Faisnéis faoi Tháillí Iarnróid
Déan áirithint ar líne roimh ré chun leas a bhaint as na táillí gréasáin is ísle . Is é an bealach is fearr chun an táille Intercity is ísle a fháil ná an Pleanálaí Turas thuas a úsáid. Ní gá ach do riachtanais taistil a iontráil sna réimsí 'Ó' agus 'Go', roghnaigh do dháta(í) taistil agus cliceáil ar 'Téigh'.
Tá táille agus ticéad againn do gach ócáid. Mar sin féin, faoi láthair ní féidir gach teaglaim de stáisiúin a thaispeáint ach tá naisc thíos curtha ar fáil againn le rogha de na cinn is mó a bhfuil tóir orthu;

I mBaile Átha Cliath, is bealach tapaidh éasca dul timpeall Bhaile Átha Cliath an córas iarnróid leictreach ar a dtugtar DART (Mear Líne Átha Cliath). Ritheann sé feadh chósta Mhuir Éireann ó Mhullach Íde nó ó Bhinn Éadair i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath ó dheas chomh fada leis na Clocha Liatha, Co. Chill Mhantáin. Féach ar ár raon ticéad agus táillí do DART agus do chustaiméirí atá ag taisteal sa chrios turais ghairid.

Is é Iarnród Éireann agus Translink a oibríonn an bealach Baile Átha Cliath - Béal Feirste i gcomhpháirt agus tá sé éasca agus inrochtana taisteal ar iarnród ó thuaidh nó ó dheas den teorainn. Féach ar ár raon ticéad agus táillí don bhealach seo lena n-áirítear faisnéis faoi tháillí do stáisiúin idirmheánacha Baile Mhic Gormáin, An Inse, Droichead Átha, Dún Dealgan, an tIúr, Port an Dúnáin agus Lios na gCearrbhach.

Féach ar ár raon ticéad agus táillí dár mbealach Baile Átha Cliath - Gaillimh lena n-áirítear stáisiúin idirmheánacha Tulach Mhór, Clóirtheach, Baile Átha Luain, Béal Átha na Sluaighe, Móta, Áth Tíomáin agus Baile Átha an Rí.

Féach ar ár raon ticéad agus táillí dár mbealach Baile Átha Cliath - Corcaigh lena n-áirítear stáisiúin idirmheánacha Na Solláin & An Nás, an Droichead Nua, Cill Dara, Mainistir Eimhín, Cúil an tSúdaire, Port Laoise, Baile Uí Bhróithe, An Teampall Mór, Durlas, Acomhal Luimnigh, An Ráth agus Mala.

Féach ar ár raon ticéad agus táillí dár mbealach Baile Átha Cliath - Luimneach / Inis lena n-áirítear stáisiúin idirmheánacha Na Solláin & An Nás, an Droichead Nua, Cill Dara, Mainistir Eimhín, Cúil an tSúdaire, Port Laoise, Baile Uí Bhróithe, An Teampall Mór, Durlas, Acomhal Luimnigh, agus Droichead Abhann Ó gCearnaigh.

Féach ar ár raon ticéad agus táillí dár mbealach Baile Átha Cliath - Sligeach lena n-áirítear stáisiúin idirmheánacha Cill Choca, An Bóthar Buí, Muileann gCearr, Meathas Troim, Longfort, Dromad, Cora Droma Rúisc, Mainistir na Búille, Baile an Mhóta agus Cúil Mhuine.

Féach ar ár raon ticéad agus táillí dár mbealach Baile Átha Cliath - Dún Dealgan lena n-áirítear stáisiúin idirmheánacha Baile Mhic Gormáin, An Inse agus Droichead Átha.

Féach ar ár raon ticéad agus táillí dár mbealach Baile Átha Cliath - Dún Dealgan lena n-áirítear stáisiúin idirmheánacha Baile Mhic Gormáin, An Inse agus Droichead Átha.

Féach ar ár raon ticéad agus táillí dár mbealach Baile Átha Cliath - Cathair na Mart / Béal an Átha lena n-áirítear stáisiúin idirmheánacha An Tulach Mhór, Clóirtheach, Baile Átha Luain, Ros Comáin, an Caisleán Riabhach, Béal Átha hAmhnais, Clár Chlainne Mhuiris, Béal Easa agus Caisleán an Bharraigh.

Féach ar ár raon ticéad agus táillí dár mbealach Baile Átha Cliath - Trá Lí lena n-áirítear stáisiúin idirmheánacha Na Solláin & An Nás, an Droichead Nua, Cill Dara, Mainistir Eimhín, Cúil an tSúdaire, Port Laoise, Baile Uí Bhróithe, An Teampall Mór, Durlas, Acomhal Luimnigh, An Ráth, Mala, Bántír, Sráid an Mhuilinn, An Ráth Mhór, Cill Airne agus An Fearann Fuar.

Féach ar ár raon ticéad agus táillí dár mbealach i mBaile Átha Cliath - Ros Láir lena n-áirítear stáisiúin idirmheánacha Cill Chúil, Cill Mhantáin, Ráth Droma, An tInbhear Mór, Guaire, Inis Córthaidh, Loch Garman agus Trá Ros Láir.

Féach ar ár raon ticéad agus táillí dár mbealach Corcaigh - Cóbh / Mainistir na Corann lena n-áirítear stáisiúin idirmheánacha An tOileán Beag, An Gleanntán, Fóite, Carraig an Lua, Rushbrook agus Carraig Thuathail.

Féach ar ár raon ticéad agus táillí dár mbealach Corcaigh - Trá Lí lena n-áirítear stáisiúin idirmheánacha Bántír, Sráid an Mhuilinn, An Ráth Mhór, Cill Airne agus An Fearann Fuar.

Is féidir le custaiméirí taisteal ó Bhaile Átha Cliath - Tiobraid Árann tríd an gcraobhlíne Phort Láirge. Féach ar ár raon ticéad agus táillí don bhealach seo lena n-áirítear stáisiúin idirmheánacha Thiobraid Árann, An Chathair, Cluain Meala, Carraig na Siúire agus Port Láirge.

Ba í Conair Iarnróid an Iarthair an líne iarnróid is déanaí a osclaímid agus nascann sé Gaillimh le Luimneach ar an iarnród. Féach ar ár raon ticéad agus táillí don bhealach seo lena n-áirítear stáisiúin idirmheánacha Creachmhaoil, Ard Raithin, an Gort, Inis agus Droichead Abhann Ó gCearnaigh.

Tá Baile Átha Cliath agus Luimneach nasctha ar an iarnród go díreach (líne bhrainse an Aonaigh) agus go hindíreach (trí Acomhal Luimnigh). Féach ar ár raon ticéad agus táillí dár mbealach Baile Átha Cliath - Caisleán Uí Chonaill lena n-áirítear stáisiúin idirmheánacha Ros Cré, Cloch Shiurdáin, An tAonach agus Cnocán an Éin Fhinn