Dlíthiúil
Léigh an t-eolas thíos go cúramach le do thoil. Leagtar amach sna téarmaí agus coinníollacha seo (mar aon leis na doiciméad dá dtagraíonn siad) an bonn ar a bhfuil tú i dteideal Ardáin Dhigiteacha Iarnród Éireann a rochtain agus a úsáid.
Trí Ardáin Dhigiteacha Iarnróid Éireann a úsáid, deimhníonn tú go nglacann tú leis na téarmaí agus coinníollacha seo (na “téarmaí úsáide”) agus go gcomhaontaíonn tú cloí leo. Mura gcomhaontaíonn tú leis na téarmaí úsáide seo, níor cheart duit an suíomh gréasáin a úsáid.
Téarmaí agus Coinníollacha a bhaineann le hÁirithintí Ar Líne
Tagann an úsáid a bhaineann tú as áirithintí ar líne Iarnród Éireann faoi réir na dTéarmaí agus Coinníollacha úsáide a bhaineann leis an suíomh gréasáin seo. Trí sheirbhís áirithintí ar líne Iarnród Éireann a úsáid, tá tú ag comhaontú agus ag cur do chomhaontaithe in iúl go dtoilíonn tú a bheith faoi cheangal ag na téarmaí thíos agus ag na Téarmaí agus Coinníollacha maidir le hÚsáid sin.
Beartas maidir le Fianáin agus agus Ráiteas Príobháideachais
Déanann Iarnród Éireann do phríobháideacht a urramú agus tá sé tiomanta don phríobháideacht sin a chosaint. Is é is cúis lenár Bheartas maidir le Fianáin agus Ráiteas Príobháideachais ná tú a chur ar an eolas maidir leis na sonraí a bhaineann leatsa a bhailímid agus a úsáidimid i ndáil lenár nArdáin Dhigiteacha agus na húsáidí (lena n-áirítear nochtadh do thríú páirtithe) a bhainimid as na sonraí sin.
Inrochtaineacht Láithreán Gréasáin Iarnród Éireann
Cé go bhfuil ár ndícheall deánta againn Irishrail.ie a réiteach le bheith inrochtaineach do gach uile úsáideoir láithreáin gréasáin, d'fhéadfadh go mbeadh roinnt cásanna ann ina bhféadfadh úsáideoirí lagamhairc a gcuid taithí a fheabhsú trí fhorlíontáin bhrabhsálaí agus gnéithe a mionchoigeartú. Anseo, gheobhaidh tú treoir maidir le conas do bhrabhsálaí nó do chóras oibriúcháin a chumrú chun an chodarsnacht a shocrú le bheith níos airde ar irishrail.ie.
Coinníollacha Iompair
An t-eolas ar fad atá uait agus tú ag taisteal le Iarnród Éireann.
Scéim Teanga
Is í seo an chéad Scéim Teanga arna hullmhú ag Iarnród Éireann faoi alt 11 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, mar chuid de Ghrúpscéim i gcoitinne CIÉ.
Fodhlíthe CIE
Is é is cúis le Fodhlíthe CIÉ ná a bheith in ann taisteal ar sheirbhísí Iarnród Éireann, úsáid agus oibriú ár n-iarnród uile a rialáil, agus ord a choimeád orthu freisin.
Cairt Phaisinéirí
Tá Iarnród Éireann tar éis a Chairt Chustaiméirí féin a fhorbairt ina leagtar amach na leibhéil agus na caighdeáin seirbhíse atá tú i dteideal a bheith ag súil leo mar chustaiméir de chuid Iarnród Éireann.
Iarnród Éireann Aip
Úsáideann ár n-aipeanna gnéithe áirithe teileafóin chun eispéireas an úsáideora a fheabhsú. Tá achoimre tugtha againn thíos ar na gnéithe gléis a úsáideann na haipeanna agus an réasúnaíocht atá na gnéithe sin á n-úsáid againn.
Conas teagmháil a dhéanamh linn
Sula ndéanann tú teagmháil linn, molaimid athbhreithniú a dhéanamh ar an eolas ar fad thuasluaite toisc go bhféadfaidh na freagraí atá uait a bheith ann.