Lascainí Iontacha do Ghrúpaí de 4 phaisinéirí nó níos mó
Cuir do ghrúpa in áirithe ar líne inniu
De bharr Covid-19, níl rátaí do ghrúpaí ná lascainí ar fáil go dtí go bhfógrófar a mhalairt.
Is féidir le custaiméirí tairbhe a bhaint as lascainí iontacha do ghrúpaí ar gach bealach ar ár
líonra, nuair a dhéantar áirithint do 4 phaisinéirí nó níos mó lenár dtáille Semi Flexible.
Is furasta do thuras traenach grúpa a eagrú,
- cuir do thicéad in áirithe ar líne chun tairbhe a bhaint as lascainí iontacha,
- bailigh do chuid ticéad ag an stáisiún,
- Suigh siar agus lig do scíth ar ár gcuid seirbhísí
- Agus, má athraíonn tú do chuid pleananna, is féidir leat d’áirithint a leasú nó a chealú tríd an rannóg féinseirbhíse Mo Chuntas (suas le 24 uair an chloig roimh d’am fágála ar an gcoinníoll nach bhfuil do thicéad priontáilte, faoi réir táille 20%).
Tabhair faoi deara, go bhféadfadh táillí athrú mar gheall ar éileamh agus ar a chongáraí is atá tú
don lá taistil. Is féidir áirithintí a dhéanamh ar líne suas le 90 lá roimh d’aistear.
Tá gach áirtithint ar líne faoi réir ár dTéarmaí agus Coinníollacha..
Le haghaidh taisteal grúpa ar sheirbhísí DART agus Comaitéireachta de bhreis is 20 duine, déan
teagmháil linn ag (01) 836 6222 (idir 08:30am - 18:00pm, Luan go hAoine, seachas laethanta
saoire poiblí).