a cheannaítear ag oifigí ticéad nó ag meaisíní díola ticéad

Má cheannaíonn tú ticéad ar lá an taistil agus má shocraíonn tú gan dul ar an traein, tabharfaimid aisíocaíocht iomlán duit a fhad is a thugann tú do thicéad neamhúsáidte ar ais don oifig ticéad inar cheannaigh tú é lasmuigh de 45 nóiméad ó cheannaigh tú é.

Sa chás nach bhfuil foireann san oifig áirithintí ná sa stáisiún, féadfaidh tú iarratas ar aisíocaíocht a dhéanamh chuig:

An Rannóg Aisíocaíochtaí,
Stáisiún Uí Chonghaile,
Sráid Amiens,
Baile Átha Cliath 1.
D01 V6V6
 

Gearraimid táille riaracháin de ghnáth. Cuir ar aghaidh an fhaisnéis ábhartha go léir maidir le d'éileamh ar aisíocaíocht, le do thoil.

Aisíocaíochtaí ar thicéid a cheannaítear ar líne

Sa chás go gcuireann tú do thicéad in áirithe ar líne, seo iad na rialacha maidir le haisíocaíocht:

Cineál Ticéid Aftersales fee Téarmaí agus Coinníollacha
Ísealtáille Modhnú faoi réir táille 50 faoin gcéad Tá do thicéad bailí ar an seirbhís roghnaithe amháin. Tá leasuithe nó cealuithe ceadaithe ar líne suas le 48 uair an chloig roimh an turas amach, faoi réir 50 faoin gcéad móide an difríocht sa táille. Ní féidir leasuithe a dhéanamh ar thicéid atá clóite cheana féin.
Leathsholúbtha Modhnú faoi réir táille 20 faoin gcéad Tá do thicéad bailí ar an seirbhís roghnaithe amháin. Tá leasuithe nó cealuithe ceadaithe ar líne suas le 24 uair an chloig roimh an turas amach, faoi réir 20 faoin gcéad móide an difríocht sa táille. Ní féidir leasuithe a dhéanamh ar thicéid atá clóite cheana féin.
Solúbtha Gan táille mionathraithe Tá do thicéad bailí ar an seirbhís roghnaithe amháin. Tá leasuithe nó cealuithe ceadaithe ar líne suas le 60 nóiméad roimh an turas amach. Ní féidir leasuithe a dhéanamh ar thicéid atá clóite cheana féin.
Chéad Ghrád Gan táille mionathraithe Tá do thicéad bailí ar an seirbhís roghnaithe amháin. Tá leasuithe nó cealuithe ceadaithe ar líne suas le 60 nóiméad roimh an turas amach. Ní féidir leasuithe a dhéanamh ar thicéid atá clóite cheana féin.

Baineann coinníollacha aisíocaíochta dá gcuid féin le háirithintí a dhéantar ar líne do sheirbhísí nó do phromóisin speisialta. Beidh na polasaithe aisíocaíochta do na seirbhísí seo ar fáil nuair a bheidh an áirithint á déanamh agat.

Aisíocaíochtaí do chártaí Leap agus creidmheas taistil fanta

Má tá tú críochnaithe ag úsáid do chárta Leap, féadfaidh tú aisíocaíocht ar aon chreidmheas taistil a mbeadh fanta air a éileamh.  D'fhéadfá a bheith i dteideal aisíocaíochta ar aon éarlais a d'íoc tú nuair a cheannaigh tú an cárta.  Tabhair cuairt ar  www.leapcard.ie chun tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas ar aisíocaíocht a dhéanamh.

Aisíocaíochtaí ar thicéid a cheannaítear in asraonta eile

Murar cheannaigh tú do thicéad uainne, ba cheart duit é a thabhairt ar ais chuig an áit ar cheannaigh tú é. Socróidh siadsan aon aisíocaíocht atá dlite agus is féidir go ngearrfaidís táille riaracháin.

Athruithe agus cealuithe

Má tá aon cheist agat faoi athruithe nó cealuithe ticéad, glaoigh ar Ionad Glaonna Iarnród Éireann ar (01) 8366 222 / 0818 366222. Is iad na huaireanta oscailte 07:00hrs – 19:00hrs Dé Luain go hAoine, 08:00hrs - 18:00hrs Dé Sathairn, Dé Domhnaigh agus Laethanta Saoire poibí.

Féadfaidh tú ríomhphost a sheoladh freisin chuig: reservations@irishrail.ie

Íocaíochtaí Cúitimh

Lascaine i gcás go gcuirtear moill ort

Sa chás go mbeidh tú níos mó ná 60 nóiméad déanach ag baint do stáisiún ceann scríbe amach, tabharfaimid duit dearbháin lascaine is féidir a úsáid chun ticéid a cheannach amach anseo, nó íocfaimid cúiteamh airgid faoi Rialachán 1371 an AE.

Bunófar luach na ndearbhán nó an cúiteamh airgid* ar fhad na moille agus ar an táille a íocadh as an turas singil ar cuireadh moill air, mar seo a leanas:

Íocaíochtaí Cúitimh
Moill Cineál Ticéid Cúitimh
Moill 60 - 120 Nóiméad Sealbhóirí ticéad Seachtainiúill, Míosúill nó Bliantúil. Aisíocaíocht airgid thirim 25% don lá sin ar bhonn pro rata, bunaithe ar chostas an ticéid.*
Moill 60 - 120 Nóiméad Sealbhóirí ticéad Singil nó Fillte Intercity. Dearbháin ar luach 50% nó aisíocaíocht airgid thirim 25% pé rogha is fearr leis an gcustaiméir.
Moill 120 Nóiméad agus níos faide Sealbhóirí ticéad Seachtainiúill, Míosúill nó Bliantúil. Aisíocaíocht airgid thirim 50% don lá sin ar bhonn pro rate, bunaithe ar chostas an ticéid.*
Moill 120 Nóiméad agus níos faide Sealbhóirí ticéad Singil nó Fillte Intercity. Dearbháin ar luach 100% nó aisíocaíocht airgid thirim 50%, pé rogha is fearr leis an gcustaiméir.

**Is é an aisíocaíocht íosta a phróiseáiltear €2.00. Is é an aisíocaíocht uasta a phróiseáiltear do chártai Sábhála Cánach €7.50 in aghaidh na moile, de réir Threoirlínte na gCoimisinéiri loncaim.

Sa chás gur cheannaigh tú do thicéad ar líne cuirfimid an aisíocaíocht atá dlite duit ar ais ar an gcárta lena ndearnadh an áirithint.

Lascainí sa chás go dteipeann orainn an tseirbhís ar íoc tú aisti a thabhairt duit

Sa chás nach bhfuil an suíochán a chuir tú in áirithe ar fáil agus mura bhfuil suíochán ar bith eile den chaighdeán céanna ar fáil, aisíocfaimid táille do thurais shingil ar an gcárta lena ndearnadh an áirithint.

Do thraein a chur ar ceal, moill sula dtosaíonn do thuras nó lena linn.

Sa chás go gcuirtear ceal ar do thraein, nó sa chás go mbíonn moill 60 nóiméad nó níos mó uirthi, tabharfaimid na roghanna seo a leanas duit:

  • Féadfaidh tú éirí as do thuras sula dtosaíonn sé agus aisíocaíocht iomlán a fháil ar an táille nó iarratas ar aisíocaíocht a dhéanamh sa chás go ndearnadh an áirithint ar líne nó ar ár líne díolacháin teileafóin
  • Féadfaidh tú scor de thuras a thosaigh tú agus aisíocaíocht a fháil ar an gcuid den turas nach ndearna tú
  • Murar fiú duit leanúint ar aghaidh le do thuras, féadfaidh tú filleadh láithreach ar thúsphointe do thurais ar an traein agus aisíocaíocht iomlán ar an táille a fháil nó iarratas ar aisíocaíocht a dhéanamh sa chás gur cuireadh do thicéad in áirithe ar líne nó ar an líne díolacháin teileafóin

Traein deiridh an lae a chailleadh

Sa chás nach mbeidh tú in ann do cheann scríbe iarnróid a bhaint amach an lá céanna mar gheall gur chaill tú traein, seans go mbeidh tú i dteideal cúitimh ar chostas réasúnta cóiríochta in óstán agus ar an gcostas gaolta nó daoine eile a bhí ag súil leat a chur ar an eolas. Níl feidhm leis sin ach amháin sa chás go raibh cúis na moille faoi smacht ag Iarnród Éireann.

Conas do dhearbháin lascaine nó cúiteamh a éileamh

Chun lascainí nó aisíocaíochtaí atá ag dul duit a éileamh, caithfidh tú foirm iarratais a chomhlánú. Tá an fhoirm ar fáil ó na hoifigí ticéad sna príomhstáisiúin nó ar an PDF thíos.

Foirm Cairt Do Phaisinéirí.pdf

Charter Refund Form.pdf

Nuair a dhéanann tú iarratas ar dhearbháin lascaine ní mór duit:

  • do thicéad a chur leis an bhfoirm iarratais chomhlánaithe;
  • an uimhir áirithinte a thabhairt, sa chás gur ceannaíodh do thicéad ar líne – cuirfimid an méid céanna ar ais ar an gcárta lena ndearna an áirithint

Reachtaíocht Eorpach - Do Chearta

Tugtar achoimre ar na cearta atá agat agus tú i mbun turais iarnróid sa Chairt do Phaisinéirí. Le tabhairt isteach le déanaí Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Cearta agus Rialacháin Paisinéirí do Thaisteal Iarnróid, tugtar achoimre ar chearta sonracha do chustaiméirí iarnróid agus tá siad lánpháirtithe sa chairt seo.  Chun tuilleadh eolais a fháil, féach an nasc.

Sa chás nach bhfuil tú sásta leis an tslí a d'fhreagair an oifig Cúram Custaiméirí le gearán a rinneadh faoi Rialachán Uimh. 1371/2007 (CE), féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an Údarás Náisiúnta Iompair (NTA) le hathbhreithniú neamhspleách ar do ghearán a fháil. 

Foinsí - Is ar na Rialacha Comhionanna maidir leis an gConradh le haghaidh Iompair Idirnáisiúnta Paisinéirí agus Bagáiste d'Iarnród (CIV), Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh 2007 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid, Coinníollacha Ginearálta Iompair CIV/PRR agus ár gCoinníollacha Speisialta Iompair.

Rudaí a chur ina gceart

Fáiltímid roimh thuairimí nó roimh mholtaí ar bith atá agat maidir le feabhas a chur ar ár seirbhís. Sa chás nach bhfuil tú sásta faoi chuid ar bith dár seirbhís, ba mhaith linn a fhios a bheith againn.

Déan teagmháil leis an oifig Cúram Custaiméirí, teil: (01) 8366 222 / 0818 366222, nó seol ríomhphost chugainn ag customercare@irishrail.ie nó déan teagmháil linn ar líne trí Déan teagmháil linn Féadfaidh tú scríobh chuig Cúram Custaiméirí, Stáisiún Uí Chonghaile, Sráid Amiens, Baile Átha Cliath 1, chomh maith.

Nuair a dhéanann tú teagmháil le Cúram Custaiméirí chun fiosrúchán nó gearán a dhéanamh, tabhair an méid is mó faisnéise agus is féidir leat, le do thoil.  Bíodh faisnéis mar seo a leanas san áireamh:

  • Dáta agus am an taistil;
  • An áit a raibh tú a fhágáil agus an áit a raibh tú ag dul;
  • D'uimhir áirithinte do thicéid ar líne
  • Uimhir do chárta Leap má gá

D’uimhir theileafóin i gcás go mbeadh gá againn le níos mó faisnéise. Tá mar aidhm againn freagra a thabhairt ar 90 faoin gcéad d'fhiosrúcháin agus gearáin laistigh de 3 lá oibre i ndiaidh an dáta a bhfaightear iad. Sa chás go mbeidh moill le freagra a thabhairt, áfach, cuirfimid ar an eolas tú faoin gcúis agus faoin am a fhéadfaidh tú a bheith ag súil le freagra mionsonraithe.

Teastaíonn uainn a bheith in ann do chuid fadhbanna a réiteach chomh sciobtha agus is féidir. Déanaimid athbhreithniú gach seachtain ar an aiseolas go léir a fhaighimid agus tugaimid tuairisc ar na príomhshaincheisteanna ionas gur féidir tabhairt fúthu ar bhonn práinne.

I ngach cás, tabharfaimid míniú iomlán duit agus gabhfaimid leithscéal leat sa chás go bhfuil botún déanta againn.

Sa chás nach bhfuil tú sásta leis an tslí ar fhreagair an oifig Cúram Custaiméirí do ghearán, féadfaidh tú a iarraidh go gcuirfear do chás ar aghaidh chuig údarás níos sinsearaí laistigh d'Iarnród Éireann.

Ag éisteacht leat

Cuireann Iarnród Éireann fáilte roimh do thuairimí agus do mholtaí chun cabhrú linn feabhas a chur ar sheirbhísí agus ar shaoráidí dár gcustaiméirí. Le bheith cinnte go bhfuilimid ag soláthar an leibhéil seirbhíse a bhfuil súil agat leis, rachaidh cuideachta neamhspleách taighde i mbun taighde dhá uair sa bhliain chun ár bhfeidhmíocht a chur i gcomparáid  leis na spriocanna atá foilsithe sa chairt seo. Dearbhóidh siad freisin cé chomh maith is a shíleann sibhse atáimid a dhéanamh.

Coinníollacha carraeireachta

Ní chruthaíonn an chairt seo aon ghaol nua dlíthiúil leat ná ní dhéanann sí difear do do chearta agus do d’oibleagáidí dlíthiúla. Léirítear iad sin sa leabhrán Coinníollacha Carraeireachta atá ar fáil ar ár láithreán gréasáin.

Foirmeacha difriúla den chairt

Tá an chairt seo ar fáil ar théip fuaime, i mBraille agus i gcló mór ó:

An tOifigeach Rochtana,

An Rannóg Tráchtála,

Iarnród Éireann,

Stáisiún Uí Chonghaile,

Baile Átha Cliath 1.

D01 V6V6

Cuir glaoch ar (01) 8366 222 / 0818 366222 chun cóip a fháil.

Féadfaidh tú an Chairt do Phaisinéirí a fheiceáil anseo freisin.

Cén áit le teagmháil a dhéanamh linn

Eolas do Chustaiméirí maidir le gach seirbhís: www.irishrail.ie

Oifig faisnéise teileafóin:

07:00hrs – 19:00hrs Dé Luain go hAoine, 08:00hrs - 18:00hrs Dé Sathairn, Dé Domhnaigh agus Laethanta Saoire poibí.

Cuir glaoch ar (01) 8366 222 / 0818 366222

Ríomhphost: customercare@irishrail.ie

Tabhair do d’aire

Cuireann an Chairt seo in iúl na caighdeáin seirbhíse agus na tionscnaimh a bhfuil breac-chuntas orthu in “Prionsabail maidir le Seirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí agus do Chliaint na  Seirbhíse Poiblí” atá leagtha amach in Aguisín C den Chód Cleachtais maidir le Rialachas Comhlachtaí Stáit a d’fhoilsigh an  Roinn Airgeadais.

Tá an fhaisnéis sa chairt seo cruinn ag an am a bhfuil sí á cur i gcló, 6ú Eanáir, 2020. Déanfar aon nuashonrú nó leasú eile a lánpháirtiú sa chairt do chustaiméirí ar an láithreán gréasáin, ar www.irishrail.ie

Barr