SailRail - Téigh chuig an Ríocht Aontaithe ar an Traein agus ar an mBád Farantóireachta

Tairgeann ticéid SailRail luach iontach

Tairgeann ticéid SailRail luach iontach

le haghaidh taistil ó aon stáisiún Iarnród Éireann go dtí an Ríocht Aontaithe

Ceannaigh Anois

 

 

Déanann ticéid Rail and Sail do thurais go hÉirinn chomh simplí agus is féidir. Sin an fáth a bhfuil cinneadh déanta againn dul i gcomhar le Irish Ferries, chun rogha chompordach eile a thabhairt duit seachas eitiltí agus tú ag taisteal ó Éirinn go dtí an Ríocht Aontaithe.

Téigh ar thraein ó aon stáisiún Iarnród Éireann | Irish Rail go calafort Bhaile Átha Cliath nó Ros Láir agus ansin lean ar aghaidh le do thuras ar bhád farantóireachta trasna Mhuir Éireann le do thicéid Rail and Sail. Is eispéireas taistil saor, saor ó strus é don teaghlach ar fad. Agus tá sé éasca freisin! An bhfuil fonn ort teacht? Faigh tuilleadh eolais thíos.

Buntáistí

Níl le híoc ach an praghas a fheiceann tú

Ceannaigh do Thicéad SailRail

Ar Líne

  • Is é an bealach is éasca chun do thicéid SailRail a cheannach ná ar líne tríd an suíomh gréasáin Irish Ferries
Sail Rail
Ceannaigh Anois

Ar an Teileafón

Ag Stáisiún de chuid Iarnród Éireann

Moltar do chustaiméirí a dturas a chur in áirithe roimh ré ach i gcás duine a dteastaíonn uathu ticéad a cheannach lá an taistil, áfach, ba cheart dóibh é sin a dhéanamh tráth nach déanaí ná 1 uair an chloig roimh am imeachta na traenach.

Déan Teagmháil linn chun tuilleadh eolais a fháil. De rogha air sin, buail isteach chuig ceann ar bith de na stáisiúin seo a leanas de chuid Iarnród Éireann:

Is féidir do thicéad SailRail a cheannach ó na stáisiúin seo a leanas de chuid Iarnród Éireann: Baile Áth Luain, Corcaigh, Stáisiún Uí Chonghaile - Baile Átha Cliath, Gaillimh, Cill Airne, Luimneach, Gabhal Luimnigh, Mala, Sligeach, Durlas, Trá Lí, nó Cathair na Mart. Chun amanna oscailte a fháil, téigh chuig ar mír ‘Aimsigh Stáisiún’.

Barr