Eolas maidir le Ticéad Traenach a Bhailiú
Conas do Thiceád a Bhailiú ó Mheaisín Díola Ticéad
Is féidir ticéid a cheannaítear ar líne nó ar an teileafón a bhailiú ag aon mheaisín díola ticéad in
aon stáisiún Iarnród Éireann (i bPoblacht na hÉireann)
- Ar scáileán an mheaisín ticéad roghnaigh ‘Bailigh ticéid Réamháirithe’
- Iontráil an 'Uimhir Bailithe Ticéid' ar an scáileán. Cinntigh go n-iontrálann tú an 'Uimhir
Bailithe Ticéid' agus ní an 'Uimhir Áirithinte'. Nuair atá (11) dhigit do 'Uimhir Bailithe
Ticéid' iontráilte agat, brúigh 'Iontráil'. - Fan go mbeidh do thicéad/do thicéid priontáilte ag an meaisín. Seiceáil go bhfuil do
thicéad/do thicéid agat roimh imeacht ón meaisín díola ticéad. Tabhair faoi deara
nach féidir ticéid a phriontáil ach uair amháin.