Eolas maidir le Ticéad Traenach a Bhailiú

When purchasing tickets with Iarnród Éireann either by phone or on our website customers are presented two ticket fulfilment options, subject to availability;

  • Bailigh ag Meaisín Ticéad - Roimh dhul ar an traein, ní mór ticéad a bhailiú ó mheaisín díola ticéad i stáisún ar bith de chuid Iarnród Éireann (laistigh de Phoblacht na hÉireann)
  • Íoslódáil ticéid QR - Cuirtear ticéid QR ar fáil i bhformáid PDF nó is féidir iad a chur leis an aip sparáin ar do ghléas Apple. Tá tuilleadh eolais faoi thicéid QR a shábháil ar do ghléas Apple le fáil ar ár dTreoir maidir le Ticéid QR.

Conas do Thiceád a Bhailiú ó Mheaisín Díola Ticéad

Is féidir ticéid a cheannaítear ar líne nó ar an teileafón a bhailiú ag aon mheaisín díola ticéad in
aon stáisiún Iarnród Éireann (i bPoblacht na hÉireann)

  1. Ar scáileán an mheaisín ticéad roghnaigh 'Bailigh ticéid Réamháirithe'
  2. Iontráil an 'Uimhir Bailithe Ticéid' ar an scáileán. Cinntigh go n-iontrálann tú an 'Uimhir
    Bailithe Ticéid' agus ní an 'Uimhir Áirithinte'. Nuair atá (11) dhigit do 'Uimhir Bailithe
    Ticéid' iontráilte agat, brúigh 'Iontráil'.
  3. Fan go mbeidh do thicéad/do thicéid priontáilte ag an meaisín. Seiceáil go bhfuil do
    thicéad/do thicéid agat roimh imeacht ón meaisín díola ticéad. Tabhair faoi deara
    nach féidir ticéid a phriontáil ach uair amháin.
Top