Ticéad Traenach Ar Líne a Leasú

Is féidir leis an gcustaiméir ticéid Semi Flexible, Flexible agus First Class a leasú agus a chealú ar líne ar aon dul leis na rialacha ticéid a bhaineann leo.  Féach Téarmaí agus Coinníollacha Ticéad Ar Líne le haghaidh tuilleadh eolais.

Níl gach ticéad ar líne bailí ach ar sheirbhís(í) a chuirtear in áirithe. Ní féidir leasuithe agus cealuithe a dhéanamh ach roimh an t-am taistil agus sa chás nach bhfuil an ticéad/na ticéid priontáilte. Nuair atá an ticéad priontáilte, ní féidir aon athruithe nó aon leasuithe breise a dhéanamh ar d'áirithint. 

Treoir maidir le Conas Áirithint ar Líne a Leasú

Ag úsáid Cuntas Iarnród Éireann | Irish Rail

Chun d'áirithint a chur ar ceal nó a leasú

Ríomhaire Deisce

  1. Logáil isteach ar 'Mo Chuntas'
  2. Roghnaigh 'Cuardach Airithinte' ón roghchlár ar chlé
  3. Roghnaigh an áirithint is mian leat a leasú
  4. Roghnaigh ó cheann de na roghanna atá ar fáil atá ábhartha don ticéad nó táille ceannaithe ag barr an scáileáin agus lean na treoracha ar an scáileán.

Fón Póca

  1. Logáil isteach ar 'Mo Chuntas'
  2. Roghnaigh "Stair na hÁirithinte" ó na roghanna ar an leathanach "Baile Mo Chuntais" nó ag baint úsáide as an roghchlár burgair atá suite ar bharr ar deis
  1. Roghnaigh an áirithint is mian leat a leasú
  2. Roghnaigh ó cheann de na roghanna atá ar fáil is infheidhme maidir leis an ticéad nó an táille a ceannaíodh ag baint úsáide as an Bainistigh Áirithint ag an mbarr ar dheis agus tar éis na céimeanna ar an scáileán a leanúint

Níl cuntas agat?

Mura bhfuil cuntas agat is féidir leat an áirithint a rochtain chomh maith trí 'M'Áirithint' ag barr an leathanaigh agus rogha a haon nó a dó a roghnú chun logáil isteach ar d'áirithint agus an rud céanna a dhéanamh mar a rinne tú ag céim 4 thuas.

Fadhbanna ag logáil isteach m'Áirithint a Bhainistiú

Má tá fadhbanna agat logáil isteach chun d'áirithint a leasú nó féachaint air;

  1. Cinntigh go bhfuil tú ag cur an Uimhir Thagartha Áirithinte isteach agus tú ag logáil isteach ar 'm'Áirithint a Bhainistiú'. Is é 8 ndigit d'uimhir thagartha áirithinte, go ginearálta ag tosú le 8, agus is é 11 dhigit d'Uimhir Bhailithe Ticéad atá i ndeimhniú do ríomhphoist agus úsáidtear í chun do thicéad a bhailiú ó Mheaisíní Díola Ticéad i stáisiúin. Uimhir áirithinte shamplach: "86789123"
  2. Cinntigh freisin gurb é an seoladh ríomhphoist a chuirtear ar fáil an ceann a úsáidtear nuair atá an áirithint á dhéanamh.

Ní féidir leat Áirithint Ar Líne a Leasú nó a Chealú

Murar féidir leat do thicéad ar líne a chealú d'fhéadfadh go mbeadh cúpla cúis leis;

  1. Collect at Ticket Machine- can be amended subject to the conditions of the ticket type purchased once the ticket(s) has not been collected from a Ticket Vending Machine.    Download QR Ticket(s)- Customers can amend or cancel their journey if the ticket for that journey has not been validated (ie scanned at a validator in a station or by a staff member onboard a service), subject to Ticket Terms and Conditions. 
  2. Tá ticéad 'Íseal' agat agus tá an fhuinneog áirithinte 48 uair an chloig chun
    d'áirithint a leasú nó a chealú caite
  3. Tá ticéad 'Leathsholútha' agat agus tá an fhuinneog áirithinte 24 uair an chloig chun
    d'áirithint a leasú nó a chealú caite
  4. Tá ticéad 'Solúbtha' nó 'An Chéad Ghrád' agat agus tá an fhuinneog áirithinte 90 nóiméad chun d'áirithint a leasú nó a chealú caite

Tá na téarmaí agus coinníollacha iomlána a bhaineann le háirithintí le fáil ar ár roinn Téarmaí agus Coinníollacha i gcás Ticéad Ar Líne.

Má tá ceist agat nó cúnamh uait, déan teagmháil linn.

Top