Tionscadal Athchomharthaíochta Lár na Cathrach
Déantar foráil do Thionscadal Athchomharthaíochta Lár na Cathrach faoin gclár infheistíochta caipitil le haghaidh iompair. Thug Rialtas na hÉireann maoiniú do dhearadh agus do phleanáil an tionscadail seo tríd an Údarás Iompair Náisiúnta agus bhí sé maoinithe i bpáirt ag Gníomhaireacht Feidhmiúcháin Nuálaíochta agus Líonraí de chuid an Choimisiúin Eorpaigh. Leis an tionscadal seo, comhlíonfar an t-éileamh atá ag dul i méid i gcónaí ar iompar iarnróid trí acmhainn agus minicíocht na dtraenacha a théann trí Lár Chathair Bhaile Átha Cliath a mhéadú.
Leis an tionscadal, cuirfear ar chumas Iarnród Éireann 20 traein a oibriú sa dá threo tríd an líne ó Acomhal Bhinn Éadair go dtí Duga na Canálach Móire, a fhreastalaíonn ar DART Bhinn Éadair, DART Mhullach Íde, traenacha Comaitéara an Tuaiscirt, seirbhísí Fiontraíochta Bhéal Feirste, seirbhísí idirchathrach Shligigh agus Mhaigh Nuad, chomh maith le seirbhísí eile i gceantar idir Uí Chonghaile agus Duga na Canálach Móire. Le comharthaíocht ar línte traenach, rialaítear an ghluaiseacht shábháilte de thraenacha, agus faoi láthair is ionann cumas an chórais agus 12 thraein in aghaidh na huaire i ngach treo.
Sa Tionscadal tugadh aird freisin ar an ngá atá le trealamh comharthaíochta a nuachóiriú. Bainfear úsáid as comhghlasáil ríomhairebhunaithe chun na córais chomharthaíochta Relaybhunaithe atá ann cheana a athsholáthar i mBinn Éadair, Acomhal Bhinn Éadair, Cill Easra, Uí Chonghaile Bhaile Átha Cliath agus Stáisiún an Phiarsaigh, Baile Átha Cliath.
Tá an tionscadal le cur i gcrích i gceithre chéim:
- Clúdaíonn an chéad chéim den tionscadal an chuid idir Mullach Íde / Binn Éadair go dtí Cill Easra
- Clúdaíonn an dara céim den tionscadal Cill Easra go dtí Achomhal an Phoirt Thoir
- Clúdóidh an tríú céim an chuid idir Uí Chonghaile agus Dumhach Thrá
- Is é clós Stáisiún Uí Chonghaile an ceathrú céim
Buntáistí
Tabharfaidh an córas nua comharthaíochta buntáistí ollmhóra dár gcustaiméirí:
- Méadú ar líon na dtraenacha le linn buaicuaireanta
- Feidhmíocht fheabhsaithe de Chrosairí Comhréidhe lena dtabharfar amanna oscailte níos faide do bhóithre
- Poncúlacht níos fearr de bharr nuachóiriú na comharthaíochta
- Soláthairtí cumhachta neamhbhriste chun iontaofacht níos airde a chinntiú
- Leis an gcóras nua comharthaíochta, éascófar modhnuithe leagan amach na rianta don DART
- Tionscadail leictriúcháin faoi thalamh agus do Mhaigh Nuad agus do Líne an Tuaiscirt
Fíricí
Reáchtálfar an tionscadal athchomharthaíochta idir stáisiún Mhullach Íde/Bhinn Éadair agus Dumhach Thrá. (Fad 21.6 km) Cosnóidh an tionscadal thart ar Є120 milliún. Críochnófar an obair thionscadail leis an gcur isteach is lú agus is féidir ar sheirbhísí agus ar chónaitheoirí a bhfuil ina gcónaí in aice leis an líne.
Thug Rialtas na hÉireann maoiniú do dhearadh agus do phleanáil an tionscadail seo agus bhí sé maoinithe i bpáirt ag Gníomhaireacht Feidhmiúcháin Nuálaíochta agus Líonraí de chuid an Choimisiúin Eorpaigh.
Le haghaidh tuilleadh eolais faoin tionscadal déan teagmháil le:
Bainisteoir Cláir, SET Iarnród Éireann Ceanncheathrú Rian & Comharthaí Inse Chór Dublin 8