Faoi na Dlíthe um Chosaint Sonraí is infheidhme, tá sé de cheart agat rochtain a fháil ar aon fhaisnéis phearsanta ag baint leat a choimeádtar. Tá sé de cheart agat freisin go ndéanfar sonraí míchearta a choigeartú agus go scriosfar Sonraí Pearsanta i gcás nach mbeidh foras dlíthiúil ann na sonraí sin a phróiseáil de réir Bheartas Coinneála Sonraí Iarnród Éireann
Tá na cearta seo a leanas agat (mír 4 de Bheartas Coinneála Sonraí Iarnród Éireann, Bealtaine 2018), i gcásanna áirithe agus faoi réir srianta áirithe, i ndáil do shonraí pearsanta:
Chun aon cheann de na cearta a leagtar amach thuas a fheidhmiú, déan dteagmháil leis an Oifigeach um Chosaint Sonraí ag dpo@irishrail.ie
Tá Cártaí Bliantúla Leap ar fáil i gCorcaigh ag Cártaí Leap
Is féidir gach Tuarascáil Bhliantúil ó 2003 go dtí an lá inniu a íoslódáil i bhformáid PDF ach cliceáil anseo
Tá ticéid chomhcheangailte Bus agus Iarnróid ar fáil don bhealach idir Corcaigh agus Mainistir na Corann. Féach ar an Leathanach Táillí le haghaidh tuilleadh eolais.
I gcás nár éirigh leat íocaíocht a dhéanamh le 3D Secure, déan teagmháil leis an mbeolíne díolacháin ag (0)1 836 6222 (idir 8.30-18.00, Luan go hAoine) chun d’íocaíocht a dhéanamh ar an bhfón.
Tá, téigh go dtí an leathanach Mac Léinn le haghaidh tuilleadh eolais maidir lenár margaí iontacha.
Tá, téigh go dtí an leathanach Wi-Fi agus Cumhacht le breathnú an bhfuil soicéad ar fáil.
Tá. Tá líon teoranta spásanna atá oiriúnach do chathaoireacha rothaí ar gach traein, mar sin tá sé tábhachtach go gcuirfidh tú do spás in áirithint roimh ré.
Féadfaidh tú an spás sin a chur in áirithint trí teagmháil a dhéanamh le do stáisiún áitiúil agus iad a chur ar an eolas maidir leis an dáta/na dátaí agus seirbhís(í) a bhfuil sé i gceist agat taisteal orthu. Déanfaidh siad taifead den mhéid sin agus déanfaidh siad deimhin de go mbeidh ball foirne ar fáil le cabhrú leat ar an lá/ar na laethanta a bheidh tú ag taisteal.
Mar mhalairt rogha, féadfaidh tú an spás atá oiriúnach do chathaoireacha rothaí a chur in áirithint ar roinnt seirbhísí idir Baile Átha Cliath/Corcaigh. Chun sin a dhéanamh, ní mór duit ach an méid seo a leanas a dhéanamh;
Is féidir Fógra Íocaíochta Socraithe a eisiúint mura dtugtar ainm nó seoladh nó má dhiúltaítear ainm nó seoladh a thabhairt d’oifigeach údaraithe nó má thugtar ainm nó seoladh atá bréagach nó míthreorach. Is féidir Fógraí Íocaíochta Socraithe a eisiúint freisin má dhéantar treaspás ar iarnród, má úsáidtear corda éigeandála nó córas cumarsáide eile idir paisinéirí agus tiománaithe traenach ar bhealach mídhleathach nó mura ndúnfar nó mura ndaingneofar na geataí ar chrosaire comhréidh no pasáiste. Is féidir sáraithe ar fhodhlíthe Chóras Iompair Éireann a ionchúiseamh os comhair na Cúirte Dúiche. Tá liosta iomlán d’fhodhlíthe CIÉ mar a leagtar amach san Ordú um Fhodhlíthe Chóras Iompair Éireann (Dearbhú) iad, ar fáil ag irishrail.ie.
Tá. I gcás ina measfaidh oifigeach údaraithe go bhfuil cion á dhéanamh ag duine nó go bhfuil cion déanta acu faoi Mhír 129 den Acht um Shábháilteacht Iarnróid 2005, féadfaidh sé iarraidh ar an duine sin ainm nó a seoladh a thabhairt agus, i gcás nach ndéanfaidh an duine an méid sin nó i gcás ina dtabharfaidh siad ainm a mheasann an t-oifigeach údaraithe a bheith bréagach nó míthreorach, féadfaidh an t-oifigeach údaraithe an duine sin a gabháil gan bharántas agus, a luaithe is féidir, an duine sin a sheachadadh i gcoimeád an Gharda Síochána chun go ndéileálfar leo i gcomhréir leis an dlí.