Sábháilteacht agus Slándáil Iarnród Éireann
Paisinéirí
- Seas taobh thiar de na línte buí. Seas siar ó imeall an ardáin, is féidir le traenacha dul thar ar ardluas
- Trasnaigh leis na droichid choisithe nó leis na fobhealaí amháin, ná téigh ar an ráille ná thar theorainneacha na n-ardán
- Fan go dtí go stopfaidh an traein sula n-osclaíonn tú na doirse agus ná déan iarracht riamh dul ar bord traenach atá ag bogadh nó ná tuirling di ach an oiread
- Ná cuir bagáiste trom sna racaí lasnairde riamh
- Bí cúramach agus tú ag bogadh trí na carráistí ar thraein atá ag gluaiseacht agus bain úsáid as ráillí láimhe, nuair a bhíonn siad ar fáil
- Bí an-chúramach nuair a bhíonn staighrí, staighrí beo agus droichid á n-úsáid agat - go háirithe nuair a bhíonn an aimsir fhuar nó fliuch nuair a d’fhéadfadh sé a bheith sleamhain
- Siúil i gcónaí ar aon ardán, ná rith riamh
Tiománaithe, Crosairí Comhréidhe agus Droichid
- Tabhair faoi deara, léigh agus lean na comharthaí agus na treoracha go léir
- Stop e d’fheithicil i gcónaí nuair a bhíonn geataí crosaire comhréidh dúnta nó á ndúnadh, nó nuair a bhíonn na soilse rabhaidh lasta. Fan go n-osclaítear na geataí trasnaithe go hiomlán agus go múchtar na soilse, ansin lean ort go cúramach
- Ná tiomáin timpeall na ngeataí nuair a bhíonn siad á ndúnadh nó á n-oscailt
- Ag Crosairí Comhréidhe Gan Duine ina mBun léigh na comharthaí/fógraí roimh thrasrianta
- Breathnaigh agus Éist
- Chun tuilleadh eolais a fháil ar conas crosairí comhréidhe gan duine ina mbun a
úsáid, íoslódáil cóip dár r Leabhrán Sábháilteachta Crosaire Comhréidhe gan duine ina mBun nó is féidir leat féachaint ar ár gCrosairí Comhréidhe ar Google Maps - Ba cheart do thiománaithe d’fheithiclí arda tiomáint go cúramach agus atá siad ag
tiomáint faoi dhroichid. Ba chóir duit airde d’fheithicle agus d’ualaigh a bheith ar eolas
agat i gcónaí, agus ceanglaítear ort leis an dlí cloí le comharthaí srianta airde
reachtúla. Cliceáil an nasc seo a leanas chun airde na ndroichead ar do bhealach a
sheiceáil
Tuismitheoirí agus Leanaí
- Ná bí ag súgradh ar na rianta iarnróid nó in aice leo. Cuimhnigh, seachas an baol gortaithe nó báis atá ann, is féidir fíneáil de €1,000 a bheith mar thoradh ar treaspás a dhéanamh.
- Ná bí súgradh in aice le cáblaí leictreacha ardvoltais nó línte lasnairde
- Ná tóg aicearraí thar rianta, cuimhnigh go bhféadfadh traenacha oibriú ag aon am den lá nó den oíche
- Ná caith clocha ar thraenacha; fágadh colm ar paisinéirí don chuid eile dá saol agus d'fhéadfaí iad a mharú
- Cabhraigh linn ár n-iarnróid a choinneáil slán
Slándáil
- Ba chóir do phaisinéirí aire a thabhairt dá gcuid earraí pearsanta, i stáisiúin agus fad agus a bhíonn siad ag taisteal ar thraenacha chomh maith.
- Níl Iarnród Éireann faoi dhliteanas as aon earraí pearsanta a chailltear nó a ghoidtear
- Níor cheart do phaisinéirí a mbagáiste a fhágáil gan duine ina mbun
- Ba cheart d'aon duine a chreideann go bhfuil rud amhrasach aimsithe acu i stáisiún é a chur in iúl do bhaill foirne an stáisiúin
- Ba cheart d'aon duine a chreideann go bhfuil rud amhrasach aimsithe acu ar thraein é a chur in iúl d'fhoireann IÉ ar an traein nó ag an gcéad stad stáisiúin eile. Ní hiondúil go n-úsáidtear na Hanlaí Coscáin Éigeandála ar bord na traenach mar fhreagra cuí ar rud amhrasach a aimsiú, ach amháin má tá fianaise eile ann go bhfuil bagairt fhíor agus láithreach ann don sábháilteacht
Safety and Security Reports
Customer Safety and Security Report - Q2 2023