Friday 31st October, Saturday 1st and Sunday 2nd November - Due to Engineering works between Heuston/Newbridge and Dun Laoghaire/Greystones, service amendments will be in place including bus transfers. Please check our Journey Planner prior to travel.
Faoi na Dlíthe um Chosaint Sonraí is infheidhme, tá sé de cheart agat rochtain a fháil ar aon fhaisnéis phearsanta ag baint leat a choimeádtar. Tá sé de cheart agat freisin go ndéanfar sonraí míchearta a choigeartú agus go scriosfar Sonraí Pearsanta i gcás nach mbeidh foras dlíthiúil ann na sonraí sin a phróiseáil de réir Bheartas Coinneála Sonraí Iarnród Éireann
Tá na cearta seo a leanas agat (mír 4 de Bheartas Coinneála Sonraí Iarnród Éireann, Bealtaine 2018), i gcásanna áirithe agus faoi réir srianta áirithe, i ndáil do shonraí pearsanta:
Chun aon cheann de na cearta a leagtar amach thuas a fheidhmiú, déan dteagmháil leis an Oifigeach um Chosaint Sonraí ag dpo@irishrail.ie
Is féidir gach Tuarascáil Bhliantúil ó 2003 go dtí an lá inniu a íoslódáil i bhformáid PDF ach cliceáil anseo
NÍ FÉIDIR. Tá cosc ar tobac a chaitheamh ar na traenacha, in aon oifig nó in aon limistéar iata i stáisiún. Caitheann Iarnród Éireann le gléasanna athsholáthair leithéidí toitíní leictreonacha ar an gcaoi chéanna le toitíní traidisiúnta agus ní féidir iad a úsáid ar bord traenacha, laistigh d’oifigí nó i limistéir iata i stáisiún.
Le haghaidh eolais maidir le Cosaint Sonraí féach ar an bPolasaí um Phríobháideachas agus Fianáin.
Is féidir gearán a chur isteach faoin Acht um Mhíchumas 2005 ach teagmháil a dhéanamh le access@irishrail.ie
Ba cheart iompar frithshóisialta a thuairisciú leis an Seirbhís Téacs. Is éard is Iompar Frithshóisialta ann ná iompar atá mar chúis ciaptha, imní suntasaí nó leanúnaí, míshuaimhnis, eagla nó imeagla do dhuine eile nó a d’fhéadfadh na nithe sin a chúiseamh do dhuine eile, iompar a gcuireann isteach ar dhuine a gcuid maoin a úsáid, nó iompar a chuireann isteach ar dhuine maoin DART nó Iarnród Éireann a úsáid ar bhealach suntasach nó leanúnach.
Áirítear an méid seo a leanas (mar aon le nithe eile) leis an iompar frithshóisialta ar féidir iad a thuairisciú leis an Seirbhís Téacs: meisce in áit phoiblí, iompar mí-ordúil, loitiméireacht, agus iompar ionsaitheach nó maslach.
Nuair a chuireann tú TRAIN chuig 51444 i dtéacs, faigheann ár soláthraí seirbhíse, Sendmode do theachtaireacht téacs (ar dtús), agus ansin cuirtear ar aghaidh í chuig foireann ainmnithe de chuid Iarnród Éireann, é sin nó bíonn rochtain acu uirthi.
Tagann sé seo faoi réir aon fhadhbanna córais nó líonra, nó moilleanna ama, a bheith ann i gcónaí.
Úsáideann Iarnród Éireann an suíomh gréasáin seo a leanas chun a deiseanna tairisceana foirmiúla go léir a fhógairt.
www.etenders.gov.ie
Moltar do pháirtithe leasmhara clárú ar an suíomh gréasáin seo chun rochtain a fháil ar gach próiseas tairisceana beo.
Gheobhaidh ár soláthraí seirbhíse téacs, Sendmode, do shonraí chun cabhrú linn Seirbhís Téacs Iarnróid Éireann a chur ar fáil.
Ag brath ar nádúr na heachtra, tá seans ann go n-iarrfaí ar Iarnród Éireann do chuid eolais a chur ar aghaidh chuig na Gardaí, go háirithe más rud é go bhfuil na Gardaí ag fiosrú gníomhaíochta choiriúla ar an DART, nó ag aon stáisiún DART agus más finné thú ar choir.
Mar aon leis sin, d’fhéadfadh go mbeadh orainn do chuid eolais a chur ar aghaidh chuig ár n-árachóirí nó chuig ár gcomhairleoirí dlí mar pháirt de haon éileamh a bhaineann leis an eachtra a tuairiscíodh.
I gcás ina roinntear sonraí beidh sé á rialú ag conradh i gcomhréir le Beartas Cosanta Sonraí Iarnróid Éireann, Bealtaine 2018.
Seol an t-eochairfhocal “TRAIN”, mar aon le do chur síos ar an iompar frithshóisialta, chuig 51444
Tá sé tábhachtach go mbainfidh tú úsáid an eochairfhocal ‘TRAIN’, ós rud é gur Seirbhís Téacs Roinnte is ea an uimhir téacs 51444 – cuirfear an téacs chuig Iarnród Éireann nuair a úsáidtear an focal “TRAIN”.
Más mian leat achomharc a dhéanamh ar Fhógra Íocaíochta Socraithe, arna eisiúint duit, ní mór duit an méid sin a dhéanamh i scríbhinn nó le ríomhphost chuig na seoltaí a thaispeántar ar an admháil a bhfuair tú ón gcigire laistigh de 21 LÁ. Mura n-íocfar an Fógra Íocaíochta Socraithe, d’fhéadfaí tú a ionchúiseamh as cion cóiriúil agus d’fhéadfaí fíneáil suas le €1000 a ghearradh ort sa Chúirt Dúiche.
Má bhaineann d’iarratas le gníomhaíocht choiriúil cuir tuairisc chuig An Garda Síochána agus tiocfaidh siad i gcomhairle le hIarnród Éireann chun fístéipeanna CCTV a rochtain.
Má bhaineann d’iarratas CCTV le do chuid íomhánna pearsanta féin, déan teagmháil le dpo@irishrail.ie le d’iarratas.
Níl an tseirbhís téacs saor in aisce mar gur cuireadh in iúl d’Iarnród Éireann go bhféadfadh go bhfaighfí níos mó téacsanna bréige nó téacsanna nach bhfuil i ndáiríre dá mbeadh an tseirbhís téacs saor in aisce.
Tá sé mar aidhm ag an tseirbhís téacs eispéireas an chustaiméara a fheabhsú, gan cur isteach ar an tseirbhís ag déileáil le téacsanna cleasa.
Tá costas ann chun an téacs a sheoladh.
Tá costas an téacs ag braith ar oibritheoir gutháin an úsáideora agus ar an bplean acu.
Le haghaidh tuilleadh eolais maidir leis an ngnáthchostas a bhaineann le téacs a sheoladh, déan teagmháil le d’oibritheoir gutháin.
155 Carachtar is ea gnáththéacs
Tá,
Déan teagmháil le stáisiún deireanach na seirbhíse ar a raibh tú ag taisteal. Tá na sonraí teagmhála le haghaidh gach stáisiún ar fáil anseo: Eolas maidir le Stáisiúin.
Le haghaidh gach seirbhís isteach i Stáisiún Heuston, cuir glaoch ar (01) 703 2132 (Luan go hAoine 09:00 - 17:00).
Le haghaidh gach seirbhís isteach i Stáisiún Uí Chonghaile, cuir glaoch ar (0)1 703 2358 (Luan go hAoine 07:00 - 19:00).
nó
Seol r-phost chuig lostproperty@irishrail.ie leis an líne ábhair ‘Earraí Caillte’ agus tabhair a oiread eolais is féidir.
Tabhair faoi deara nach gcoinnímid earraí caillte ach ar feadh 30 lá.
Má tá ceist ar bith agat maidir leis an gcaoi ina ndéantar do chuid sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil, féach ar ár bPolasaí Príobháideachais (lena n-áirítear eolas maidir le sonraí a bhailiú i gcomhthéacs Sheirbhís Téacs Iarnród Éireann).
Is féidir teagmháil a dhéanamh linn freisin ag dpo@irishrail.ie
Féach ar an leathanach dar teideal Treoir maidir le hOibreacha Tríú Pháirtí
Ní ghlacann Iarnród Éireann, thar a cheann féin agus thar ceann aon chonraitheoir, fochonraitheoir, gníomhaire nó comhpháirtí, le haon fhreagracht as aon chliseadh nó mífheidhmiú teicniúil nó as aon fhadhb eile in aon líonra, seirbhís, freastalaí, soláthróir nó in aon áit eile a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le téacs arna sheoladh tríd an seirbhís ag dul ar strae, nó ina gcúis le téacs nár seoladh i gceart nó nach bhfuarthas é.
Tarscaoileann custaiméirí agus úsáideoirí eile na Seirbhíse a gceart chun aon éileamh a dhéanamh i gcoinne Iarnród Éireann ar aon dhliteanas, caillteanas, damáistí nó costais a eascraíonn ó aon fhadhbanna a d’fhéadfadh tarlú mar thoradh ar nó i ndáil le húsáid na Seirbhíse.
Bainimid úsáid as 51444 mar uimhir téacs. Sendmode a chuireann an uimhir sin ar fáil dúinn. Baineann seirbhísí eile úsáid as an uimhir 51444, rud a chiallaíonn gur uimhir roinnte is ea í.
Moltar do chustaiméirí nach gceadaítear alcól ar aon seirbhís de chuid Iarnród Éireann go dtí go bhfógrófar a mhalairt.
Ceadaítear deochanna neamh-mheisciúla, lena n-áirítear táirgí '0%' nó' 0.0%', ar bord.
Tá Iarnród Éireann tiomnaithe d’oibriú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, agus chun taistil iarnróid a chur chun cinn mar mhodh taistil inbhuanaithe ar mhaithe le hiarmhairtí cheapta teasa agus truailliú eile a laghdú. Tabhair cuairt ar an Leathanach Comhshaoil.
Is í an Chairt Chustaiméirí ná na caighdeáin feidhmíochta atá geallta ag Iarnród Éireann. Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais.
Cad é an bunús dlíthiúil a bhaineann le mo chuid sonraí pearsanta a phróiseáil nuair a bhainim úsáid as an seirbhís téacs frithshóisialta?
Ag seo thíos, an bonn dlí faoina ndéanaimid na sonraí pearsanta a ghabhann leat a bhailiú, a phróiseáil agus a aistriú:
• Chun comhlíonadh lenár n-oibleagáidí dlíthiúla agus rialála faoi Fhodhlíthe CIÉ 1984 agus faoin Acht um Shábháilteacht Iarnróid 2005
Tá Iarnród Éireann tiomanta don bhailiú sonraí dleathach, cothrom agus trédhearcach a chinntiú. Déanfar Sonraí Pearsanta a bhailiú chun críocha sonraithe sainráite dlisteanacha agus ní dhéanfar iad a phróiseáil tuilleadh ar shlí atá ar neamhréir leis na críocha sin.Déanfar Sonraí Pearsanta a phróiseáil ar bhealach atá dleathach, cothrom agus trédhearcach i ndáil leis an ábhar sonraí Sa chás seo, tá leasanna dlisteanacha ann chun na sonraí seo a bhailiú.
Is é cuspóir na próiseála seo ná cur ar chumas Iarnróid Éireann iompar frithshóisialta ar an DART nó ag stáisiún traenach a rianú agus déileáil go cuí leis agus/nó chun damáiste do mhaoin a rianú agus déileáil go cuí leis sin.
Le haghaidh tuilleadh eolais faoinár bpróiseáil sonraí pearsanta mar chuid den tSeirbhís Téacs Iarnróid Éireann, féach le do thoil ar ár bPolasaí Príobháideachais.
Níl sé i gceist againn stop a chur leis an tseirbhís mar thoradh ar iompar frithshóisialta a thuairiscítear.
Ach, i gcás eachtra éigeandála nó sábháilteachta, leanfaidh Iarnród Éireann | Irish Rail gnáthphrótacail agus d'fhéadfaí cur isteach ar sheirbhís nó ar sheirbhísí.
Ní nochtfar do shonraí pearsanta a fhaightear ón téacs don Fhoireann (seachas iad siúd atá ainmnithe chun an tSeirbhís a oibriú) ná do thríú páirtithe Is é aidhm na Seirbhíse téacs ná cuireadh a thabhairt do chustaiméirí téacs a chur go discréideach, chun eachtra d'iompar frithshóisialta a thuairisciú.
Ní bhainfidh. Ní roinnfidh Iarnród Éireann do shonraí pearsanta le tríú páirtithe ach amháin nuair is gá é chun aghaidh a thabhairt ar an eolas atá i do theachtaireacht téacs tríd an tSeirbhís Train Text agus mar a leagtar amach sna Téarmaí agus Ceisteanna Coitianta agus inár bPolasaí Príobháideachta.
Ní bhainfear úsáid as an eolas a chuireann tú ar fáil tríd an tseirbhís téacs Iarnróid Éireann chun margaíocht a chur chugat.
Mar a leagtar amach sna Téarmaí agus Ceisteanna Coitianta seo, tá conradh ag Iarnród Éireann le soláthraithe seirbhíse tríú páirtithe chun cabhrú leis an Seirbhís Téacs.
Our service providers are required to keep confidential the information received on behalf of Iarnród Éireann and may not use it for any purpose other than to carry out the services they are performing for Iarnród Éireann. These service providers may change or we may contract with additional service providers to better accommodate our customers.
Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le Scannánaíocht/Fótasheisiúin a dhéanamh ar sheirbhísí agus réadmhaoin Iarnród Éireann agus/nó Chóras Iompair Éireann cliceáil anseo