Eolas faoi Rothair maidir le Taisteal ar Iarnród
Chun cabhrú leat do thuras a phleanáil le do rothar, tá an treoir seo curtha le chéile againn chun cabhrú leat. Tá eolas ar fáil ar an méid seo a leanas:
- Rothair ar Thraenacha Idirchathrach
- Rothair ar Thraenacha Comaitéara agus DART
- Rothair Infhillte
- Páirceáil Rothar i Stáisiúin
- Rothar a Fhruiliú
- Scéim Rothar Bhaile Átha Cliath
This page provides information on travelling with bicycles, for information on e-scooters please see our e-scooter policy FAQ.
Rothair ar Thraenacha Idirchathrach
Fáiltíonn Iarnród Éireann roimh rothair ar gach ceann dár seirbhísí ach cuirtear srianta áirithe i bhfeidhm i rith na n-amanna taistil is gnóthaí. Ní ghearrtar aon táille ar shuíochán a chur in áirithe ná ar thaisteal le rothair ar bord aon chinn dár seirbhísí. Is féidir rothair atá fillte agus clúdaithe a iompar ar bord na seirbhísí go léir saor in aisce
Tá áiseanna iompair rothar ar na traenacha Idirchathrach go léir. TTá stóráil ar fhormhór na seirbhísí ó Bhaile Átha Cliath go Corcaigh agus ar gach traein ó Bhaile Átha Cliath go Béal Feirste atá suite i limistéar ar leith amach ó limistéar paisinéirí na traenach.
Ar gach bealach Idirchathrach eile, tá na spásanna rothair laistigh de limistéar na bpaisinéirí. Ní cheadaítear rothair a thabhairt ar bord sa charráiste paisinéirí mura bhfuil spás dóibh sa raca rothar ar bord. Ní gá rothair 'Fillte” a fhágáil sa raca rothar. Ní cheadaítear a leithéidí ‘Trírothach’ a thabhairt ar bord sa charráiste paisinéirí. For bike space dimensions, please see below section.
Beidh ar chustaiméirí a bhfuil ticéad ina seilbh acu cheana agus gur mian leo taisteal lena rothar an rothar a chur in áirithe ar líne saor in aisce, trí úsáid a bhaint as an rogha ‘Pas Saorthaistil nó ticéad bailí’ ar an bPleanálaí Turais.
Caithfear spásanna rothair do sheirbhísí Idirchathrach a chur in áirithe roimh ré, ar líne ag bPleanálaí Turas.
Seirbhísí a thaistealaíonn isteach i Stáisiún Heuston (seirbhísí Idirchathrach agus comaitéirí Phort Laoise)
Tá ár gcuid seirbhísí faoi lánacmhainneacht ag buaic‐am taistil, dá réir sin, ní cheadaítear rothair ag na hamanna sonraithe idir an Luan – an Aoine mura bhfuil an rothar curtha in áirithe ar sheirbhís Idirchathrach roimh ré. Taispeánfar na seirbhísí ar féidir iad a chur in áirithe ar ár bPleanálaí Turas.
- Seirbhísí a bhaineann Stáisiún Heuston amach idir 07.00 uair agus 09.30 uair
- Seirbhísí a fhágann Stáisiún Heuston idir 16.00 uair agus 19.00 uair
Áirithintí Rothair
Caithfear spásanna rothair do sheirbhísí Idirchathrach a chur in áirithe roimh ré tríd an bPleanálaí Turais thuas
Rothair ar Thraenacha DART agus Comaitéara
Fáiltíonn Iarnród Éireann roimh rothair ar sheirbhísí DART agus Comaitéara lasmuigh de na hamanna taistil is gnóthaí agus níl aon chostasair seo. Is féidir rothair atá fillte agus clúdaithe a iompar ar gach seirbhís DART agus Comaitéara agus ní chuirtear aon srianta ama orthu.
Ní cheadaítear rothair ar sheirbhísí DART agus Comaitéara idir 07:00 agus 10:00 uair agus idir 16:00 uair agus 19:00 uair ó Luan go hAoine. Is féidir le custaiméirí taisteal le rothair an lá go léir Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh.
- Síneann seirbhís DART ó Na Clocha Liatha agus Bré trí Stáisiún Uí Chonghaile i mBaile Átha Cliath go Mullach Íde agus Binn Éadair
- Síneann seirbhís Comaitéara Thuaidh Bhaile Átha Cliath ó Stáisiún an Phiarsaigh i mBaile Átha Cliath trí Stáisiún Uí Chonghaile i mBaile Átha Cliath go Dún Dealgan
- Síneann seirbhís comaitéireachta Phort Laoise/Bhaile Átha Cliath ó Stáisiún Heuston Bhaile Átha Cliath go stáisiúin chomh fada le Port Laoise
- Síneann seirbhís Comaitéara ó Bhaile Átha Cliath go dtí an Longfort ó Stáisiún an Phiarsaigh i mBaile Átha Cliath trí Stáisiún Uí Chonghaile i mBaile Átha Cliath go an Longfort
- Síneann seirbhísí Bhaile Átha Cliath go Dún Búinne / Bealach na Pháirce M3 ó Stáisiún Cheantar na nDugaí/ Stáisiún Uí Chonghaile i mBaile Átha Cliath trí Chluain Saileach go Dún Búinne/ Bealach na Páirce M3
- Síneann seirbhís Comaitéara Theas Bhaile Átha Cliath ó Stáisiún Uí Chonghaile i mBaile Átha Cliath go Stáisiún Ghuaire
- Síneann seirbhísí Comaitéara Mala – Corcaigh – an Cóbh – Mainistir na Corann ó Mhala go Corcaigh, ó Chorcaigh go dtí an Cóbh nó Mainistir na Corann
Má tá tú ag taisteal le do rothar, tabhair an méid seo a leanas faoi deara, le do thoil:
- Tabhair faoi deara, le do thoil, tá an ceart ar cosaint ag Iarnród Éireann a dhiúltú chun breis agus dhá rothar a iompar mura bhfuil ach dhá spás rothair ar fáil ar sheirbhís Idirchathrach. Mar sin, moltar chun spás a chur in áirithe roimh ré ar líne
- Is faoi fhoireann an stáisiúin a bhíonn sé chun rothair a iompar ar sheirbhísí Comaitéara
- B’fhéidir nach mbeifear in ann a cheadú rothair a iompar ar sheirbhísí DART nó Comaitéara ag amanna áirithe (e.g. nuair a bhíonn cluichí spóirt / ceolchoirmeacha móra ar siúl)
- Ba cheart do chustaiméirí siúl lena rothair nuair atá siad sa stáisiún. Ní cheadaítear rothaíocht i stáisiúin ná ar ardáin
- Ba cheart do chustaiméirí rampaí agus ardaitheoirí a úsáid seachas staighrí laistigh de stáisiúin chun ardáin a bhaint amach
- Níor cheart do chustaiméirí a rothair a fhágáil ar bord traenacha
- Ní féidir le leanaí neamhthionlactha rothair a thabhairt ar thraenacha
- Níl aon rothair innealta ceadaithe ar thraenacha
- Úsáid na spásanna stórála rothair a chuirtear ar fáil i gcónaí
- Ná cuir bac ar bhealaí amach ná ar phasáistí. Tá an ceart ar cosaint ag Iarnród Éireann Irish Rail chun rothair abhaint má bhraitheann an fhoireann go bhfuil bac á chur aige ar chustaiméirí eile nó má cheapann siad go gcruthaíonn sé baol sábháilteachta
- Is féidir rothar atá 1.8 méadar ar fad agus 0.865 méadar ar leithead, ar a mhéid, a iompar.
- Ní cheadaítear rothair a bhfuil leantóirí ceangailte leo ach ar sheirbhísí ó Bhaile Átha Cliath go Béal Feirste agus ó Bhaile Átha Cliath go Corcaigh a bhfuil limistéar ar leith stórála rothar iontu
-
"Is féidir le spásanna rothar ar an gCarr Iarnróid Idirchathrach (ICR) freastal ar rothair leis na toisí seo a leanas:
Fad foriomlán - 1800mm
Leithead foriomlán – 865mm
Leithead uasta na mbonn – 65mm"
- Freastalóidh na toisí thuas ar gach cineál rothar camchuairte bóthair, sléibhe, agus feistithe go réasúnta. Ar an drochuair, ní féidir freastal ar ’rothair le boinn leithne’ le leithead boinn níos mó ná an leithead sonraithe sin inár raca(í) rothar
Páirceáil Rothar ag Stáisiúin Iarnród Éireann
Is féidir le custaiméirí úsáid saor in aisce a bhaint as racaí rothair, nuair a chuirtear ar fáil iad ag stáisiúin Iarnród Éireann.
Mar rogha air sin, tá taisceadáin rothair ar fáil, chomh maith, ar cíos ag roinnt stáisiún. Oibríonn dhá chuideachta taisceadáin rothair laistigh de roinnt dár stáisiúin. Chun teacht ar eolas breise, féach Apcoa - Bike Locker Rental. Téigh go dtí an mhír Eolas Stáisiúin roghnaigh do stáisiún agus tiocfaidh tú ar na háiseanna páirceála rothair atá ar fáil faoi 'Páirceáil agus Naisc Iompair'.
Rothair Infhillte ar bord Traenacha
Is féidir rothair infhillte a iompar ar bord na seirbhísí go léir saor in aisce. Cinntigh go bhfuil do rothar fillte i gceart roimh an traein a bhordáil.
Suíomh | Cuideachta | Seoladh | Fón | Suíomh Gréasáin |
---|---|---|---|---|
Déantar iad a sheachadadh go dtí gach áit in Éirinn |
HighNelly
|
An Chill Dubh, An tSeanphailís, Contae Luimnigh. |
Rothar a Fhruiliú
An mian leat taitneamh a bhaint as na rudaí is fearr a chuireann Tuath na hÉireann ar fáil i ndiaidh duit an traein a fhágáil? Más mian leat, is féidir leis na cuideachtaí éagsúla fruilithe rothar* thíos an tsaoirse sin a chur ar fáil duit ar do luas féin - rothar a fháil ar cíos. Tá eolas forleathan áitiúil acu agus tá siad ar fáil chun cabhrú le haon cheisteanna a fhreagairt a d’fhéadfadh bheith agat maidir le rothaíocht in Éirinn. Chomh maith leis sin, cuirfidh siad lascaine a mhéid le 10 faoin gcéad ar fáil ar rothar a fhruiliú do chustaiméirí Iarnród Éireann, cibé acu más spéis leat rothar a fháil ar cíos ar feadh uair an chloig, lae nó seachtaine. Ná bíodh moill ort mar sin! Suas ar an diallait leat!
Scéim Rothar Bhaile Átha Cliath
Tá dhá stáisiún nasctha de chuid Scéim Rothar Bhaile Átha Cliath suite ag Stáisiún Heuston. Tabhair cuairt, le do thoil, ar dublinbikes.ie chun teacht ar bhreis faisnéise.
Suíomh | Cuideachta | Seoladh | Fón | Eolas |
---|---|---|---|---|
An Clár | Michael Tierney | 17 Sráid na Mainistreach, Inis, an Clár |
Fón: (065) 29433 nó Ríomhphost: enniscycles@eircom.net | €20 sa lá/ €80 sa tseachtain. Tugtar lascaine a mhéid le 10 faoin gcéad do chustaiméirí Iarnród Éireann. |
Corcaigh | City View Wheels | 31‐36 Sráid na Blarnan, Corcaigh | Fón: (021) 4304547 | Is féidir rothar leictreach Kalkhoff a fháil ar cíos ar €25 sa lá/€125 sa tseachtain. Tugtar lascaine a mhéid le 10 faoin gcéad do chustaiméirí Iarnród Éireann. |
Corcaigh | Roycroft Cycles -Rent-A-Bike | Cúirt Heron, Carrchlós Fields, An Sciobairín, Corcaigh. | Fón: (028) 21235 nó Ríomhphost: roycroftcycles@eircom.net | €14/€16/€18 sa lá. 7 rotharbhealach ainmnithe. Tugtar lascaine a mhéid le 10 faoin gcéad do chustaiméirí Iarnród Éireann. |
Corcaigh | Cycle Scene | 396 Sráid na Blarnan, Corcaigh | Fón: (021) 4301183 nó Ríomhphost: cyclescene@gmail.com | €15 sa lá/€80 sa tseachtain. Tugtar lascaine a mhéid le 10 faoin gcéad do chustaiméirí Iarnród Éireann. Teastaíonn éarlais slándála. Moltar áirithint roimh ré a dhéanamh. |
Baile Átha Cliath | Bikes or Bicycles | 47 Sráid Chlann Bhreasail, Baile Átha Cliath 8 | Fón: (01) 5610638 | €20 sa lá/€80 sa tseachtain. Tugtar lascaine a mhéid le 10 faoin gcéad do chustaiméirí Iarnród Éireann |
Baile Átha Cliath | Bleeper | Merchants Quay Dublin 8 |
Fón: (01) 437 0930 |
Bleeper: Public On-Street Bike Rental or LeaseBike: E-Bike Rental Service. Hire an e-bike from as little as €19.99 per week, including repairs and maintenance. |
Baile Átha Cliath | Irish Centre for Cycling | Caisleán Mhullach Íde, Mullach Íde, Contae Bhaile Átha Cliath | Fón: (01) 8168345 nó Ríomhphost: info@irishcentreforcycling.ie | Suite díreach taobh le stáisiún DART Mhullach Íde ar thailte Chaisleán Mhullach Íde stairiúil. Rothair ar cíos agus turais ar rothar do dhaoine aonair agus do ghrúpaí. Cuirtear clogad agus veist ard-infheictheachta ar fáil saor in aisce. Rothair de mhúnla Giant ar an gcaighdeán is fearr atá sna rothair go léir a ligtear ar cíos. Is fiú go mór lán na súl a bhaint as tailte áille an chaisleáin agus as na bealaí cósta atá i ngar. Tugtar lascaine a mhéid le 10 faoin gcéad do chustaiméirí Iarnród Éireann |
Baile Átha Cliath | Neill’s Wheels - Rothair ar Cíos agus Turais | Neill Treacy, Lána na Bó, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath 2 | Fón: (085) 1530648 nó Ríomhphost: neill@rentabikedublin.com | €10 sa lá nó €60 sa tseachtain. Tugtar lascaine a mhéid le 10 faoin gcéad do chustaiméirí Iarnród Éireann. |
Baile Átha Cliath | River Cycles | Gatekeeper Hut, Ascaill Chesterfield, Baile Átha Cliath 8 | Fón: (086) 2656258 nó Ríomhphost: paul@rivercycles.com | Standard Bikes 2 uair an chloig – €4 Tráthnóna – €5 Lá Iomlán – €10 |
Gaillimh | West Ireland Cycling | Aonad 1, Cúirt Bridgewater, Bóthar Chnoc an Dalláin Íochtarach, Gaillimh H91E2X5 |
Fón: (087) 1768480 nó Ríomhphost: admin@westirelandcycling.com
|
Rogha de rothair ardchaighdeáin hibride Trek, rothair bhóthair Trek, rothair leictreacha, rothair ghairbhéil, rothair thandaim. Áit a chur in áirithe ar líne. Tá seirbhís bhailithe agus fágála ar fáil ar iarraidh sin. |
Ciarraí (Trá Lí) |
O'Halloran Cycles | 83 An Bhóthar Buí, Trá Lí, Ciarraí. | Fón: (066) 22820 | €10 sa lá/ €50 sa tseachtain. 250 méadar ó Stáisiún Thrá Lí. Tugtar lascaine a mhéid le 10 faoin gcéad do chustaiméirí Iarnród Éireann |
Laois -Port Laoise | Ml Kavanagh | Sráid an Iarnróid, Port Laoise, Laois | Fón: (057) 068621357 | Tréimhse Chíosa: Mei‐M.F. €8 in aghaidh an lae |
Luimneach | Emerald Appliances | 21 Sráid an Róistigh, Luimneach | Fón: (061) 416983 nó Ríomhphost: emeraldalpi@eircom.net | Tugtar lascaine a mhéid le 10 faoin gcéad do chustaiméirí Iarnród Éireann sna séasúir sheachbhuaice |
Luimneach | Pedal Pursuits Bike Hire | Gleann Darach, An Caisleán Nua Luimneach, V42XT53 |
Fón: (353) (0)86 813 4061 nó Ríomhphost: pedalpursuitsbikehire@gmail.com | Tá fáil ar rothair ar cíos ó €5 an rothar. Rothair ar cíos do pháistí idir €10 – €15, rothair ar cíos d’aosaigh €25. Is féidir leat rothair leictreacha a fháil ar cíos freisin ar €45 in aghaidh an lae. Cuirtear clogaid ar fáil le gach rothar |
An tAonach (Tiobraid Árann) |
Moynans | 4 Cecil Walk, an tAonach, Tiobraid Árann | Fón: (067) 31293 nó Ríomhphost: info@moynans.com | Teastaíonn éarlais €50 in aghaidh an rothair agus is gá rothair a chur in áirithe trí seachtaine sula dtabharfar ar cí |
Sligeach / Liatroim | Northwest Adventure Tours | Sligeach | Ríomhphost: northwestadventuretours@gmail.com | Cosnaíonn sé ar a laghad €15 ar rothar a fháil ar cíos. Cuirtear lascainí ar fáil do ghrúpa agus cuirimid seirbhís áisiúil bhailithe agus fágála ar fáil do rothair atá ar cíos. Tá turais bhóthair threoraithe ar an mbóthar agus turais easbhóthair ar fáil chomh maith. Tugtar lascaine a mhéid le 10 faoin gcéad do chustaiméirí Iarnród Éireann. |
Cathair na Mart | The Westport Bike Shop | The Paddock, Bóthar Bhaile Uí Fhiacháin, Cathair na Mart | Fón: (098) 24966 nó Ríomhphost: info@westportbikeshop.ie | Cosnaíonn rothar a fháil ar cíos €15 sa lá agus is féidir leat rothair leictreacha a fháil ar cíos, chomh maith, ar €30 sa lá. Tugtar lascaine a mhéid le 10 faoin gcéad do chustaiméirí Iarnród Éireann. |
Cathair na Mart | Westport Bikes 4 Hire | An Cheathrú Bhán, Cathair na Mart, Contae Mhaigh Eo | Fón: (086) 0880882 nó Ríomhphost: info@westportbikes4hire.com | Cosnaíonn rothar a fháil ar cíos €15 sa lá do dhuine fásta agus €10 do leanbh. Tugtar lascaine a mhéid le 15 faoin gcéad do chustaiméirí Iarnród Éireann. |
*Caithfear spásanna rothair a chur in áirithe roimh ré
**Tabhair faoi deara, le do thoil, níl Iarnród Éireann agus CIÉ cleamhnaithe leis na cuideachtaí thuas.
Taisceadáin Rothar
An bhfuil suim agat Taisceadáin Rothar a fháil ar cíos?
Féach na sonraí thíos, le do thoil, chun tuilleadh eolais a fháil.
Fón - 0818462899
Ríomhphost - info@apcoa.ie
Suíomh gréasáin - Lockers2Rent.apcoa.ie
An t-eolas thíos i gceart amhail an 05/12/2022.
Suíomh | Méid | In úsáid | Ar fáil |
---|---|---|---|
Baile an Ásaigh |
5
|
3
|
2
|
Baile Átha Í |
5
|
0
|
5
|
Baile Átha Luain |
5
|
1
|
4
|
Baile Brigín |
20
|
13
|
7
|
Baile an Bhóthair |
18
|
7
|
11
|
Bré |
6
|
3
|
3
|
Ceatharlach |
5
|
1
|
4
|
Caisleán Cnucha |
6
|
6
|
0
|
Cluain Dolcáin Cnoc an Fhuaráin |
5
|
0
|
5
|
Cluain Saileach |
6
|
3
|
3
|
Stáisiún Uí Chonghaile |
20
|
15
|
5
|
Cúil Mhín |
8
|
4
|
4
|
Corcaigh |
25
|
9
|
16
|
Domhnach Bat |
7
|
2
|
5
|
Droichead Átha |
10
|
2
|
8
|
Dún Dealgan |
5
|
1
|
4
|
Dun Laoghaire |
10
|
6
|
4
|
Inis |
5
|
2
|
3
|
Gaillimh |
10
|
3
|
7
|
Collchoill & Cill Droichid |
10
|
4
|
6
|
Heuston |
69
|
36
|
33
|
Gabhal Bhinn Éadair |
5
|
2
|
3
|
Cill Dara |
10
|
0
|
10
|
Cill Chainnigh |
5
|
0
|
5
|
Léim an Bhradáin (Droichead Louisa) |
4
|
2
|
2
|
Luimneach |
10
|
2
|
8
|
Ollpháirc M3 |
4
|
2
|
2
|
Mullach Íde |
23
|
16
|
7
|
Maigh Nuad |
25
|
17
|
8
|
An Muileann gCearr |
10
|
4
|
6
|
Droichead Nua |
10
|
8
|
2
|
Cúil an tSúdaire |
5
|
1
|
4
|
Portlaoise |
5
|
3
|
2
|
Port Mearnóg |
6
|
2
|
4
|
An Ros & Lusca |
10
|
3
|
7
|
Na Sollain |
30
|
11
|
19
|
Na Sceirí |
20
|
11
|
9
|
Cill Fhionntain |
5
|
3
|
2
|
Sligeach |
5
|
0
|
5
|
Tulach Mhór |
5
|
0
|
5
|
Cathair na Mart |
5
|
0
|
5
|
Iomlán |
462
|
208
|
239
|