Seirbhísí Iarnród Éireann

Cuireann líonraí DART & Comaitéirí Iarnród Éireann seirbhísí ardmhinicíochta ar fáil do chomaitéirí isteach i gcroílár ár gcathracha is gnóthaí.

Cuireann Iarnród Éireann lenár gcomhpháirtithe; Rail Gourmet agus Corporate Catering seirbhísí lónadóireachta iomlána ar bord ar fáil d’Iarnród Éireann. Tá raon leathan de thairiscintí táirge acu ó bhia te agus sneaiceanna go deochanna agus cístí. *Tabhair le fios le do thoil go bhfuil seirbhísí lónadóireachta ar fionraí faoi láthair mar gheall ar COVID-19.

Soláthraíonn Lastas Iarnród Éireann raon cuimsitheach seirbhísí lastais do chustaiméirí bhulclastas agus lastas ar aghaidh.

Nascann seirbhísí InterCity bailte agus cathracha éagsúla in Éirinn le seirbhísí iarnróid tapa, d'ardchaighdeán do dhaoine gnó, do thurasóirí agus do thaistealaithe eile.

Is é Europort Ros Láir an pointe is gaire ó chuid theas na hÉireann go dtí an Ríocht Aontaithe agus Mórthír na hEorpa agus is é an mol do na mórsheirbhísí paisinéirí agus lasta go léir a fheidhmíonn na bealaí i ndeisceart Mhuir na hÉireann agus na Mór-Roinne.